Pádraig Ó Macháin ón Lios Mór sna Déise atá i dteannta Helen an tseachtain seo. Scoláire é Pádraig a bhfuil cuid mhór dá shaol caite aige ag póirseáil i lámhscríbhinní ársa na hÉireann. Deir an tOllamh le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh go rachadh sé aon áit ar domhan dá bhfaigheadh sé gaoth an fhocail go raibh lámhscríbhinn tagtha ar barra ann.
Gabha ceárta ab ea athair Phádraig a raibh spéis ar leith aige i ngeataí agus thugadh sé Pádraig ar fud na dúiche chun geataí a thaispeáint dó agus chun cur síos dá mhac ar an gceardaíocht agus stair a bhain leo. Deir Pádraig gurbh é a athair a mhúscail ann an fhiosracht a thug air tabhairt faoi staidéar na lámhscríbhinní ina dhiaidh sin. Tugann Pádraig sinn ar thuras trí gheataí na lámhscríbhinní in éineacht le Tomás Ó hIcí (1775-1856), scríobhaí agus scoláire tábhachtach i stair na teanga agus na litríochta dúchasaí.
Insíonn Pádraig do Helen chomh maith faoi thuras a thug sé féin ar Québec Cheanada chun leabhar a cheannach d’Éirinn ar $10,000. Pléann siad chomh maith cúrsaí toghchánaíochta in 1826 agus an bhaint a bhí ag scoláirí Gaeilge na linne leis salachar na polaitíochta. Labhraíonn siad faoi shaothar foclóireachta Uí hIcí, saothar a chríochnaigh le ‘deoch’!
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’.
Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
Fág freagra ar 'AN POD GAEILGE: Paiste Cainte ag Helen Ní Shé le Pádraig Ó Macháin – turas trí gheataí na lámhscríbhinní le Tomás Ó hIcí…'