Tá deireadh corrach i ndán d’uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach as seo go deireadh na bliana. Deich mbliana tar éis an reifrinn sa mBreatain ar bhallraíocht san Aontas agus an crá croí a bhain leis do pholaitíocht an oileáin seo, tá caidreamh na tíre sin leis an Aontas ina ábhar cainte arís.
Tá an cruinniú mullaigh le plé a dhéanamh ar an gcaidreamh idir Londain agus an tAontas, arbh éigean é a chur ar athló de bharr cheapadh Andy Burnham mar phríomhaire, socraithe sa bhféilire anois don 20 Samhain.
Tá sé soiléir go bhfuil caidreamh níos dlúithe ar intinn ag príomhaire nua na Breataine ach go gcaithfidh sé a bheith ar a airdeall faoin bpolaitíocht sa mbaile agus leithéid Reform go mór chun cinn sna pobalbhreitheanna. Ní dhéanfar iarracht an Bhreatain a thabhairt ar ais isteach san Aontas Eorpach roimh an gcéad olltoghchán eile sa Bhreatain, a deir Burnham ach níl sé curtha as an áireamh ar fad aige.
Tá go leor tráchtairí sa mBreatain den tuairim go mbeadh na cosa beaga ag rith ón mBruiséil le fáilte a chur ar ais rompu. Cúrsaí cosanta agus slándála is cúis lena dtuairim ach ar ndóigh is iomaí ábhar eile a bhíonn le réiteach ag bord an Aontais agus gan baint ná páirt acu le maoiniú cosanta.
Idir an dá linn, tar éis don rialtas a gcuid moltaí buiséid a chuir i láthair na mballstát an deireadh seachtaine seo caite, is anois a thosóidh an chaint agus an idirbheartaíocht dháiríre faoi na ciorruithe atá molta. Tá fáilte ag na tíortha tíosacha i dTuaisceart na hEorpa (faoi cheannas na Gearmáine) roimh na moltaí go ngearrfaí €141 billiún as an mbuiséad as seo go ceann seacht mbliana. Tá seacht mball stát déag nach bhfuil sásta leis an gciorrú atá le plé an dá lá seo ag cruinniú mullaigh.
Údar eile go bhfuil an plé ar chaidreamh leis an mBreatain tráthúil freisin faoi láthair is ea an plé faoin mbá atá ag tíortha leis an Aontas. Beidh toghcháin idir seo agus earrach na bliana seo chugainn sa bPolainn, san Iodáil, sa Spáinn agus sa bhFrainc agus páirtithe atá amhrasach faoi bhallraíocht san Aontas lárnach sa bhfeachtas. Tá sé admhaithe cheana féin ag oifigigh sa mBruiséil go mbeidh sé deacair aon dul chun cinn a dhéanamh ar cheisteanna Eorpacha fad agus atá cúrsaí eacnamaíochta na Fraince ina gcíor thuathail agus agóidí ar na sráideanna agus Marine Le Pen i bhfad chun cinn sna pobalbhreitheanna.
Ní bheidh Micheál Martin agus a rialtas ag iarraidh nead easóg an Bhreatimeachta a tharraingt orthu féin arís le linn teannais faoi mhórshiúlta Oráisteacha agus i bhfoisceacht sé mhí do thoghchán comhthionóil ó thuaidh den teorainn. Mar sin féin, mar uachtaráin ar chomhairle an Aontais idir seo agus deireadh na bliana tá dualgas ar an rialtas an cás is fearr don Aontas a chur chun cinn agus má chiallaíonn sin caidreamh níos fearr agus níos dlúithe leis an mBreatain, is mar sin a bheidh. Tabharfaidh an caidreamh nua sin ábhar dóchais freisin do na páirtithe atá ag moladh cúlú ó bhallraíocht san Aontas.
An dúshlán is mó a bheidh ann sna míonna seo romhainn gur féidir droim láimhe a thabhairt don Aontas lá amháin agus caidreamh nua comhtháite a éileamh lá arna mhárach.
Fág freagra ar 'Ní féidir nead easóg an Bhreatimeachta a sheachaint go deo'