Níor bhuaigh lucht na n-agóidí breosla ar an Rialtas, dar leis an Aire Gaeltachta Dara Calleary. D’fhógair an Rialtas pacáiste ar fiú €505 milliún é aréir le dul i ngleic leis an ngéarchéim bhreosla ar cuireadh tús léi nuair a d’ionsaigh na Stáit Aontaithe agus Iosrael an Iaráin ag deireadh mhí Feabhra.
Chuir idir thiománaithe trucailí, fheirmeoirí, agus oibrithe eile bacainní ar bhóithre na tíre ar feadh sé lá an tseachtain seo caite agus chuir siad cosc ar an iompórtáil ag calafoirt. D’fhág a ngníomhartha gur triomaíodh beagnach míle stáisiún peitril ar fud na tíre ag an deireadh seachtaine.
Dúirt Calleary ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin nár bhuaigh an lucht agóidíochta “mar bhí an obair ar siúl ar an bpacáiste seo roimh an agóid”.
Mhaígh an tAire Gaeltachta go raibh cruinnithe ar siúl leis na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar fheirmeoirí agus ar lucht iompair “an tseachtain roimh an gCáisc” agus gur cuireadh tús leis an obair le pacáiste tarrthála a chur le chéile sular thosaigh an agóid Dé Máirt seo caite.
“Tá muid tar éis an t-uafás oibre a dhéanamh leis na heagraíochtaí náisiúnta agus bhí an obair sin, agus an ceangal sin leis na heagraíochtaí sin, ar siúl ae feadh na mblianta,” a dúirt sé.
Dúirt Calleary go ndéanann na heagraíochtaí a raibh an Rialtas ag caint leo ionadaíocht thar ceann na gcéadta oibrí – 100,000 feirmeoir ina measc – agus go bhfuil an pacáiste a cuireadh le chéile “lán de na moltaí” a rinne na heagraíochtaí sin.
“Níl sé ag teacht ó Bhord an Rialtais [amháin], ach is comhoibriú é idir an Rialtas agus na heagraíochtaí a sheasann le haghaidh na ndaoine atá faoi bhrú mar gheall ar an gcostas breosla faoin am seo,” a dúirt sé.
Dúirt sé go bhfuil “freagra sa phacáiste” ar na dúshláin atá roimh dhaoine ó thaobh an bhreosla de faoi láthair agus gur ar leas an ghnáth-thiománaí a bheidh an pacáiste cé gur dírithe ar chomhlachtaí iompair earraí, feirmeoirí, conraitheoirí, agus comhlachtaí bus atá sé.
“An rud is tábhachtaí ná go bhfuil freagra sa phacáiste seo ar na dúshláin bhreosla atá ag daoine ag an bpointe seo. Tá muid chun €505m breise a chaitheamh dírithe ar fheirmeoirí, ar chonraitheoirí, agus ar chomhlachtaí iompair agus ar chomhlachtaí busanna, ach dul go dtí daoine eile chun praghsanna díosail agus peitril a ghearradh,” a dúirt sé.
Mhaígh Calleary go bhfuil an pacáiste airgid seo in éineacht leis an bpacáiste eile a fógraíodh cúpla seachtain ó shin i measc na bpacáistí is mó atá fógartha ag Rialtas ar bith san Aontas Eorpach go dtí seo.
Dúirt sé go gcabhróidh na bearta atá sa phacáiste leathbhilliúin euro le “aon duine atá ag úsáid cairr nó veain nó aon rud mar sin” agus go bhfuil 27.5 in aghaidh lítir gearrtha de phraghas an pheitril agus 32c in aghaidh lítir gearrtha de phraghas an díosail ó thosaigh an ghéarchéim.
Ach dúirt sé freisin nach féidir “cosaint a thabhairt” do gach duine sa tír mar gheall ar an “míchinnteacht” faoina bhfuil ar siúl san Mheánoirthear faoi láthair ach gur ar leas an ghnáthdhuine a bheidh an pacáiste a fógraíodh.
“Dúirt muid, agus tá muid an-soiléir, go mbeidh muid ag coimeád súil ar an míchinnteacht sin agus tá muid ag súil go mbeidh na measures atá muid a fhoilsiú ar maidin, go mbeidh athbhreithniú ar na measures i gceann cúpla mí ach caithfidh muid a bheith díreach le daoine freisin, mar gheall ar an míchinnteacht,” a dúirt sé.
Mhaígh Calleary go bhfuil ag scéal ag athrú “gach uile lá” sa Mheánoirthear agus nach bhfuil sé in ann aon gheallúint a thabhairt go mbeidh an Rialtas in ann “gach duine a chosaint”.
Is iad na bearta atá leagtha amach ag an Rialtas ná síneadh a chur leis an laghdú ar an dleacht mhál ar pheitreal, díosal agus díosal glas ó dheireadh mhí na Bealtaine go deireadh mhí Iúil agus an cháin ar ola mhianrach a laghdú 10c/L ar dhíosal agus peitreal agus 2.4c/L ar dhíosal glas.
Tá sé i gceist acu an t-ardú a bhí le teacht ar an gcáin charbóin a chur siar go dtí go bhfógrófar an Cháinaisnéis i mí Dheireadh Fómhair agus tuilleadh airgid a chur ar fáil faoi na scéimeanna do chomhlachtaí iompair earraí, comhlachtaí busanna agus comhlachtaí tráchtála eile. Tá liúntas nua le tabhairt isteach a thacóidh le feirmeoirí agus le hiascairí freisin.
Fág freagra ar '‘Níor bhuaigh lucht agóidíochta breosla ar an Rialtas’ – an tAire Gaeltachta'