Ba iad bacainn agus imshuí téarmaí an trátha. Níor thúisce bacainní ar sheirbhísí riachtanacha ó dheas fuascailte nó chothaigh imshuí Mheiriceá ar Mhurascaill na Peirse scéin agus contúirt nua. Cé nach fios cén toradh a bheidh ar racht feirge an Uachtaráin Trump ó thaobh cogaíochta ba léir na ciallachais do chostais mhaireachtála. Nuair a chuirtear san áireamh an ghuagacht a cothaíodh cheana féin cén t-iontas imní a bheith forleathan faoina bhfuil i ndán dúinn.
Bhí praghas an bhreosla ag goilliúint ar mhóramh an phobail i dTuaisceart Éireann cé go raibh artola agus díosal ábhairín níos saoire abhus ná sa deisceart. Buille an-trom ar phobal an Tuaiscirt is ea an méadú ollmhór ar chostas an cheirisín don teas lárnach; córas teasa ola atá ag formhór na ndaoine.
Ó thuaidh nocht feilméaraí, conraitheoirí agus lucht iompar comhbhá le lucht na léirsithe sa Phoblacht ach díol suntais ab ea é nár tharla ach corr-agóid. Dé Sathairn chuaigh scuaine feithiclí thar teorainn ó iarthar Thír Eoghain go Leifear i gCo Dhún na nGall mar thaca le léirsitheoirí agus ansin d’fhill abhaile. Bhí gairm go leor chun léirsithe ar mheáin shóisialta ach ba bheag a tharla, go dtí seo ar aon nós. Murab ionann agus an deisceart, díol suntais ab ea é nár deineadh iarracht ar bith chun cur as do sheirbhísí riachtanacha agus nach raibh éinne ag éileamh go ruaigfí Feidhmeannas Stormont as oifig.
Bhí brú ar Stormont áfach chun a theacht i gcabhair ar dhaoine. Bhuail Cumann na bhFeilméaraí, an UFU, le páirtithe in Stormont Dé Luain roimh thaisteal go Westminster ag éileamh cabhrach. Dúirt uachtarán an UFU, William Irvine go raibh feilméaraí i gcruachás de bharr an ardaithe ar phraghas breosla, fuinnimh, agus leasaithe. Bhí pacáistí chun cuidiú le hearnáil na talmhaíochta curtha i bhfeidhm ag cúig cinn de thíortha na hEorpa agus ag an bPoblacht a dúirt Irvine ach gan aon ní déanta abhus.
Sa deireadh ba é an tomhaltóir a bheadh thíos leis, ar sé, cé go raibh an UFU ag iarraidh an toradh sin a sheachaint.
Mar is gnách ba é an scéal as Stormont nach raibh siad in acmhainn faoiseamh a thabhairt cheal deontais ó Westminster. Scríobh na Chéad-Aire Michelle O’Neill agus an LeasChéad-Aire, Emma Little-Pengelly chuig an bPríomh-Aire Starmer le gairid ag iarraidh ciste cabhrach a d’fhéadfaí a dháileadh ar dhaoine i gcruatan abhus.
Fuair Stormont £17 milliún an mhí seo caite ó Whitehall chun cuidiú le costas teasa. Níor dáileadh é fós. Mhaígh Alliance agus SDLP, an freasúra sa bhFeidhmeannas, gurb é sáraíocht Shinn Féin agus an DUP ar a chéile faoi cén roinn a bhí freagrach as an ngnó faoi ndear an mhoill. D’fhógair ceannaire an DUP go gcuirfeadh an tAire Pobal Gordon Lyons scéim faoi bhráid a chomhghleacaithe an tseachtain seo agus go mbeadh sé ag éileamh go gcuirfí leis an £17 milliún. Tá súil go bpléifidh an Chomh-aireacht an plean amárach.
Tuairiscíodh gur dhúirt Michelle O’Neill go dtabharfadh sí a tacaíocht do phlean chun an ciste teoranta sin a roinnt orthu siúd ba mhó call leis. Dúirt sí, áfach, go raibh acmhainní Stormont gann agus gurb é rogha rialtas na Breataine airgead a chaitheamh ar mhíleatú seachas ar dhaoine agus gnólachtaí a bhí buailte ag an ngéarchéim bhreosla.
Má thaitníonn an gearán faoi Westminster le lucht leanta Sinn Féin, ní shásóidh sé daoine atá ar an bhfaraor géar. Beifear ag súil le cinneadh ó chruinniú an Fheidhmeannais amárach; tá sé thar am acu. Fiú más suarach an ciste cabhrach atá acu b’fhearr mar chabhair é ná tada; nuair a bhíonn ocras ar dhuine bíonn blas ar an mbeagán.
Fág freagra ar 'Cabhair le costas breosla de dhíth go géar ó thuaidh'