Sos cogaidh leochaileach ach ceann ríthábhachtach don domhan

Tá cliste ar Trump sa gcogadh agus an t-ord domhanda atá dírithe ar na Stáit Aontaithe lagaithe go mór

Sos cogaidh leochaileach ach ceann ríthábhachtach don domhan

Cé nach raibh aon aontú idir an Iaráin agus Meiriceá ag an idirbheartaíocht eatarthu in Islamabad, níl an doras dúnta ar fad ar phróiseas cainte. Dúirt urlabhraí Mheiriceá, JD Vance go bhfuil an doras ar oscailt i gcónaí, ach feicfimid an rachfar ar ais go cogadh iomlán.

Cibé an seasfaidh sos cogaidh ar bith sa ghearrthéarma, agus cibé an tionchar a bheidh aige ar an soláthar ola, gáis, agus tráchtearraí, tá sé sin fós i gceist. San fhadtéarma, áfach, tá ord an domhain atá dírithe ar na Stáit Aontaithe lagaithe go mór cheana féin.

Ábhar mór faoisimh do Thrump ab ea an sos. Tá teipthe air sa gcogadh, ach tá sé ag iarraidh bealach go bhféadfadh sé fós a mhaíomh gur ghéill na hIaránaigh dó, cé nach bhfuil aon difear idir na deich bpointe atá ag an Iaráin don chlár idirbheartaíochta is a bhí curtha chun cinn tá mí ó shin.

Ach tá Iosrael ag déanamh a dhícheall chun an socrú sealadach coicíse seo a chur ar strae. Tá siad ag leanacht lena gcuid ionsaithe ar an Liobáin cé go bhfuil stop leis na hionsaithe sin mar chuid den socrú a rinne an Iaráin agus na SAM. Agus beidh Iosrael ag déanamh a dhícheall le hiarracht síochána ar bith a scrios.

An gcuirfidh Trump iachall ar Netanyahu stop a chur le scrios na Liobáine nó an scriosfaidh Netanyahu an sos cogaidh?

Agus é seo á scríobh agam tá an scéal ag athrú ó nóiméad go nóiméad beagnach, ach seo é an chaoi is fearr gur féidir le Trump éalú ón gcogadh – cogadh ar léir anois gur botún ón tús a bhí ann is nach bhfuil aon bhua ann i ndán dó.

Caithfidh an streachailt ar son chearta na bPalaistíneach, atá mar bhunús leis an scéal seo ar fad, bogadh anois go leibhéal dáiríre. Chuige sin, beidh sé de chúram ar na Stáit Aontaithe Iosrael a chur faoi chois.

Tá na hacmhainní ag na Stáit Aontaithe, go háirithe, chun é sin a dhéanamh ach níl an toil acu, nó ní raibh go fóill.

Maidir leis na spriocanna a bhí i gceist leis an gcogadh, cé gur athraigh Trump a phort ó lá go lá faoi sin, níl aon dabht ach nár éirigh leis aon cheann a bhaint amach.

Athrú réimis a bhí uaidh – agus a bhí ó Netanyahu, go háirithe. Tá an réimeas céanna i gcumhacht i gcónaí, le ceannairí úra agus leis an seandearcadh treisithe. Ní raibh aon éirí amach i gcoinne an réimis, agus is cosúil go bhfuil níos mó tacaíochta acu anois ná riamh.

Theastaigh ó SAM agus Iosrael cumas troda na hIaráine a scrios. Ach tá an Iaráin in ann diúracáin a scaoileadh i gcónaí agus dochar a dhéanamh d’Iosrael is do stáit na Murascaille atá cairdiúil le SAM. Agus tá smacht cinnte ag an Iaráin ar Chaolas Hormuz.

Tá Trump ag maíomh go mbeidh an caolas ar oscailt do chách mar chuid den socrú seo, ach bhí sé oscailte do chách roimh an gcogadh. An t-aon difear ná go mbeidh táille le híoc i yuan na Síne. Tá an peitreadollar as an áireamh anois.

Is dócha gurbh é greim na hIaráine ar an gCaolas a thug an bua dóibh.

An socrú sealadach é nó an céimatá ann le réiteach a fháil ar scéal na hÁise Thiar (An Meánoirthear i mbéal na hEorpa)? Feicfimid, ach beidh réiteach ar scéal na bPalaistíneach riachtanach dá leithéid.

Teip é do Netanyahu freisin, agus teip d’Iosrael. Mar tá’s ag an saol anois nach bhfuil SAM agus Iosrael chomh mórchumhachtach is a mhaígh siad.

Ag cur críoch leis an idirbheartaíocht, thug Vance le fios go bhfuil gealltanas cinnte inchreidte ag teastáil ó Mheiriceá nach mbeidh sé ar chumas nó ar intinn na hIaráine armas núicléach a chruthú.

Níl sé cinnte, ná baol air, go mairfidh an sos cogaidh. Tá idirbheartaíocht le déanamh idir an Iaráin agus SAM, agus leasuachtarán Mheiriceá i gceannas ó thaobh na Meiriceánach de.

Má tá sé dáiríre faoi, ní cóir go mbeadh sé ródheacair teacht ar fhoirmle focal, más féidir stop a chur le hionsaithe Iosrael ar an Liobáin.

Tuairiscítear go raibh Vance i gcoinne an chogaidh, ach is airsean atá an dualgas bealach as a aimsiú do Thrump. Cailís nimhe?

Ar aon chuma tá sé níos tábhachtaí do Trump nó mar atá don Iaráin go mbeidh réiteach ann go luath. An féidir le Vance an réiteach sin a aimsiú?

Fág freagra ar 'Sos cogaidh leochaileach ach ceann ríthábhachtach don domhan'