Tá sé fógartha ag an sé cheanneagraíocht Ghaeilge go bhfuil siad ag seasamh siar ón gcóras comhpháirtíochta maoinithe a riarann Foras na Gaeilge agus nach nglacfaidh siad aon pháirt sa bpróiseas go dtí go mbeidh réiteach ar na deacrachtaí airgeadais atá ag cur as d’earnáil na teanga.
I ráiteas a cuireadh amach ar maidin, dúradh gur chuir na ceanneagraíochtaí in iúl don Fhoras ar maidin nach mbeidh siad páirteach sa struchtúr comhpháirtíochta arís go dtí go mbeidh dul chun cinn déanta ar an gceist.
Faoin socrú atá i bhfeidhm ó 2014, cuireann Foras na Gaeilge bunmhaoiniú ar fáil do na sé cheanneagraíocht – sin iad Conradh na Gaeilge, Cumann na bhFiann, Gael Linn, Gaeloideachas, Glór na nGael agus Oireachtas na Gaeilge. Thart ar €5 milliún a dháileann an Foras idir na ceanneagraíochtaí gach bliain.
Deir na heagraíochtaí go bhfuil “breis is milliúin euro” bainte ón mbuiséad a bhíonn acu le seirbhísí agus imeachtaí a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le deich mbliana anuas agus go mbeidh an scéal “i bhfad Éireann níos measa i 2026” agus é á mhaíomh go mbeidh cuid de na ceanneagraíochtaí fágtha gan a ndóthain airgid chun a gcuid costas reatha a íoc.
“Chuir muid in iúl don Fhoras inniu go bhfuil gach ceanneagraíocht i gcruachás airgeadais, atá éirithe níos measa le tamall de bhlianta anuas, agus ní fheictear dúinne go bhfuil aon réiteach ag teacht sa ghearrthéarma ar na fadhbanna seo,” a dúradh i ráiteas.
“Ní hamháin go bhfuil amhras ann ar an tseirbhís gur féidir a chur ar fáil don phobal ach tá ceisteanna rialachas corparáideach ag gach ceanneagraíocht gur gá dóibh a chomhlíonadh chomh maith agus tá sé rídheacair é seo a dhéanamh nuair nach bhfuil maoiniú ann le bunchostais ar nós árachais a íoc, ag cuid de na ceanneagraíochtaí.”
Deirtear sa ráiteas go bhfuil réiteach fadtéarmach ag teastáil chun maoiniú na gceanneagraíochtaí a chinntiú agus nach leor an réiteach a tharla i mbliana nuair a cheadaigh an rialtas ó dheas maoiniú aon-uaire chun bearna i mbuiséad Fhoras na Gaeilge a líonadh.
Tá na ceanneagraíochtaí ag lorg cruinnithe éigeandála leis an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta Dara Calleary agus leis an Aire Pobal Gordon Lyons chun an scéal a phlé leo.
Deirtear go mbeidh na ceanneagraíochtaí i dteagmháil le Foras na Gaeilge le féachaint an féidir teacht ar réiteach agus dul i mbun an chórais chomhpháirtíochta arís go luath.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Foras na Gaeilge an tseachtain seo go bhféadfaí an cúram atá orthusan na ceanneagraíochtaí Gaeilge a mhaoiniú a bhaint díobhsan agus a thabhairt do Roinn na Gaeltachta mar bhealach chun réiteach a fháil ar dheacrachtaí airgeadais an Fhorais.
Dúirt sé nach raibh ansin ach moladh amháin chun an scéal a réiteach agus go raibh an Foras chun an scéal uile a phlé tuilleadh le Roinn na Gaeltachta agus leis an Roinn Pobal.
Fág freagra ar 'Na ceanneagraíochtaí ag seasamh siar ó chomhpháirtíocht mhaoinithe le Foras na Gaeilge go dtí go réiteofar an ‘cruachás airgeadais’'