Beidh Lasta HTG, clár nua ó mhná an phodchraolta aitheanta ‘How To Gael’, Louise Cantillon, Doireann Ní Ghlacáin, agus Síomha Ní Ruairc, i measc na gclár ‘Gaeilge agus dátheangach’ a gheobhaidh beagnach leath an mhaoinithe atá fógartha ag Coimisiún na Meán do chláir raidió agus theilifíse sa bhabhta is déanaí den scéim Fuaim agus Fís.
Sraith shiamsaíochta “ghéarchúiseach” a bheidh in Lasta HTG a léireoidh Iris Productions agus a chraolfar ar TG4. Cláir uair an chloig a bheidh “lán d’fhuinneamh taobh istigh de shíbín comhaimseartha le haíonna móra, ceol beo, greann, agus craic” a bheidh sa tsraith nua. Maoiniú €500,000 a ceadaíodh don togra.
Beidh scannán nua teaghlaigh i nGaeilge bunaithe ar an úrscéal The Island of Horses leis an údar Eilís Dillon ar cheann eile de na tograí a mhaoineofar.
Tá €2.9 milliún curtha i leataobh ag Coimisiún na Meán do chláir “Ghaeilge agus dhátheangacha” ón maoiniú €6.4 milliún a d’fhógair siad inné – 45% den mhaoiniú iomlán.
Dúirt Coimisinéir Forbartha Choimisiún na Meán, Rónán Ó Domhnaill, go dtacóidh an maoiniú le “cruthaitheacht agus inbhuanaitheacht” in earnálacha an chraolacháin agus an léiriúcháin neamhspleáigh.
“Tacóidh breis agus €2.9 milliún le tionscadail Ghaeilge agus dhátheangacha agus méadóidh sé seo raon agus foinsí ábhar clársceidealúcháin Ghaeilge ar fud réimse leathan de chainéil,” a dúirt Ó Domhnaill.
Bronnfar an €6.4 milliún a fógraíodh ar “réimse leathan léiriúchán nua” raidió agus teilifíse, faoin scéim maoinithe Fuaim agus Fís. Craolfar na cláir Ghaeilge agus dhátheangacha a fuair maoiniú faoin scéim ar Cúla4, TG4, RTÉ One, Raidió na Gaeltachta, Connemara Community Radio, OireachtasTV, Midlands 103, ClareFM, Dublin CityFM, RTÉ 2, agus Radio Kerry.
Fuair cúig thogra lán-Ghaeilge maoiniú faoin scéim agus 11 togra ‘dátheangach’. Bronnadh airgead ar 58 togra ar fad – €725,000 ar 47 togra raidió agus €5.6 milliún ar 21 togra teilifíse. Rinneadh 172 iarratas ar fad ar an scéim agus lorgaíodh €20.3m.
Dúirt Coimisiún na Meán go bhfuil “ró-éileamh” ar an scéim agus nárbh fhéidir na hiarratais ar fad a cheadú.
“Cuireadh líon suntasach iarratas ar ardchaighdeán isteach lena measúnú, go háirithe tionscadail Drámaíochta Teilifíse, idir shraitheanna agus phríomhscannáin,” a dúradh i ráiteas.
Tagann cuid den mhaoiniú don scéim Fís agus Fuaim ó tháillí ceadúnais agus tagann €1.46 breise ón státchiste, airgead a cheadaigh an tAire Cumarsáide Patrick O’Donovan.
“Le fiche bliain anuas, tá scéim Fuaim agus Fís ina huirlis ríthábhachtach chun éagsúlacht chruthaitheach agus chultúrtha na tíre a chosaint, a chaomhnú agus a chothú, ag soláthar tacaíochta thar a bheith luachmhar chun ábhar ardchaighdeáin seirbhíse poiblí a léiriú.
“Leis an maoiniú breise atá á chur ar fáil agam áiseofar tacaíocht leanúnach do na hearnálacha craolacháin agus léiriúcháin neamhspleácha, agus ag an am céanna, cuirfear leis an rochtain atá ar léirithe Gaeilge, ár scéalaithe á gcumhachtú agus réimse leathan ábhair le haghaidh muintir na hÉireann á chur chun cinn,” a dúirt an tAire O’Donovan.
Fág freagra ar 'Sraith theilifíse ag mná ‘How To Gael’, 45% de mhaoiniú Choimisiún na Meán ceadaithe do chláir Ghaeilge agus dhátheangacha'