AMHRÁNAÍOCHT
Corn Uí Chon Cheanainn an deireadh seachtaine seo
Reáchtálfar Corn Uí Chon Cheanainn ar an Satharn, 28 Márta i gCafé Pota ar an Tulaigh ag 4.15 i.n.. Is comórtas do scoláirí tríú leibhéal é a bunaíodh in 2015 i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath i gcuimhne ar an sáramhránaí sean-nóis, Ciarán Ó Con Cheanainn. Le roinnt blianta anuas, is faoi scáth Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Ollscoil na Gaillimhe atá an comórtas á reáchtáil.
I mbliana beifear ag díriú ar ghné an taighde agus labhróidh seisear scoláirí óga faoi ghné den amhránaíocht nó den cheol a bhfuil suim acu féin ann. Beidh an t-aoichainteoir Bridie Uí Chonámha ann freisin agus labhróidh sise faoin taighde a rinne sí ar shaothar Choilm de Bhailís mar chuid
den chúrsa An Dioplóma sa Chultúr Dúchais. Beidh seisiún beag amhránaíochta, agus sólaistí ann i ndiaidh na hócáide.
Níl aon táille ar an doras ach ní mór ticéad a chur in áirithe roimh ré.
Féile Sean-Nós Chois Life
Beidh Féile Sean-Nós Chois Life ag tosú inniu, an Aoine 27 Márta agus ag dul ar aghaidh go dtí an Domhnach 29 Márta. Cuirfear tús le himeachtaí na féile tráthnóna inniu ag a 8:00 i.n. le seisiún amhránaíochta dátheangaí agus ceoil i gcomhar le An Góilín i gClub na Múinteoirí, 36 Cearnóg Pharnell, BÁC 1, áit a mbeidh imeachtaí uile na féile ar bun.
Cuirfear ceardlanna amhránaíochta le haíonna na féile ar bun ar an Satharn, 28 Márta ón 10:00r.n. go dtí 4:00 i.n. Beidh seisiún amhránaíochta ar bun san oíche Dé Sathairn ag tosú ag a 8:00 i.n. agus bronnfar Gradam Shean-Nós Chois Life ar Mhairéad Ní Cheallaigh as Ráth Chairn le linn na ceolchoirme.
Gach eolas agus clár na féile ag anseo.
CAINT & COMHRÁ
Park Run Gaeilge i dTuar Mhic Éadaigh
Cuirfear Park Run Gaeilge ar bun i gCoill Thuar Mhic Éadaigh ar an Satharn, 28 Márta ag tosú ag 9:30 r.n. Comhthionscnamh idir an tOireachtas agus Parkrun in Éirinn is iad na rití seo trí mheán na Gaeilge.
Is deis atá sa Park Run Gaeilge do Ghaeilgeoirí a bhfuil spéis acu a bheith ag siúl nó ag rith, aithne a chur ar dhaoine eile a bhfuil Gaeilge acu. Deir lucht eagraithe an reatha seo go bhfuil fáilte roimh lúthchleasaithe agus daoine ar fearr leo siúlóidí sóisialta.
Gach eolas ar na meáin shóisialta faoin haischlib
CEOL
Ceolchoirm ar son na Palaistíne i dTrá Lí
Cuirfear ceolchoirm don Phalaistín ar bun i dteach tábhairne The Greyhound, i dTrá Lí ar an Domhnach, 5 Aibreán ag tosú ag 8:00 i.n.
Beidh an ócáid dhátheangach (Gaeilge/Béarla) seo á reáchtáil ag Cumann Sóisialta Thrá Lí, le tacaíocht ó Oifig Pleanála Teanga an bhaile, Trá Lí le Gaeilge agus Kerry Irish Palestine Solidarity Campaign (KIPSC). Tá an ócáid á cur ar bun ar mhaithe le airgead a bhailiú do na heagraíochtaí daonnúla Éireannacha atá ag tacú le muintir na Palaistíne – ‘Gaza go Bragh’ agus ‘Tea Collective’.
I measc na n-aíonna ceoil a bheidh ag seinm ar an oíche, beidh Sailhymn agus Séamus Harty, agus an banna Aniar.
Táille €15 atá ar an doras agus na ticéid ar fáil ó Maria’s Woolshop agus/nó ar líne anseo.
SIÚLÓID

Turas treoraithe dátheangach i mBéal Feirste
Beidh turas treoraithe dátheangach á reáchtáil i mBéal Feirste Dé Sathairn, 28 Márta agus an Dr Fionntán de Brún mar threoraí. Beidh sé ag díriú isteach ar an tionchar a bhí ag na Gaeil as Contae Dhoire ó thaobh cultúr agus Gaeilge a fhorbairt thar na blianta sa chathair. Beidh an tsiúlóid ag tosú ag an ICC, 2 Plás Lanyon, Béal Feirste.
Áirithintí: Seol rphost chuig conchurglor@gmail.com
TEILIFÍS
Tubaiste sa Phortach á thaispeáint ar BBC
Beidh an scannán faisnéise Tubaiste sa Phortach á thaispeáint ar BBC 2 Tuaisceart Éireann ar an Domhnach, 29 Márta ag a 10:00 i.n. Sa scannán seo, fiosraíonn an t-iriseoir Kevin Magee timpiste eitleáin de chuid an RAF ón Dara Cogadh Domhanda a tharla i gContae Dhún na nGall sa bhliain 1943.
Bhí an t-eitleán i ndiaidh imeacht as bunáit an RAF i Léim an Mhadaidh agus tá píosaí de smionagar na timpiste le feiceáil ar fud an phortaigh inar tháinig sé anuas ag bun an Earagail i gCo. Dhún na nGall.
Buaileann Kevin le mac leis an bpíolóta atá fós ina bheatha, Ian Court in Leicestershire, in aois a 84 bliain. Téann sé go dtí an suíomh den chéad uair i dteannta Kevin.
Fág freagra ar 'Corn Uí Chon Cheanainn, Ceol ar son na Palaistíne, Park Run Gaeilge, Tubaiste sa Phortach'