Oíche airneáin sa Taibhdhearc, Scéalta Mhicí Sheáin Néill, Lá spraoi i Luimneach, Imeachtaí Gaeilge Oíche Chultúir

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh…

Oíche airneáin sa Taibhdhearc, Scéalta Mhicí Sheáin Néill, Lá spraoi i Luimneach, Imeachtaí Gaeilge Oíche Chultúir

CEOL

Oíche airneáin sa Taibhdhearc

Beidh oíche cheoil agus chuartaíochta ar bun sa Taibhdhearc ar an Aoine, 12 Meitheamh ag tosú ag 7:00 i.n. Seisiúin ceoil agus spraoi a bheidh i gceist agus é múnlaithe ar thraidisiún an airneáin san am a caitheadh. Níl aon táille ar an doras ach is gá clárú roimh ré anseo 

TEAGHLAIGH

Lá Spraoi na dTeaghlach i gColáiste Mhuire gan Smál

Tá cuireadh á thabhairt do theaghlaigh le Gaeilge agus teaghlaigh a bhfuil suim acu sa Ghaeilge freastal ar Lá Spraoi na dTeaghlach i gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach ar an Satharn, 6 Meitheamh ó 11am go dtí 4pm.

Beidh deis ag páistí agus a dtuismitheoirí a bheith páirteach i seisiúin chéadfacha, ceardlann Lego agus STEM, rang Zumba trí Ghaeilge, seisiúin scéalaíochta agus rap, agus scileanna sorcais. Beidh an lá oiriúnach don aoisghrúpa 0-14, agus ní mór do pháistí a bheith faoi mhaoirseacht tuismitheoirí/caomhnóra.

Is traidisiún bliantúil é Lá Spraoi na dTeaghlach a reáchtáladh den chéad uair i gCorcaigh in 2022 agus a bhogann timpeall ar na contaetha ó bhliain go bliain. I mbliana, beidh an scéalaí clúiteach Paddy O’Brien i láthair, mar aon le DJ Natt, a bheidh i mbun Zumba.

Ní mór do theaghlaigh clárú do gach imeacht anseo. (Cead isteach ar bhonn ticéad agus spásanna teoranta)

Comhluadar Luimnigh, i bpáirt le Glór na nGael (Teanga Tí) agus Coláiste Mhuire gan Smál atá ag reáchtáil na hócáide le tacaíocht ó Chomhairle Contae agus Cathrach Luimnigh agus Foras na Gaeilge.

CULTÚR

Spriocdháta imeachtaí Gaeilge Oíche Chultúir

Tá seachtain amháin fágtha le hiarratas a dhéanamh ar mhaoiniú d’imeachtaí Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht don  Oíche Chultúir 2026

Tá An tOireachtas, i gcomhpháirt le hOíche Chultúir, ag glacadh le hiarratais d’imeachtaí Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht Oíche Chultúir 2026. Ag filleadh don t-aonú bliain is fiche, tionólfar Oíche Chultúir Dé hAoine an 18 Meán Fómhair 2026.

Tá foirm iarratais anseo.

LEABHAR

Scéalta Mhicí Sheáin Néill i gcló arís

Beidh leagan nua den leabhar Maith thú, a Mhicí: Micí Sheáin Néill Ó Baoill á sheoladh ag Éabhlóid ag ócáid in Áislann Rann na Feirste Déardaoin an 18 Meitheamh ag 7.30pm. Ba é an tAthair Seosamh Mac Uidhir a chuir an chéad eagrán den leabhar amach nuair a bhailigh sé cuid de scéalta Mhicí Sheáin agus é ar cuairt aige i Rann na Feirste sa mbliain 1956. Bhí an leabhar as cló le blianta fada.

Tá an oíche á cur i láthair i gcomhar le Seanchas Sheáin Néill agus is í Caoimhe Ní Chonchoille a sheolfaidh an leabhar go hoifigiúil. Beidh Donnchadh Ó Baoill agus Noel Johnny Sheáin Ó Gallchóir ina n-aoichainteoirí ar an oíche chomh maith. Cuirfear oíche airneáil ar bun i ndiaidh sheoladh an leabhair le cairde Sheanchas Sheáin Néill.

TEILIFÍS

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Potaí nua ollsoláthar ábhair TG4

Tá potaí nua Ollsoláthair Ábhair fógartha ag TG4, agus suas le 17 gconradh trí bliana agus infheistíocht bhliantúil suas le €9.7 milliún don earnáil léiriúcháin neamhspleách san áireamh iontu.

Tá iarratais á lorg ar réimse leathan ábhair, lena n-áirítear cláir fhíorasacha, cúrsaí reatha, siamsaíocht, ceol, saolchlár, ábhar do dhaoine óga agus Cúla4.

Beidh seisiúin eolais á reáchtáil ar an 9 Meitheamh.

ÓCÁID

Siúlóid scoile i nGaelscoil na Dúglaise ag tacú le hiarscoláire 

Beidh siúlóid scoile i nGaelscoil na Dúghlaise i gCorcaigh inniu, Dé hAoine, 5 Meitheamh, ar mhaithe le hairgead a bhailiú le tacú le hiarscoláire atá ag fulaingt le galar néareolaíoch.

Tá Eimear Nic Aindriú 27 bliain d’aois agus fuair sí diagnóis do neamhluail dhromlach-cheirbríneach 7 (SCA7) le deireanas, galar néareolaíoch meathlúcháin forásach é, nach bhfuil aon leigheas air faoi láthair. Is múinteoir i nGaelscoil na Dúglaise í máthair Eimear, agus shocraigh pobal na scoile tacú leis an bhfeachtas.

Tá an feachtas bailithe airgid dírithe ar an eagraíocht ‘Cure Rare Diseases’ atá ag déanamh taighde ar an ngalar SCA7.

Gach eolais agus síntiúis anseo.

Fág freagra ar 'Oíche airneáin sa Taibhdhearc, Scéalta Mhicí Sheáin Néill, Lá spraoi i Luimneach, Imeachtaí Gaeilge Oíche Chultúir'