‘Náire na Sochaí seo’ – foréigean in aghaidh na mban agus cailíní

Chuir an PSNI tús le fiosrú dúnmharaithe eile tar éis bhás mná i nDoire ag deireadh na seachtaine

‘Náire na Sochaí seo’ – foréigean in aghaidh na mban agus cailíní

Natalie McNally

Bhí Declan McNally ag caint os comhair na cúirte i mBéal Feirste Dé Luain tar éis chiontú fir as dúnmharú a dheirféar Natalie. Náire is ea an foréigean in aghaidh na mban agus cailíní a chaithfear a cheansú, a dúirt sé. I gcruthúnas gurbh fhíor dó faoin gcontúirt do mhná agus do chailíní sa tsochaí abhus, bhí tús curtha ag an PSNI le fiosrú dúnmharaithe eile tar éis bhás mná i nDoire ag deireadh na seachtaine.

Bean chumasach, neamhspleách ab ea Natalie McNally as An Lorgain, contae Ard Mhacha. Bhí sí 32 bliain d’aois nuair a dhúnmharaigh Stephen McCullagh, 36 as Woodland Gardens, Lios na gCearrbhach, í ina teach cónaithe i mbéal na Nollag 2022. Bhí sí i gcaidreamh le McCullagh le roinnt míonna, í 15 seachtain torrach. Buachaill ab ea an leanbh a raibh sí ag súil leis agus ba é McCullagh a athair.

Shéan McCullagh gur dhúnmharaigh sé Natalie agus rinne tréaniarracht an milleán a chur ar iarpháirtnéir dá cuid ach chinn an giúiré d’aon ghuth go raibh sé ciontach. Léirigh an t-ionchúiseamh gur chruthaigh McCullagh bréag-ailibí dó féin don oíche a maraíodh Natalie go brúidiúil, an 18 Nollaig 2022, bréag a thaispeáin go raibh an marú pleanáilte go mion aige.

Mhaígh sé go raibh sé ag beoshruthú ar feadh sé uair an chloig ón 6pm agus gurbh fhéidir an t-ábhar a fheiceáil ar YouTube, cruthúnas a dúirt sé, nár fhág sé a theach i Lios na gCearrbhach.

Bhí an t-ábhar ar YouTube ceart go leor, ach nuair a d’éirigh póilíní amhrasach faoi, scrúdaigh aonad cibearshlándála an PSNI a chuid ríomhairí. Fuaireadar cruthúnas gur taifeadadh an fhís dar teideal ‘The Violent Night Christmas Live Gaming Stream’ ar an gCéadaoin an 14 Nollaig. Mhaígh an t-ionchúiseamh gur chuid bhunúsach é sin den réamhphleanáil chun Natalie a mharú. Níor admhaigh sé an réamhthaifeadadh go dtí gur léirigh an PSNI dó go raibh an cruthúnas acu.

Taispeánadh téipeanna ó cheamaraí sráide agus tithe inar facthas fear le cóta mór agus a aghaidh folaithe ag fáil bus ó Lios na gCearrbhach go dtí an Lorgain ar an Domhnach, ag siúl tríd an mbaile go dtí teach Natalie. Taispeánadh pictiúir a tógadh níos deireanaí agus duine, in éide dhifriúil agus folt bréige ag fáil tacsaí go dtí seoladh McCullagh, mar a ndeachaigh sé isteach sa teach le hairgead tirim a fháil chun íoc as an turas; chinntigh sé sin nach raibh taifead ar chárta bainc.

Chuala an giúiré fianaise freisin faoi iompar McCullagh i leith iarpháirtnéir eile. Ba chosúil gur mhaith leis mná a bheith géilliúil, tréith nach luafaí le Natalie a bhí féinmhuiníneach, misniúil. Ba í téis an ionchúisimh gur mharaigh McCullagh í mar go mbíodh sí i dteagmháil ar téacs le fir eile. Bhí sé in ann a guthán a sheiceáil agus an cód aige. Bhí comhrá i measc na dtéacsanna a léirigh nach raibh sí cinnte go leanfadh sí leis an gcaidreamh le McCullagh ach nach ndéanfadh sí tada faoi roimh an Nollaig.

Níor thug McCullagh fianaise san triail. Threoraigh an breitheamh don ghiúiré gurbh fhianaise imthoisceach a bhí cloiste acu agus nár mhór í a scrúdú go cúramach. Chuir sé na gnéithe éagsúla i gcosúlacht le snáithe nó duail; dá mbeidís sách láidir d’fhéadfaí sreang nó rópa a dhéanamh astu.

Ba léir gur chinn an giúiré go raibh na duail láidir. D’fhógair siad tar éis cúpla uair an chloig go raibh McCullagh ciontach. Tá príosún saoil gearrtha air agus déanfar cinneadh sa Bhealtaine cén fhad a chaithfidh sé faoi ghlas sular féidir iarratas ar pharúl a éisteacht. Cuirfear san áireamh gur maraíodh an leanbh sa bhroinn chomh maith lena mháthair.

Sna blianta ó maraíodh í ghlac deartháireacha Natalie páirt ghníomhach sa bhfeachtas chun stop a chur le foréigean in aghaidh na mban agus cailíní. Thapaigh siad an deis arís chun aird a tharraingt air nuair a bhíodar ag gabháil buíochais thar ceann an teaghlaigh le póilíní, giúiré, breitheamh agus dlíodóirí as an chóir do Natalie.  Cuireadh fáilte mhór roimh bhreith na cúirte ach má theastaigh fianaise ó éinne gur éigeandáil is ea leibhéal an fhoréigin, bhí sí acu i nDoire áit ar maraíodh Amy Doherty, 28, máthair beirte sa bhaile ina teach maidin Dé Sathairn. Ba í Amy an 30ú bean a maraíodh sa Tuaisceart ó 2020.

Fág freagra ar '‘Náire na Sochaí seo’ – foréigean in aghaidh na mban agus cailíní'

  • Seosaimhín Ni Bheaglaoich

    Cúntas scanrúil. Cad is cúis leis an bhfuath is leis an ngráin? Cè a dhéanfaidh faic mar gheall air?