Teanga Eorpach shláintiúil chumasach í an Ghaeilge agus an Titlíoch i mbun pinn

Léiríonn an sárchnuasach scéalta is déanaí ó Alan Titley an gá téarma nua a chur leis an nGaeilge  - an cur chuige Titlíoch

Teanga Eorpach shláintiúil chumasach í an Ghaeilge agus an Titlíoch i mbun pinn

Ag dul i bhfad
Alan Titley
Cló Iar-Chonnacht, €15

Is minic a bhíonn muid ag caint ar fhorbairt na teanga. Tá an t-am ann, dá réir sin, téarma nua a chur léi: an cur chuige Titlíoch. Tig leat an frása seo a úsáid agus fiontar liteartha ar siúl agat atá tíriúil, graosta, greannmhar, dúshlánach, difriúil, samhlaíoch, maslach, grámhar, gonta, foclach, dána, éachtach, géarchúiseach, neamhspleách.

I mbeagán focal, saothar nach bhfuil a mhacasamhail eile le fáil.

Tugann an cúpla focal ar chúl an chnuasaigh nua scéaltaí seo, Ag Dul i bhFad (Cló Iar-Chonnacht, €15) le Alan Titley, le fios go bhfaighidh tú ann ‘scéalta traidisiúnta ar an seandéanamh, fabhalscéalta, scéalta óige, eachtraí iomána agus peile, bréaginsintí éagsúla, scéalta gaisce agus rómánsaíochta, ábhar sractha le fórsa ón mbéaloideas…’.

Bhuel, más scéalta traidisiúnta cuid acu, ní bréaginsint a rá go bhfuil siad uilig scríofa ar an mhodh neamhspleách, is é sin, leis an chur chuige Titlíoch. (Féach thuas.) Bua eile ar fiú a lua go gcruthaíonn Titley saol atá iomlán, iomlán, iomlán, á mhaireachtáil i nGaeilge. Níl forlámhas ag an Bhéarla i bhfearann liteartha seo Titley; tháinig an Ghaeilge slán ón lámh láidir. Cinnte, caitear focal nó dhó Béarla isteach, ar nós mar a chaitear isteach iad i ngach aon teanga chomhaimseartha Eorpach ar na saolta seo, ach teanga tíre atá anseo, teanga nár cloíodh, teanga Eorpach shláintiúil chumasach.

16 scéal ar fad atá ann agus 415 leathanach. Ní mholfainn don léitheoir iad a léamh ó thús deireadh in aon iarraidh amháin ach fad ama a thabhairt don fhiontar agus seal gan deifir a chaitheamh i measc na bportráidí. Tá saothar anseo nach bhfuil ann ach mír – splancscéal le béarlagair na haoise seo a thabhairt air – ach is fada Titley i mbun an ghnáis sin; bhí sé sa stá aige sula raibh sé sa stá ag duine ar bith eile.

Dánlann dhlúthphearsanta an údair atá anseo; ballaí bána na leathanach líon lán le dúch a spreagann an tsúil agus an t-anam. Seo ar dheis portráid thraidisiúnta ar chúrsaí iomána nó peile ach casadh dá chuid féin a bhaineann an t-údar as an ábhar le go gceaptar in eangach annamh thú.

Tá, leis an chliché a úsáid, a chuid féin déanta den tsaothar aige. Tá scéal de chuid na hÉireann agat – bunscoil, múinteoir, páistí, sagart, spórt – ach tiontaíonn Titley an scéal rud beag, agus rud beag eile, agus imíonn tú leat ina chuideachta go ceann scríbe nach raibh súil agat leis.

Sampla breá eile den chur chuige Titlíoch atá sa scéal ‘Amrista’r, nod do go leor seánraí agus líon lán leis an chineál dalba cainte sin a chleachtann an t-údar go minic: é ag spochadh as Maigh Eo agus é ag cothú tírdhreach Gotach agus scéal bleachtaireachta in aon iarraidh amháin; ‘dúnmharú’ madaidh,  mar dhea, atá mar thús an scéil, ach lúbann sé an plota oiread go leor leis an léitheoir a choinneáil ar bís agus, sea, tá macalla foréigin agus staire i scéal atá ainmnithe Amristar.

Scéal ar leith atá ann, i measc mórán scéalta ar leith, agus línte ann nach mbeadh ag an dara scríbhneoir: ‘Bhí beirt rábairí istigh romham, caipín ar chloigeann duine amháin, agus cúpla ribe gruaige mar a chaithfí dos feamainne trasna ar charraig ar an duine eile.’

Dos feamainne trasna ar charraig! Agus tchí tú agus aithníonn tú láithreach cad é atá i gceist aige mar is minic a chonaic tú ‘dos feamainne trasna ar charraig’ ach gan na focail a bheith agat don radharc mar atá ag Titley.

Dánlann, a dúirt mé? B’fhéidir gurbh fhearr a d’fhóirfeadh an focal ‘cineamatach’ sa chás seo de. Ba bhreá leat an scéal seo a fheiceáil ar an scáileán, beag nó mór; rithfeadh sé leat go ndéanfadh sé ábhar maith scannáin, ar nós Knives Out le Rian Johnson ach cliar anchúinseach seo na Gaeilge ag Titley os ár gcomhair, iad ag caint ar dhóigh dhifriúil agus i mbun rudaí difriúla.

An cur chuige Titlíoch.

Fág freagra ar 'Teanga Eorpach shláintiúil chumasach í an Ghaeilge agus an Titlíoch i mbun pinn'