Imní ar cheardchumainn múinteoirí go bhfuil úsáid ‘míchuí’ á baint as córas na ndíolúintí Gaeilge

Dúradh ag cruinniú de choiste Oireachtais gur léirigh an t-ardú ar líon na ndíolúintí i measc daltaí go bhfuil fadhb níos leithne ann maidir le múineadh na Gaeilge sa gcóras oideachais

Imní ar cheardchumainn múinteoirí go bhfuil úsáid ‘míchuí’ á baint as córas na ndíolúintí Gaeilge

Tá imní léirithe ag ceardchumainn múinteoirí faoin bhfás atá tagtha ar líon na ndíolúintí ón nGaeilge a bhronntar ar dhaltaí scoile agus iad den tuairim go bhfuil an córas “lochtach”.

Agus iad ag labhairt os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge inné, dúirt ionadaithe ó Aontas Múinteoirí Éireann (TUI) agus Cumann na Meánmhúinteoirí, Éire (ASTI) go mbíonn daltaí ann a dteastaíonn díolúine uathu ach gur léirigh an fás leanúnach atá tagtha ar an líon a dheonaítear go bhfuil fadhb leis an gcóras reatha.

Dúirt an TUI ina ráiteas don choiste go “maithfí don té a mheasfadh gur próiseas uathoibríoch den chuid is mó” a bhíonn i gceist le ceadú díolúine. Dúradh gur “ar aimhleas chothú agus chur chun cinn na Gaeilge féin é an borradh seasta ar líon na ndíolúintí” ag an leibhéal iar-bhunscolaíochta.

“Tá córas na ndíolúintí ó staidéar ar an nGaeilge lochtach agus tá sé míshásúil,” a dúirt Claire Ní Mharcaigh, múinteoir Gaeilge agus ionadaí de chuid TUI.

Rinne an Roinn Oideachais athbhreithniú ar chóras na ndíolúintí in 2019 agus tugadh córas nua isteach chun rud “annamh” agus “eisceachtúil” a dhéanamh den díolúine, ach a mhalairt atá tarlaithe. Dúirt an TUI go bhfuil “ardú leanúnach, comhsheasmhach” tagtha ar líon na ndíolúintí a cheadaítear.

Cé go bhfuil roinnt catagóirí ann faoinar féidir díolúine a dheonú do dhalta, dúirt Ní Mharcaigh gur ar bhonn deacrachtaí foghlama a fhaigheann formhór na ndaltaí díolúine agus gur sa gcatagóir sin a bhí “croílár na faidhbe”.

Dúradh go bhfuil líon na ndíolúintí a dheonaítear ar bhonn deacrachtaí foghlama ag an dara leibhéal ardaithe 23% ó rinneadh leasú ar an gcóras in 2019.

Dúirt Ní Mharcaigh go n-aontaíonn an TUI le saineolaithe a deir nár cheart go mbeadh díolúine ach ag 2-3% de dhaltaí agus go raibh an chuma ar an scéal go raibh díolúintí á mbronnadh “go míchuí”.

“Sular eisíodh Ciorclán leasaithe na Roinne Oideachais ar dheonú díolúintí in 2019, chonacthas gur deonaíodh idir 40% agus 52% de na díolúintí ag leibhéal na bunscoile agus na hiar-bhunscoile araon go mícheart nó go míchuí ach is amhlaidh an scéal go fóill,” a dúirt sí.

Dúirt Ní Mharcaigh gur údar buartha don TUI freisin catagóir nua faoina bhféadfaí díolúine a bhronnadh a tugadh isteach cúpla bliain ó shin, sin do “scoláirí a bhfuil ardleibhéal riachtanas éagsúil dianseasmhach acu”. Dúradh nach gá go mbeadh deacracht foghlama sainaitheanta ag scoláire chun díolúine a fháil faoin gcatagóir nua seo agus imní ar an TUI “go mbainfear mí-úsáid as”.

Dúirt ionadaithe ón ASTI nach mór díolúintí a bheith ar fáil i gcónaí “ach ba chóir go bhfanfadh siad eisceachtúil”. Dúradh go gcaithfeadh an córas a bheith “cothrom, trédhearcach agus bunaithe ar fhianaise.”

Dúradh nach raibh sa mhéadú ar an éileamh ar dhíolúintí ach comhartha “go bhfuil saincheisteanna struchtúracha níos leithne ann” maidir le múineadh na Gaeilge i scoileanna Béarla.

“Creideann ASTI gur gá don díospóireacht faoi mhúineadh na Gaeilge i scoileanna iar-bhunscoile T2 agus faoin gcóras díolúine bogadh níos faide anois ná ceist chúng faoi cé ba chóir nó nár chóir dóibh díolúine a fháil,” a dúirt Anne Loughnane ón gceardchumann.

Dúirt Loughnane gur botún a bhí ann fáil réidh leis an mbonnleibhéal sa nGaeilge don tSraith Shóisearach. Dúirt sí gur cheart é a thabhairt ar ais chun deis a thabhairt do dhaltaí a raibh deacrachtaí acu leis an teanga coinneáil léi seachas a bheith ag lorg díolúine.

“Daltaí le caighdeán íseal Gaelainne, tuigim cén fáth go bhfuil siad ag iarraidh éalú [ón nGaeilge] mar níl aon spás oiriúnach ann dóibh.”

Dúirt Loughnane go raibh meon diúltach i leith na Gaeilge “an-láidir” i measc daltaí ach nach mbeadh an ghráin chéanna acu uirthi dá mbeadh siad ag foghlaim ag leibhéal a bhí oiriúnach dóibh. Dúirt Loughnane go raibh taithí aici ar a bheith ag múineadh na Gaeilge mar chuid den Ardteist Fheidhmeach agus go raibh an siollabas sin in ann cion don teanga a chothú i measc daltaí fiú mura raibh caighdeán ard acu. “Ní bhíonn an fuath céanna acu don Ghaeilge,” a dúirt sí.

Dúirt Lorraine Finn ón ASTI freisin gur cinneadh “seafóideach” a bhí ann fáil réidh leis an scrúdú cainte roghnach don tSraith Shóisearach

“Is breá le daltaí áirithe an Ghaeilge a labhairt. Fiú má tá siad ag streachailt leis an séimhiú agus chuile rud mar sin, is breá leo an Ghaeilge a labhairt. Dá mbeadh scrúdú béil ann, thabharfadh sé sin go leor muiníne do na daltaí,” a dúirt sí.

Dúirt Finn gur bhreá léi dá dtabharfaí deis do gach dalta tréimhse a chaitheamh ag foghlaim na teanga sa nGaeltacht chomh maith.

“Athraíonn an meon nuair a bhíonn dalta sa Ghaeltacht,” a dúirt sí.

Bhí an líon is mó riamh daltaí sa gcóras oideachais a raibh díolúine acu ó staidéar na Gaeilge in 2024-25.

Breis is 73,000 dalta bunscoile agus iarbhunscoile a raibh díolúine acu ón nGaeilge, de réir figiúirí na Roinne Oideachais. B’ionann sin agus 7.5% den 977,527 dalta a bhí ar scoil sa stát in 2024/25.

Deir an Roinn Oideachais nach mbronntar díolúintí ach i gcásanna “eisceachtúla” ach is léir ó na figiúirí go bhfuil ardú mór tagtha orthu le roinnt blianta anuas.

Dúirt Cumann Múinteoirí Éireann (INTO) níos túisce i mbliana go gcreideann formhór príomhoidí nár cheart díolúintí ó staidéar na Gaeilge a bhronnadh ar dhaltaí bunscoile.

Deir an INTO, an ceardchumann múinteoirí is mó sa tír, go dtagann ceist na ndíolúintí chun cinn ag gach seimineár a reáchtáiltear le príomhoidí agus go léirítear “leibhéal uafásach frustrachais” ina taobh.

Fág freagra ar 'Imní ar cheardchumainn múinteoirí go bhfuil úsáid ‘míchuí’ á baint as córas na ndíolúintí Gaeilge'