‘Gearr é a bhundúin leice bricíneach’ – fáilte Thaidhg curtha roimh Conan O’Brien ar Ros na Rún

Bhí caimeo beag deas ag Conan O’Brien ar Ros na Rún, mar ar chuir Tadhg Ó Direáin i gcomparáid é le hiasc mara cuidsúlach

‘Gearr é a bhundúin leice bricíneach’ – fáilte Thaidhg curtha roimh Conan O’Brien ar Ros na Rún

“Dia dhá réiteach,” a deir Tadhg go mífhoighneach nuair a chíonn sé fear an doras isteach chuige le dorn balún ag foluain os a chionn in airde. Seo chugainn caimeo Conan O’Brien, an fear grinn, scríbhneoir agus láithreoir aitheanta, ar Ros na Rún (TG4, Dé Máirt), caimeo é seo a bhfuil cad é bús faoi le seachtain. Éacht poiblíochta eile do Ros na Rún agus TG4. Ní hé seo an chéad uair acu a bheith seiftiúil.

Bhain caimeo na seachtaine seo macalla as ról beag a bhí ag Stephen Fry in 2011. Turasóir as Sasana a raibh mearbhall air an pháirt a bhí ag Fry. Chaithfí é a chur in aon radharc le Tadhg agus le Séamas (Diarmaid Mac an Adhastair). Dhá bhliain ina dhiaidh sin bhí Nathan Carter sa sobaldráma agus é á léiriú féin. Cuimhním chomh maith ar an bhfógra iontach sin ó 2007 nuair a deineadh Ros na Rún a nascadh le réalta na sraithe cáiliúla Meiriceánaí Cold Case.

Is i dTigh Thaidhg a bhí an caimeo mór an babhta seo agus beirt laochra ar an scáileán le chéile, O’Brien agus Macdara Ó Fátharta.

Tá a fhios ag an saol Fódlach nach é an tábhairneoir Tadhg Ó Direáin (Ó Fátharta) an té is tuisceanaí agus is foighní ar domhan.

Go deimhin bhí sé tuathalach, ciotrúnta an lá is fearr a bhí sé agus dhein fear seo na mbalún é a thástáil go maith. An fear bocht ag iarraidh €50 a shniogadh as Tadhg nuair is ar éigean go dtabharfadh an fear céanna 50c orthu. “Téigh ag feadaíl,” a dúirt fear an leanna. Agus “póg mo thóin”.

“Gearr é a bhundúin leice bricíneach, nó cuirfidh mé amach go hÁrainn le cic thú,” an fhógairt dheireanach a dhéanann sé agus comparáid á déanamh aige idir an fear grinn rua iomráiteach agus an t-iasc mara cuidsúlach.

Agus fear bocht na mbalún bailithe leis gan íocaíocht, deir Tadhg le Bobbi Lee (Annmaria Nic Dhonnacha) nach bhfuil a fhios aige cé acu is mó a bhfuil gaoth ann, na balúin nó an “boc rua”.

Sé Kevin Hussey a bhí mar chomhairleoir teanga ar O’Brien agus déarfainn go raibh an-chraic aige ag iarraidh na maslaí sin a mhíniú don bPoncánach. Dhein Conan a chúram go slachtmhar ó thaobh na teanga agus ó thaobh na haisteoireachta. Ní raibh de locht air ach a laghad. Bhí sé tagtha agus imithe i bhfaiteadh na súl.

Bhí a fhios againn go raibh seo ag teacht óir bhí O’Brien ar an Late Late Show i mí Eanáir, é tagtha ‘on dúthaigh mar chuid dá shraith Conan O’Brien Must Go. Clár taistil é seo ina dtugann sé turas ar an Téalainn, an Airgintín, an Iorua agus ar Éirinn. Sa tsraith atá á craoladh ar HBO Max tugann sé cuairt Barack Obama Plaza, foghlaimíonn sé faoi bhéarlagair na hÉireann, itheann sé putóg dhubh, téann sé ag rianú a fhréamhacha agus téann sé ar cuairt ar Ros na Rún.

Nuair a bhí sé ar an Late Late deineadh ceap magaidh d’ainmneacha na hÉireann, leithéidí Caoilfhionn agus Bláthnaid. Conan ag magadh faoi dhíothú na teanga. B’fhéidir gur léirigh a chaimeo i sobaldráma an Spidéil go bhfuil speach inti i gcónaí.

Fág freagra ar '‘Gearr é a bhundúin leice bricíneach’ – fáilte Thaidhg curtha roimh Conan O’Brien ar Ros na Rún'

  • Carraig

    An bhféadfaí Séarlas, Rí Shasana, a mhealladh chun caimeo a dhéanamh? Ná bhí blas milis ar an nGaeilge a labhair a mháthair sa Dáil tráth dá raibh. Nó Barak Ó má thugann sé turas orainn!