Tar éis sé bliana déag i gcumhacht san Ungáir, chlis go dona ar an bPríomh-Aire Viktor Orbán sa toghchán inné, príomh-aire atá go mór ar an eite dheis ina chuid polaitíochta.
Peter Magyar, ceannaire pháirtí an fhreasúra Tisza, a fuair an ceann is fearr air agus táthar ag ceapadh go dtiocfaidh athrú suntasach ar an gcaidreamh idir Búdaipeist agus an tAontas Eorpach agus an chuid eile den domhan faoina cheannas. Buille mór é cliseadh Orbán do ghluaiseacht Maga sna Stáit Aontaithe agus don chasadh chun na heite fíordheise atá le feiceáil le tamall ar fud an domhain.
Nuair a fógraíodh torthaí an toghcháin aréir, bhailigh na sluaite, daoine óga a bhformhór, ar bhruacha na Danóibe os comhair Thithe na Parlaiminte agus iad ag ceiliúradh go caithréimeach agus bratacha na hUngáire á gcroitheadh san aer acu.
Pobalóir frithdhaonlathach é Viktor Orbán agus an fear a bhuaigh air inné, Peter Magyar, atá ar dheis sa lár agus é ina cheannaire ar an bpríomhpháirtí sa bhfreasúra, bhí sé dílis d’Orbán tráth. Glacfaidh Magyar leis an phríomhaireacht ach a dtiocfaidh an Pharlaimint nua-thofa le chéile, an 199 feisire a toghadh san olltoghchán ar an 12 Aibreán.
Ní raibh na boscaí vótála dúnta ach trí uair an chloig inné nuair a ghlac Viktor Orbán leis go raibh sé cloíte, údar faoisimh do dhaoine a raibh imní orthu nach nglacfadh sé leis an toradh.
“Goilleann na torthaí seo go mór orainn ach tá an toradh soiléir,” a dúirt Orbán, ceannaire an pháirtí Fidesz.
Is buille mór é cliseadh Orbán do bheirt Uachtarán ar aontaigh sé lena seasamh in aghaidh an liobrálachais, Vladimir Putin agus Donald Trump. Bhí Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe, JD Vance i mBúdaipeist le tacaíocht Trump a léiriú d’fheachtas Orbán.Bhí ceannairí ar fud an Aontais Eorpaigh ag déanamh comhghairdeas le Peter Magyar aréir agus iad sásta go maith go bhfuil deireadh tagtha le ceannas Orbán tar éis sé bliana déag.

Agus an comhaireamh beagnach thart measadh go raibh 138 den 199 suíochán parlaiminte faighte ag páirtí Magyar, Tisza.
55 feisire a toghadh don pháirtí Fidesz, agus seisear a toghadh don pháirtí is faide amach ar dheis, Mi Hazánk.
Gheall Magyar go gcneasódh sé an caidreamh coilgneach atá ag an Ungáir leis an Aontas Eorpach, go mbeadh sé dian ar chaimiléireacht agus go gcuirfeadh sé seirbhísí poiblí ar a gcosa arís.
Dúirt Magyar go n-oibreodh a rialtas go dícheallach chun “Ungáir atá saor agus Eorpach” a chruthú.
“Is mór an onóir dúinn gur chuir sibh ar ár gcumas rialtas a chur ar fáil, leis an líon is mó vótaí riamh, ionas gur féidir linn oibriú sna ceithre bliana seo romhainn chun Ungáir atá saor, Eorpach, comhbhách agus a fheidhmíonn go maith a chruthú.
“Beidh rialtas Tisza ina rialtas do gach uile Ungárach.”
Dúirt Príomh-Aire na Polainne, Donald Tusk gur thaispeáin cliseadh Orbán nach bhfuil sé dosheachanta go bhfuil an Eoraip ar a slí i dtreo rialtais fhorlámhacha.
“Cheap gach uile dhuine go rabhthas ag dul i dtreo réimis fhorlámhacha chama.
“Ní hamhlaidh atá. Vársá ar dtús, Búcairist ansin, Chisinau agus Búdaipesit anois.”
Fág freagra ar 'Príomh-Aire nua na hUngáire ag geallúint ‘Ungáir atá saor agus Eorpach’ a chruthú'