Ní raibh mé in ann ceist Ghormfhlaith Ní Thuairisg a fhreagairt.
‘Cén chomhairle a chuirfeá ar na daoine atá ag tosaí amach?’
Ach d’inis mé an fhírinne: ‘tádar féin uilig níos ábalta ná mise!’
Ceiliúradh ar bhunú an chláir Adhmhaidin ar Raidió na Gaeltachta dhá scór bliain ó shin a bhí ann i Stiúideo Chasla i gConamara Dé Luain seo caite. Tugadh cuireadh dom féin agus do Sheán Ó Cuirreáin ar an gclár ó tharla go raibh dualgais léirithe orainn nuair a tosaíodh Adhmhaidin, agus ar feadh riar blianta ina dhiaidh sin.
Go cinnte, tá na hiriseoirí nua níos ábalta ná mise ar chuid mhór bealaí. Tá neart scoile orthu ag chuile leibhéal ón Naíonra go hOllscoil, tá siad ábalta ar ríomhairí agus ar dheiseanna eile eolais agus cumarsáide, agus tá taisteal déanta ina n-óige ag a bhformhór.
Go n-éirí an iriseoireacht, an chraoltóireacht agus an saol leo uilig.
Ag dul isteach dúinn go Raidió na Gaeltachta Dé Luain seo caite, cuireadh fáilte romham féin agus roimh Sheán Ó Cuirreáin. Bhí an Ceannaire, Gearóid Mac Donncha ag rá gurbh fhiú go mór ceiliúradh a dhéanamh ar chloch mhíle mar seo. Is fíor dó. Sílim, agus ní ag buíochtáil cuid ar bith de orm féin atá mé, gur clár é Adhmhaidin a chuir Raidió na Gaeltachta ar chéim nua cúrsaí reatha in imeacht na mblianta. Bhí agus tá láithreoirí agus foirne cumasacha bainteach leis.
Is dóigh go bhfuil dualgas ar Adhmhaidin atá níos cuimsithí ná na dualgais atá ar chlár raidió ar bith eile sa tír seo. Idir áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta, tá an réimse fada agus fairsing. Beart ceannródaíoch a bhí ann i 1986 nuair a buaileadh faoi. Ní raibh stáisiún ar bith eile sa tír – agus is ar éigean go bhfuil go fóill – ag craoladh as ceartlár na tuaithe nuair a cuireadh Adhmhaidin ar an aer i 1986.
Cé nach raibh aon bhéim leagtha ar cheachtar de na ranna nuachta agus cúrsaí reatha, bhí Baile an Sceilg chomh tábhachtach le Boston agus Beirlín, ach sílim gur tharla sé gur caitheadh ancaire faoin tuath sa nGaeltacht agus sna ceantair thuaithe go minic. Ba dhual do Adhmhaidin, a raibh ceangal aige leis na stiúideonna i mBóthar na Léinsí, sna Doirí Beaga agus i gCasla, gur mar sin a bheadh.
Níl mé in ann ceist Ghormfhlaith a fhreagairt fós. Ach déarfainn an méid seo.
Muide, pé ar bith runga den dréimire iriseoireachta a mbíonn cos againn air, bhí agus tá dualgas simplí orainn, súil a choinneáil ar an saol agus tuairiscí a chur ar fáil. Bíonn ómós ag dul do chuile cheantar agus do chuile phobal. Tá sé le rá faoi Adhmhaidin go ndearnadh obair ar an gclár a d’fhág go raibh glór na Gaeltachta agus glór na tuaithe in airde.
D’éirigh liom eolas agus aithne a chur ar go leor de bhealaí an tsaoil, agus ar chuimse daoine a raibh ceirdeanna, gairmeacha agus dualgais orthu in Éirinn, agus thar lear. Admhóidh mé gur mhinic a chuir mé ceist orm féin agus mé ag labhairt le go leor acu, cén seasamh atá agamsa dá gceistiú seo? Fiontraithe, lucht gnó, lucht forbartha pobail, tionsclóirí, lucht ceardchumainn, polaiteoirí, oideachasóirí agus go leor eile, bíonn daoine cumasacha, a bhfuil go leor déanta acu, os do chomhair amach. Gan dabht, tá tábhacht ag baint leis an iriseoireacht, ach ní hí tús agus deireadh an scéil í.
Sna blianta a chaith mé ar Adhmhaidin silim go raibh an Dr. Mary Redmond ar an duine ba mhó a chuaigh i gcion orm. Saineolaí ar chúrsaí dlí saothair a bhí inti. Ach is ar bhealach eile, dar liomsa – go deonach – a thug an Dr Mary Redmond an tseirbhís ab iontaí don tír seo.
Is í a bhunaigh Gluaiseacht na hOspíse in Éirinn.
Bhí buanna ollmhóra ag Mary Redmond. Ach sna grianghrafanna deiridh a chonaic mé di, bhí an áilleacht fhisiciúil ídithe agus í fós ina bean óg, ach ag teannadh leis an mbás de bharr na hailse.
Is iomaí sin cor agus casadh sa saol.
Go raibh rath ar Adhmhaidin ar feadh 40 bliain eile, agus níl mé in ann ceist Ghormfhlaith a fhreagairt fós.
Fág freagra ar 'Ón gcéad lá riamh, bhí Baile an Sceilg chomh tábhachtach le Boston agus Beirlín d’Adhmhaidin'