Tá an t-alt seo ag teacht chugat ó thraein ón mBratasláiv go Búdaipeist.
Má chuireann an méid sin ionadh ort, cuireann orm féin freisin; nuair a shínigh mé comhaontú ceannaigh m’árasáin nua an t-am seo an tseachtain seo caite ní raibh tuairim agam go mbeinn ar an traein seo anois, ag sciurdadh liom ar lánluas trí thailte méithe ach tréigthe díreach taobh ó thuaidh d’abhainn na Danóibe.
Ach tá liostaí feithimh ag na nótairí poiblí san Ísiltír agus ní bheidh eochracha m’árasáin nua agam go ceann sé seachtaine, agus in ionad a bheith ag taisteal ó tholg go tolg agus ó ghaolta go cairde shocraigh mé dul ar thuras fada timpeall na hEorpa.
Ní dheachaigh mé ar thuras Interrail riamh – ródhírithe ar shlí bheatha a bhaint amach dom féin nuair a bhí mé sna fichidí agus cónaí orm lasmuigh den Eoraip nuair a bhí mé sna tríochaidí agus sna daichidí. Ach anois agus mé in aois mo leathchéad bliain, seo mo sheans.
Dé Céadaoin na seachtaine seo caite thóg mé an traein oíche ó Amsterdam go Vín, turas 16 uair an chloig agus leaba chompordach agam i gcochall príobháideach nua-aimseartha (‘pod’ a thugtar ar a leithéid i mBéarla.) Chaith mé cúpla lá taitneamhach in ardchathair na hOstaire, áit nach raibh mé riamh cheana, agus ansin, ar ala na huaire – ó dheas a bhí sé beartaithe agam dul ar dtús – shocraigh mé dul níos faide soir.
An rud is deise faoin gcóras Interrail ná go ligeann an ticéad duit (aip atá ann, dáiríre) do chinn scríbe a roghnú agus a athrú de réir mar is mian leat, de réir mar atá tú ag taisteal. An bhfuil sé ag cur sneachta in Heilsincí? Tóg an traein go Liospóin ina ionad!
Ar an gcaoi sin, ós rud é go raibh an ghrian amuigh i lár na hEorpa, shocraigh mé aghaidh a thabhairt ar an tSlóvaic, áit eile nach raibh mé riamh cheana, sula dtabharfainn aghaidh ar thránna Mhuir Aidriad.
Níl ach uair an chloig idir Vín agus an Bhratasláiv ach mhothaigh mé difear lá agus oíche eatarthu. Shíl mé i gcónaí gur áit sheanfhaiseanta, róghalánta agus, dá bharr sin, leamh a bhí in ardchathair na hOstaire ach ba ormsa a bhí an dul amú; bhí siopaí éadaí athláimhe funcaíáilte ar fud an bhaill, bhí na ballaí breac le graifítí feimineach (rinne mé gáire faoin mana ilbhríoch ‘Fuck Men’, ar tharla mé air arís is arís eile) agus bhí vearnais ar ingne na bhfear.
Níor chuimhnigh mé go dtí go bhfaca mé bratach bogha báistí, í stróicthe agus ina luí go huaigneach ar chosán glan, sciúrtha i lár na Bratasláive, go raibh mé tar éis an traein a thógáil isteach i gceann de na tíortha is homafóbaí san Eoraip, agus tír ina bhfuil cáil an fhrith-Eorpachais agus an ar-son-an-Rúiseachais ar rialtas an phríomh-aire fhíorchoimeádaigh Robert Fico lena chois.
Cathair bheag ársa, álainn agus dea-chaomhnaithe í an Bhratasláiv – nó Pressburg, mar ab fhearr aithne uirthi sular dúnmharaíodh na scórtha míle Giúdach le linn an dara cogadh domhanda agus sular ruaigeadh an pobal Gearmánach agus an chuid is mó den phobal Ungárach go gairid ina dhiaidh sin. Ach tar éis dom an bhratach stróicthe sin a fheiceáil bhí mé réidh léi agus chaith mé an lá dár gcionn ag fánaíocht tríd na foraoiseacha feá agus darach taobh ó thuaidh den chathair, i mbunchnoic Shléibhte Cairp.
Is maith a thuigim nach aon pharthas don phobal LADT+ atá sa tír ar a bhfuil mo thriall anois ach oiread, an Ungáir, agus go bhfuil Viktor Orbán, príomh-aire na tíre sin, ar aon dul nó níos measa ná Fico na Slóvaice ó thaobh an fhrith-Eorpachais agus an ar-son-an-Rúiseachais de.
Ach tá leaba don oíche geallta dom ag cairde liom i mBúdaipeist, agus is fiú an lóistín saor in aisce an cor bealaigh eile seo isteach i gcroílár coimeádach na hEorpa.
- Nod don eolach: tá lacáiste 15% ar thicéid Interrail go dtí an 31 Márta. Tá na ticéid bailí ar feadh 11 mí; má theastaíonn uait dul ar thuras Interrail le linn an tsamhraidh, is fiú an ticéad a cheannach anois. Agus is fada an lá ó bhí teorainn aoise ag baint leis an gcóras Interrail – ní gá a bheidh i do mhac léinn chun dul timpeall na hEorpa ar an traein!
Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN EORAIP: Ingne daite ar na fir i Vín, bratach bogha báistí stróicthe sa Bhratasláiv'