‘Bhí glór aingil aici’ – aos ceoil na hÉireann croíbhriste i ndiaidh bhás Mháire Ní Bhraonáin

Tá teachtaireachtaí ómóis ag teacht go tiubh do Mháire Ní Bhraonáin (Moya Brennan), an sárcheoltóir agus amhránaí as Gaeltacht Dhún na nGall a bhain cáil dhomhanda amach mar chuid den bhanna ceoil Clannad

‘Bhí glór aingil aici’ – aos ceoil na hÉireann croíbhriste i ndiaidh bhás Mháire Ní Bhraonáin

Tá Uachtarán na hÉireann agus an Taoiseach i measc na ndaoine a bhfuil ómós léirithe acu don cheoltóir iomráiteach Máire Ní Bhraonáin (Moya Brennan) atá ar shlí na fírinne.

Bhásaigh Máire Ní Bhraonáin, a bhain cáil amach ar dtús sna 1970idí mar chuid den bhanna ceoil Clannad, ina teach cónaithe aréir. Bhí tinneas scamhóige ag dul di le tamall de bhlianta. Bhí sí 73 bliain d’aois.

Tá teachtaireachtaí comhbhróin ag teacht go tiubh ó aos ceoil agus aos polaitíochta na hÉireann i ndiaidh bhás an cheoltóra as Gaoth Dobhair.

“Bhí glór agus stíl ar leith ag Moya, chomh maith le bua na cumadóireachta agus máistreacht uirlisí, a bhain clú agus cáil amach di, ní hamháin in Éirinn ach ar fud na cruinne,” a dúirt Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly.

Dúirt an tUachtarán gur chuir Moya agus Clannad daoine ar fud an domhain faoi gheasa “lena gceol, a gcuid amhrán agus leis an nGaeilge”.

“Tá oidhreacht ollmhór fágtha ag Moya, óna saothar le Clannad agus a cuid saothair aonair, a bheidh ar fáil do ghlúnta na todhchaí.”

Dúirt deartháireacha Mháire, Pól agus Ciarán Ó Braonáin (a bhí in Clannad le Máire, a ndeirfiúr Eithne, agus a n-uncailí Pádraig agus Noel Ó Dúgáin) go raibh siad “go huile is go hiomlán croíbhriste” ag bás a ndeirféar agus go raibh sí “in éineacht le Pádraig agus Noel” anois.

“Ba í a glórsa fuaim shainiúil Clannad agus mairfidh sé go deo,” a dúirt siad ina ráiteas.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur “údar mór bróin” a bhí i mbás an cheoltóra agus gur chuir sí féin agus Clannad ceol dúchasach na hÉireann “ar an ardán idirnáisiúnta”.

Dúirt Bono, amhránaí U2, go raibh glór “neamhshaolta” ag Máire Ní Bhraonáin.

“Bhí glór aingil aici. Mar aingeal a rinne sí a bealach tríd an saol seo agus tá sí ar ais anois leis na haingil eile.

Máíre Ní Bhraonáin, Clannad le linn cheolchorm i mBóthar na Trá, 2022. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

“Grá ár gcroí thú, Moya.”

Dúirt Mairéad Ní Mhaonaigh ón mbanna ceoil Altan, a chas ceol go minic le Máire Ní Bhraonáin sa bhanna T With The Maggies, go raibh sí “croíbhriste” i ndiaidh bhás a carad agus a comhcheoltóra, a raibh “guth binn” aici. Dúirt sí gur “ghlan [Ní Bhraonáin] an bealach do mo leithéidse” agus go raibh bean Dhobhair ina “laoch” aici agus í ag fás aníos.

Dúirt Mairéad Ní Mhaonaigh gur spreag Ní Bhraonáin go leor daoine le spéis a chur sa Ghaeilge mar gheall ar bhinneas a glóir agus gur bean “uasal”, “láidir” agus “misniúil” a bhí inti.

“Bean uasal, guth diamhair, agus cara dil ar shlí na fírinne. Grásta Dé ort, a bhean uasal, agus go mbeidh áit agat i bhFlaitheas na Naomh i measc na n-aingeal,” a dúradh i ráiteas ó Altan.

Dúirt ceoltóir aitheanta eile as Dún na nGall, Daniel O’Donnell, gur údar mór bróin bás a charad freisin.

“Bean álainn a n-aireoidh muid uainn go mór í. Ba bheannaithe muid a chuir aithne uirthi.” a dúirt O’Donnell, a chas go minic ar aon ardán le Máire Ní Bhraonáin.

Dúirt an ceoltóir agus craoltóir Fiachna Ó Braonáin, ón mbanna ceoil The Hothouse Flowers, go raibh “fíorbhrón” air go bhfuil Ní Bhraonáin ar shlí na fírinne agus go “mbeannóidh a glór na flaithis”.

“Comhbhrón ó chroí le Tim, Aisling, agus Paul, agus lena muintir ar fad. Aireoidh mé uaim go mór í agus tá mé an-bhuíoch as gach rud a roinn muid i gcaitheamh na mblianta. Solas na bhflaitheas go bhfeice sí go deo,” a dúirt sé.

Tá a gcomhbhrón curtha in iúl ag polaiteoirí na tíre freisin. Dúirt an Teachta Dála Pearse Doherty, a tógadh sa pharóiste céanna le Ní Bhraonáin, go raibh “an-bhrón” air cloisteáil faoi bhás an amhránaí agus gur thug sí “an oiread sin d’Éirinn agus do mhuintir na hÉireann”.

“The First Lady of Celtic Music a thugtaí uirthi, agus mhúnlaigh a scéalta agus a hamhráin an oiread sin saolta agus beidh cuimhne go deo uirthi. Bhí Moya bródúil as a fréamhacha. B’ambasadóir láidir d’Éirinn í, agus thug sí ár dteanga, ár gceol, agus ár gcultúr ar fud an domhain mhóir,” a dúirt an Teachta Dála do Shinn Féin.

Dúirt an Tánaiste Simon Harris gur “íocón” a bhí i Ní Bhraonáin agus go raibh “glór uathúil” aici ar bhain “áilleacht as cuimse” leis.

“Bhain sí cáil dhomhanda amach do Ghaoth Dobhair le Clannad agus thug sí ceol na hÉireann go lucht éisteachta idirnáisiúnta. Aireofar a bás go trom sna pobail cheoil agus ealaíne, agus i bhfad níos faide i gcéin. Ar dheis Dé go raibh a hanam dílis,” a dúirt Harris.

Dúirt an tAire Cultúir Patrick O’Donovan gur thug saothar Mháire “sólás, féiniúlacht agus bród” do go leor.

Dúirt Údarás na Gaeltachta i ráiteas a eisíodh ar maidin gur ag Ní Bhraonáin a bhí “ceann de na guthanna is mó le rá a tháinig riamh as croílár na Gaeltachta”.

“D’éirigh le Máire rud nach raibh déanta roimhe sin, amhráin Ghaeilge a thabhairt chuig lucht éisteachta ar fud an domhain,” a dúradh.

Bhunaigh Údarás na Gaeltachta Sparánacht Clannad – Caoga Bliain Faoi Bhláth in 2024 “mar ómós buan d’oidhreacht iontach Clannad”.

Bunaíodh Clannad i dtús na seachtóidí agus thosaigh siad amach ag seinm i dTábhairne Leo, an teach tábhairne cáiliúil a bhí ag athair mhuintir Uí Bhraonáin, Leo Ó Braonáin. Aithnítear Clannad ar an gcéad mhórghrúpa ceoil a chuir an Ghaeilge i lár an aonaigh.

D’éirigh go maith ó thús leis an mbanna agus a gceol sainiúil, ar mheascán é den cheol traidisiúnta agus stíleanna eile ceoil. Ba i 1982 a bhain siad cáil idirnáisiúnta amach, áfach, leis an bport ‘Theme for Harry’s Game’.

Tá os cionn 15 milliún albam díolta ag Clannad agus an t-iliomad duaiseanna buaite acu, ina measc duais Grammy (1999), duais BAFTA (1984) agus duais Ivor Novello (1982).

Bronnadh Pearsa Dhún na nGall ar Mháire in 2023 agus í ar ais ina cónaí ina háit dúchais agus is sa bhaile ansin a bhásaigh sí. Fágann sí a céile Tim, mac agus iníon chomh maith lena máthair, a deartháireacha, a deirfiúracha, daoine muinteartha agus cairde.

Fág freagra ar '‘Bhí glór aingil aici’ – aos ceoil na hÉireann croíbhriste i ndiaidh bhás Mháire Ní Bhraonáin'