Casadh bean orm an lá cheana agus mé ag fanacht le dhul ag dráma. Bhí an bheirt againn inár suí ag an gcaifé gar don doras. Caithfidh sé go gceapann daoine go mbímse de shíor ag ól caife. B’fhéidir go bhfuil an ceart acu. Ach níos minice ná a chéile is ann a chastar daoine orm – daoine a thosaíonn ag caint chomh luath agus a fhaigheann siad an deis.
Uair amháin ba sa bpub a chasadh daoine ar dhaoine eile agus ba ansin a bhíodh na comhráite ba shuimiúla le fáil. Cuimhním ar Dhónall Mac Amhlaigh, fear a mbíodh an nós sin aige. Ach níl an t-uafás againn ag dul ag an bpub níos mó.
Ar aon nós, bhí sí léi féin agus cuma cineál uaigneach uirthi. Thosaigh muid ag caint – faoi bhusanna, i dtosach. D’inis sí dom faoin mbus a théann an bealach ar fad ó Bhaile na Manach chomh fada le Stáisiún Heuston. De réir a chéile atá sí ag dul i dtaithí ar na busanna sa taobh seo ó d’aistrigh sí teach, a dúirt sí.
Bhí trua agam don chréatúr. Ina haonar ag an dráma agus í ag dul i dtaithí ar na bealaí éagsúla saorthaistil sna bólaí seo.
‘Tá mé ag fanacht in árasán an fhad is atá caoi á chur ar mo theach i mBaile na Manach,’ ar sise. ‘Agus tá óstán curtha in áirithe agam ansin nuair a chríochnóidh mo léas ar an árasán.’ Bhain sin stad asam.
Bhí tuin láidir na Breataine aici – tuin atá coitianta go maith fós i gceantracha áirithe i ndeisceart an chontae – Dún Laoghaire, Baile na Manach, Deilginis agus a leithéid.
Ach ansin shleamhnaigh sí isteach i gcomhrá faoin stair – cúrsaí díshealbhaithe talún agus an imirce. Ar ndóigh bhíomar ag fanacht le dhul ag dráma faoin inimirce – b’fhéidir gurb in é a chuir ar an mbóthar sin í.
‘Tá mé ag smaoineamh ar an drochíde a tugadh do mhuintir na tíre seo i Sasana – cuimhním ar na comharthaí ‘No Blacks, No Irish, No dogs,’ a dúirt sí.
Bhuel, a dúirt mise liom féin, drochsheans gur cuireadh do mhuintirse ó dhoras as droch-‘digs’ i gCamden Town. Ach choinnigh mé mo bhéal dúnta.
‘Ceapaim gur oibrithe deonacha iad siúd atá i mbun na dticéad san amharclann seo’ (an Pavilion), arsa sise, ag breathnú thart uirthi.
‘Rinne mise obair den chineál sin uair amháin in Amharclann an Globe,’ arsa sise. Cúpla uair sa tseachtain théadh sí isteach san amharclann atá tiomnaithe do Shakespeare i Londain agus dhéanadh sí oíche oibre ann. Ar ndóigh chonaic sí na drámaí mór le rá ar fad le linn na tréimhse sin, a dúirt sí. An t-aon rud a chuir isteach uirthi ná nach raibh cead ag na hoibrithe deonacha suí síos – bhí na suíocháin coinnithe dóibh siúd a bhí ag íoc.
‘Bhí árasán agama ar an mBruach Ó Dheas,’ arsa sise.
‘Is dócha gur dhíol tú é nuair a tháinig tú go Baile Átha Cliath’ a dúirt me féin. ‘Ó níor dhíol,’ arsa sise. ‘Tá sé fós i mo sheilbh.’ Bhreathnaigh mé ar na fógraí ar pháipéar Sasanach an tráthnóna sin agus d’fhéadfá suas le £10 milliún punt sterling a íoc ar árasán ar an mbruach theas d’abhainn an Thames.
Anois bhí mé cinnte dearfa nár díshealbhaíodh í ná nár tugadh drochíde dá muintir i Sasana. Ach bhí an síol ag fás i m’intinn go raibh cosúlachtaí idir í agus an bhean a casadh orm roinnt míonna ó shin, a raibh a gairdín cúil faoi thuilte. Ba léir go raibh an galar ‘néaltrú’ ar an mbean bhocht sin. Ach, thóg sé tamall orm ag an am a cás a thuiscint.
Bhí mé fós ag smaoineamh ar bhean na hamharclainne – an bhean seo a raibh cos in dhá dhomhan aici uair amháin agus a raibh an stair sórt trína chéile ina hintinn aici – nuair a shuigh mé síos ag an dráma.
Refuge an teideal a bhí air agus léiriú de chuid Féile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath a bhí ann. Agus bhí gné ar leith ag baint leis – ba chomhléiriú é idir Complacht Gearmánach, Staattheater Mainz agus Fishamble i mBaile Átha Cliath.
Bhain an dráma le scéal na n-inimirceach as an bPalaitín sa nGearmáin agus an chaoi ar caitheadh leo sa tír seo.
Luath sa tráthnóna an lá céanna, agus mé ar no bhealach amach ón traenáil don bhádóireacht dragain, casadh duine den dream sinsearach sa chlub orm agus d’inis sí dom gur shíolraigh sí féin, trína seanathair, ón bpobal Palaitíneach i Luimneach.
Caithfidh mé a admháil nach mórán cur amach a bhí agam roimhe sin ar an dream sin as an nGearmáin a tháinig anseo trí chéad bliain ó shin. Ba chosúil gur caitheadh go dona leo agus de réir a chéile d’imigh go leor acu as ais chun na Gearmáine. Díbríodh as an nGearmáin iad an chéad lá de bharr a gcreideamh Protastúnach agus d’imigh siad ar imirce chuig go leor tíortha, Éire ina measc.
Ach measadh sa tír seo gur cuid eile den ‘Phlandáil’ Protastúnach a bhí iontu agus níor ghlac an pobal áitiúil leo. Bhí roinnt mhaith acu ina gcónaí i Luimneach, áit a bhfuil an dráma seo suite. Tá téamaí inimirce ann, téamaí grá, téamaí foréigin ar dhaoine agus ar ainmhithe, agus ba dheacair éisteacht leis in amanna.
Ag deireadh an dráma, tugadh bualadh bos mór dó agus tuigim gur tugadh léirmheasanna an-dearfach dó freisin. Bheinn féin idir dhá comhairle toisc gur mheas mé gur shroich sé buaicphointe drámatúil ina lár ait éigin agus ba dheacair an teannas drámatúil a choinneáil ag imeacht ina dhiaidh sin.
Ní fhaca mé mo chara ó Bhaile na Manach tar éis an dráma. An bhfuil árasán aici ar an mBruach Theas i Londain? Ní fios. Ach áit éigin, siar ina stair phearsanta, tá scéal aici nó bhí scéal ag a muintir agus ní féidir liom mo mhéar a leagan ar fhírinne an scéil sin. Beidh orm dul ag dráma éicint eile sa Pavilion anois agus mé ag súil go gcasfar ar a chéile arís sinn.
Fág freagra ar 'Inimircigh, imircigh, strainséirí, agus daoine difriúla…'