Toisí: 10.5 x 12 “,
80 lch
63 pláta
ISBN: 978-1-59005-596-0
Nazraeli Press/ Setanta Books a d’fhoilsigh
$75.00
An bhliain: 1987. An áit: Deisceart na Fraince. Mar a deir an grianghrafadóir, Steinmetz, sa Réamhrá, ré eile a bhí ann. Ní raibh an fón póca ann ná an ceamara digiteach. Chun bualadh le duine, bhí ort am agus áit a shocrú agus cloí leis an gcoinne sin. Bhraitheamar, a deir sé, go raibh na séasúir níos faide an uair úd agus tríd is tríd, bhí níos mó ama ag daoine. Ní raibh na páirceanna, na músaeim, na stáisiúin traenach chomh plódaithe is atá siad inniu.
Lig rithimí an tsaoil dúinn a bheith níos mó ar ár suaimhneas. Bhí daoine buartha an uair úd ach ní chomh buartha is atá siad inniu.
Cé a déarfadh nach bhfuil an ceart aige?
ÉIGRITÍ MAORGA
Bheadh a fhios agat go raibh traenáil sa líníocht faighte ag an ngrianghrafadóir Fenqiang Liu. Éigrití maorga Florida an téama a bhaineann le tionscadal leanúnach leis, Secret Garden. Cuireann sé fonn orm haiku a chumadh a bheadh ag freagairt ar chuma éigin dá shaothar lonrach:
parthas?
timpeall an chúinne
uainn
Carraig
An-deas!
JP
“parthas…
timpeall an chúinne
uainn? ”
Ná deas an smaoineamh é….gan an cúinne áirithe sin a bheith casta againn fós.
Friotal álainn lom leagtha aige air.