Cead pleanála tugtha do bheagnach 90% d’iarratais chun teach a thógáil sa nGaeltacht ó 2024

Léiríonn figiúirí, atá curtha ar fáil ag Roinn na Gaeltachta do Tuairisc, go n-éiríonn le formhór mór na n-iarratas pleanála tithíochta a dhéantar sa nGaeltacht

Cead pleanála tugtha do bheagnach 90% d’iarratais chun teach a thógáil sa nGaeltacht ó 2024

D’éirigh  le beagnach 90% de na hiarratais pleanála a rinneadh ar thithe a thógáil sa nGaeltacht ó 2024, de réir figiúirí nua.

Léiríonn na figiúirí, atá curtha ar fáil ag Roinn na Gaeltachta do Tuairisc, go n-éiríonn le formhór mór na n-iarratas pleanála tithíochta a dhéantar sa nGaeltacht.

De réir na bhfigiúirí, rinneadh beagnach 2,000 iarratas pleanála chun teach a thógáil sna ceantair Ghaeltachta ar fud na tíre idir tús 2024 agus mí an Mhárta 2026.

D’éirigh le 1,763 (88%) de na hiarratais seo agus diúltaíodh do 231 (12%) díobh.

Níl aon sonraí tugtha sna figiúirí a cuireadh ar fáil maidir le cén fáth gur diúltaíodh d’iarratais ná ar líon na n-iarratas a tarraingíodh siar le linn an phróisis pleanála.

Dúirt urlabhraí ón Roinn go bhféadfadh iarratais aonair ar chead pleanála do níos mó ná aonad tithíochta amháin a bheith san áireamh i gcuid de na figiúirí.

Deir lucht feachtais go bhfuil easpa tithíochta, deacrachtaí pleanála agus praghsanna arda ag cruthú deacrachtaí do dhaoine óga agus teaghlaigh atá ag iarraidh cur fúthu sa nGaeltacht. Deirtear go bhfuil todhchaí na teanga á chur i mbaol dá bharr.

As na seacht gcontae Gaeltachta, is i nGaillimh a rinneadh an líon is mó iarratais. Rinneadh 809 iarratas ar chead pleanála i nGaeltacht na Gaillimhe sa tréimhse thuas agus d’éirigh le 81% de na hiarratais sin.

Bhí ráta ceadaithe 75% ag an 371 iarratas a rinneadh leis na húdaráis áitiúla i nGaillimh in 2024 agus d’ardaigh sé sin go dtí 86% anuraidh nuair a d’éirigh le 324 as an 376 iarratas ar chead pleanála a rinneadh sa nGaeltacht le linn 2025. Bronnadh cead pleanála ar 85% de na hiarratais a rinneadh sa gcéad ráithe i mbliana.

Nuair a bhí ionadaithe ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe os comhair Choiste Títhíochta an Oireachtais an mhí seo caite, dúradh go léirigh an ráta íseal diúltaithe go mbíonn “caighdeán ard” ag baint leis na hiarratais ar chead pleanála a chuirtear faoina mbráid agus go mbíonn an treoir a thugtar d’iarrthóirí cead pleanála “soiléir”.

Dúradh go mbíonn trí mhórchúis le diúltú cead pleanála i gceantair Ghaeltachta i nGaillimh le dhá bhliain anuas: athchóiriú “míchuí” ar fhoirgnimh thalmhaíochta nó iascaigh le hiad a ligean go gearrthéarmach; easpa eolais ar Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe; agus easpa sonraí sna pleananna faoi chúrsaí uisce agus dramhuisce.

D’éirigh le gach ceann de na naoi n-iarratas ar chead pleanála chun teach a thógáil i nGaeltacht na Mí ó thús 2024 agus bhí ráta ceadaithe os cionn 90% i gceist i nDún na nGall (95%), Maigh Eo (94%) agus Ciarraí (92%) chomh maith.

I nDún na nGall, d’éirigh le 97% den 321 iarratas a rinneadh le Comhairle Contae Dhún na nGall anuraidh chun teach a thógáil i gceantar Gaeltachta. Níor diúltaíodh ach do 11 den 321 iarratas sin le linn 2025. D’éirigh le 325 as 350 iarratas in 2024.

I Maigh Eo, bhronn an t-údarás áitiúil cead pleanála ar 221 den 236 iarratas a rinneadh i gceantar Gaeltachta idir 2024 agus mí an Mhárta i mbliana.

D’éirigh le 92% den 182 iarratas a rinneadh i gCiarraí le linn na tréimhse céanna. Níor diúltaíodh ach do naoi gcinn den 102 iarratas a rinneadh sa nGaeltacht i gCiarraí in 2024 agus diúltaíodh do sé cinn den 79 iarratas a rinneadh ar an gcomhairle contae anuraidh.

I gCorcaigh, d’éirigh le 50 den 57 iarratas (88%) a rinneadh i gceantair Ghaeltachta an chontae sin ó thús 2024.

Iarratais   ar Chead Pleanála sa nGaeltacht 2024-2025
Contae Iomlán Ceadaithe Diúltaithe Ráta Ceadaithe
Gaillimh 809 656 153 81%
Dún na nGall* 671 635 36 95%
Maigh Eo 236 221 15 94%
An Mhí 9 9 0 100%
Port Láirge 30 25 5 83%
Ciarraí 182 167 15 92%
Corcaigh 57 50 7 88%
Iomlán 1,994 1,763 231 88%
*Níor   cuireadh figiúirí do 2026 ar fáil

 

Bhí an ráta ceadaithe d’iarratais i nGaeltacht Phort Láirge i measc na gcinn ab ísle, 83%, ach mar sin féin, ó thús 2024, níor dhiúltaigh Comhairle Contae agus Cathrach Phort Láirge ach do chúig cinn den 30 iarratas ar chead pleanála sa Ghaeltacht.

Dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta gur bailíodh na sonraí maidir le hiarratais phleanála sa nGaeltacht mar ullmhúchán do chruinniú a bhí ag ionadaithe ón Roinn le Coiste Tithíochta an Oireachtais le gairid. Bhain an cruinniú sin le cúrsaí pleanála sa nGaeltacht

Dúirt an t-urlabhraí go léiríonn na figiúirí “go bhfuil ag éirí le tromlach an-ard na n-iarratasóirí ar chead pleanála sa Ghaeltacht cead a fháil chun tithíocht a fhorbairt”.

Dúradh go bhfuil Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag obair le chéile “ar bhonn leanúnach” chun tacú leis an soláthar tithíochta sa nGaeltacht.

Rinneadh tagairt freisin den éileamh atá sa nGaeltacht ar scéim deontais chun tithe tréigthe a athchóiriú. Ceadaíodh €3.1 milliún do cheantair Ghaeltachta go sonrach tríd an Scéim Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh in 2024 agyus 2025.

Fág freagra ar 'Cead pleanála tugtha do bheagnach 90% d’iarratais chun teach a thógáil sa nGaeltacht ó 2024'

  • Dónall Ó Cnáimhsí

    Tá meán chostas de €3450 an méadar cearnach ar theach a thógáil faoi dtuath in Éirinn inniu ( agus na costas sin dul in airde go laethúil). Is meán mhéid na dtithe atáthar a dtógail faoi dtuath anuraidh nó 150m cearnach. Mar sin an chostas le gnáth theach cónaí scoite a thógail faoi dtuath nó timpeall €517,500. Leis na rialacha a bhaineann le iasacht morgáiste, go gcaithfear 10% éarlais a bheith curtha i dtaisce ag iarrthóirí agus gur timpeall €50,000 an mhéan ioncaim atá daoine ag saothrú. Mar sin de bharr an chostas ard maireachtála, tá sé do-dhéanta ar an mhór chuid de dhaoine óga tithe féin a thógail agus níl siad i dteideal tithíocht shóisialta ach an oiread. Mar cé iad na daoine saibhir seo atá ag tógail tithe sna ceantair Gaeltachta, an as an gceantair iad ? Nó an tithe saoire atáthar a dtógáil?

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    An raibh iarratas ar bith déanta i nGaeilg? An bhfuil eolas ar bith gur cainteoirí gaeilge iad na hiarratasóirí? An bhfuil labhairt agus scríobh na gaeilge ag na hiarratasóirí? An bhfuil suim ag na hiarratasóirí sa ghaeilg agus i gcaomhnú na gaeilge? Chan fheicim ach fógraí pleanála béarla sna nuachtáin agus ar shuíomhanna le blianta fada anuas. Fiú má tógadh iarratasóir sa ‘ghaeltacht’ ní hionann sin is a rá go bhfuil labhairt agus scríobh na gaeilge acu. Cé atá ag déanamh cigireacht air seo?

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Dhá rud le rá faoi seo:
    1. Is léir go bhfuil feabhas tagtha ar an ráta de na iarratais phleanála le tithe nua a thógáil ó 2024 ar aghaidh. Glacaim leis go mbaineann an figiúr 81% leis an nGaeltacht Oifigiúil i gCo na Gaillimhe: ceantair le Gaeilge agus ceantair gan Ghaeilge. Is cinnte gur feabhas é an 81% ar an bhfigiúr a bhí ann roimhe sin. I gceantar Indreabhán tugadh cead do 71% de na iarratais pleanála le teach nua a thógáil ó 2000 suas chun dáta. An comhtharlúint é gur tháinig feabhas ar an scéal díreach tar éis tús a bheith curtha leis an bhfeachtas tithíochta, deireadh na bliana 2023?

    2. Tá an cuma ar an scéal go gceapann Roinn na Gaeltachta nach ann don fhadhb tithíochta sa nGaeltacht, má tá dóthain ceadanna pleanála á thabhairt amach le tithe aonair a thógáil. Níl ansin ach cuid den fhadhb. Tá sé an deacair teach a fháil ar chíos fadtéarmach, do chainteoirí Gaeilge ar mhaith leo cónaí i gceantar Gaeltachta le Gaeilge á usáid. Tá sé sách deacair agus an chostasach suíomh a fháil ar a bhféadfaí cur isteach ar chead pleanála. Níl aon tithe sóisialta ná tithe inacmhainne á thógáil ag Comhairle Chontae na Gaillimhe sna ceantair ina bhfuil an Ghaeilge in usáid. Anuas ar sin nuair a thagann teach le díol ar an margadh, is minic go bpraghasáiltear an duine áitiúil le Gaeilge amach as an iomaíocht.