Tá sé 410 bliain an tseachtain seo ó léigh Theobald Stapleton, an chéad duine a rinne iarracht simpliú a dhéanamh ar chóras litrithe na Gaeilge, a chéad aifreann.
As Tiobraid Árainn ó dhúchas, oirníodh Stapleton ina shagart i Maidrid na Spáinne agus léigh sé a chéad aifreann ar an 25 Márta 1616. Fiche a trí bliain níos deireanaí, sa mbliain 1639, d’fhoilsigh sé an chéad leabhar teagasc Críostaí sa nua-Ghaeilge mhoch.
Bhí Stapleton ag iarraidh go gcuirfí an t-eolas ar fáil go simplí agus é clóite i ‘leitreacha coitcheanna Romhanacha’. Níl mórán ar eolas faoi thús a shaoil ach go raibh cónaí air sa bhFlóndras ar feadh tréimhse.
Chuaigh sé go dtí an Spáinn ina dhiaidh sin agus bhunaigh Coláiste na nGaedheal i Sevilla sa bhliain 1612 agus oirníodh é ina shagart i Maidrid ceithre bliana ina dhiaidh sin.
Tháinig sé ar ais go hÉirinn, ní fios go díreach cén uair, agus is i rith an ama sin a shocraigh sé go raibh gá le leabhar Teagasc Críostaí i nGaeilge a bheadh scríofa sa teanga labhartha.
Rinne sé simpliú ar an litriú freisin agus é ag iarraidh córas caighdeánaithe litrithe a chur i bhfeidhm. I measc na n-athruithe a rinne sé, tá an litriú ‘suí’ curtha in áit ‘suidhe’ aige agus ‘uafás’ in áit ‘uathbhás’.
Bhí sé ag iarraidh go mbeadh an gnáthdhuine in ann an caiticeasma a léamh is a thuiscint go héasca agus cháin sé an t-aos liteartha ag rá ‘noch is údair don teanga a chur fá fhordhoircheacht agus cruas focal, á scríobh i nodaibh agus foclaibh diamhra dorcha dothuisceana’ agus na huaisle ‘a bheir a dteanga dhúchais nádúrtha i dtarcaisne agus i neamhchion’.
Níor chabhraigh an cáineadh lena fheachtas preaschumarsáide, is dóigh gur thug sé an iomarca íde béil don literati agus go ndearna siad neamhaird dá chaiticeasma nuair a foilsíodh é.
Sa mbliain 1647, i rith Léigear Chaisil, ghlac sé tearmann in Ardeaglais Naomh Pádraig ar Charraig Phádraig, áit ar gabhadh agus ar cuireadh chun báis é in éineacht le seisear sagart eile. Bheannaigh an Pápa Eoin Pól é sa bhliain 1992 ar dhuine de Mhairtírigh Chaitliceacha na hÉireann.
Praghas an Pheitril
Léiriú ar shaol an lae inniu é an t-ainm a bhí ar an bhfoireann a bhuaigh an comórtas don ainm foirne is fearr ag quiz boird scoile a raibh mé aige i rith na seachtaine.
‘Praghas an Pheitril’ a bhí baiste ar an bhfoireann teaghlaigh agus bhuaigh siad bosca seacláide agus leathdhosaen muifíní. Séard is fearr a thaitneodh leo, seans, mar dhuais ná luach an pheitril a thabharfadh abhaile arís iad ón tráth na gceist boird.
Bíonn daoine fós ag caint ar an ngéarchéim ola a bhí ann sna 1970idí agus is cosúil go bhfuil imní ann go bhféadfadh sé a bheith níos measa arís an iarraidh seo.
Chuala mé caint agus mé ag fás aníos ar fhear ar an mbaile a raibh seanghliogar de Jaguar ceannaithe aige cúpla seachtain sular thosaigh an ghéarchéim ola i 1973.
Is cosúil go raibh peitreal ar fáil ar idir 5 agus 7 bpingine an lítear ag tús na 70idí, is gur tháinig dúbailt ar an bpraghas in achar an-ghairid. Faoi 1974/75, bhí idir 10 agus 15 pingin ar lítear peitril.
Ní raibh sé d’acmhainn aige an carr a líonadh nuair a tháinig an méadú mór ar phraghas an pheitril agus bhí an Jaguar bocht fágtha ag sú na gréine ar chúl an tí agus gan éinne sásta é a cheannacht uaidh ach an oiread.
Dúirt duine eile liom go raibh an peitreal chomh gann sin go mbíodh garáistí ag déanamh ciondáil air – gan a dhíol ach luach chúig phunt le haon charr, ach thugadh na cúig phunt sin an ‘mini’ go Baile Átha Cliath agus ar ais go Conamara!
Fág freagra ar '‘Foclaibh diamhra dorcha dothuisceana’/ praghas an pheitril'