Múineann gá seift ar ‘Déan Tú Fhéin É‘ ar TG4 

Tá deaslámhaí, an tseiftiúlacht agus an chruthaitheacht go mór chun cinn sa tsraith ‘Déan Tú Féin É’ 

Múineann gá seift ar ‘Déan Tú Fhéin É‘ ar TG4 

Tá a fhios againn ar fad go bhfuil na pinginí gann ag mórán ar na saolta seo. Tuigimid chomh maith go bhfuil bráca thar na bearta ag baint le bheith ag iarraidh ar cheardaí teacht chun an tí le cúram éigin a dhéanamh, fiú le tabhairt faoi jabanna beaga.

Go minic téann na jabanna gan déanamh.

Ar an dtaobh eile den scéal tá aithne againn ar fad ar fhearaibh (agus is fearaibh iad i gcónaí nach mór) a mheasann gur ceardaithe cruthanta iad atá in ann tabhairt faoi aon jab, fiú na cinn is casta. Is go rómhinic a dhéanann na fearaibh céanna cac sleáidi den chúram.

Seo chugainn an tsraith sé chlár Déan Tú Féin É (TG4, Déardaoin) le teacht i gcabhair orainn maidir leis an deaslámhaí nó an DIY faoi mar a deir an Béarla. Bhunaigh Marc Mac Lochlainn an comhlacht amharclannaíochta Branar in 2001. Sé gá na gairme a mhúin an tseiftiúlacht dó.

Sa chéad ghála téann sé go Luimneach le teacht i gcabhair ar an lánúin óg Bríd agus Harry. Tá an tigh nua tógtha le cúpla bliain agus dheineadar roinnt den obair iad féin. Anois tá fonn orthu tabhairt faoi chúram éigin eile.

Beartaíonn siad seanbleánlann a fheistiú mar áit stórála is oibre. Boird stórála is oibre mar aon le seilfeanna á ndéanamh as an nua. Iad simplí ach pointeáilte. Déanfaidh siad an beart ar chostas íseal. Láithreoir caithiseach, éadromchroíoch é Marc a chuireann a aíonna ar a gcompord agus a chuireann comhairle orthu go tuisceanach, foighneach. Tá léaráidí againn le cabhrú leis an lucht féachana maidir le hamhábhair agus uirlisí.

Ag an am céanna tá an tuairisceoir groíuil, anamúil Bríd Treasa Ní Ghaoithín ag dul ó Loch Garman go contae an Chláir le dreasanna cainte a dhéanamh le daoine a bhfuil a dtionscadail féin curtha i gcrích acu. Tá cruthaitheacht agus samhlaíocht ag baint leis an obair a dhein Méabh Cooney ar a teach, an paitió ach go háirithe. A dúil sa bhFrainc ag spreagadh a stíle agus cuma an teachín tuaithe á cur aici ar an dtigh.

Tá chruthaitheacht agus an tseiftiúlacht le sonrú in obair John O’Connor i gcontae an Chláir chomh maith. Oifig bheag rúnda chluthair cruthaithe aige taobh thiar de scáthán. Tagann téama na hinbhuanaitheachta chun cinn go láidir sa chuid seo agus é ag trácht ar na seantroscáin ar fad a bhí fágtha sa tigh nuair a cheannaigh sé é. Seachas iad a chaitheamh amach dhein sé iad a chóiriú agus a phéinteáil, tá cuma iontach orthu.

Tá deaslámhaí, an tseiftiúlacht agus an chruthaitheacht go mór chun cinn sa chlár taitneamhach seo.  Caithfear breith ar an gcasúr le tabhairt faoin gcúpla jab atá gan déanamh.

Fág freagra ar 'Múineann gá seift ar ‘Déan Tú Fhéin É‘ ar TG4 '