Tá sé ráite ag Foras na Gaeilge go bhféadfaí an cúram atá ar an eagraíocht na ceanneagraíochtaí Gaeilge a mhaoiniú a bhaint díobhsan mar bhealach chun réiteach a fháil ar dheacrachtaí airgeadais an Fhorais.
Tá sé géillte ag Foras na Gaeilge go bhfuil easpa maoinithe ag cur as go mór d’obair na heagraíochta an teanga a chur chun cinn ar fud an oileáin le tamall anuas agus sáinn ann i dtaobh an mhaoinithe a thagann ó rialtas Thuaisceart Éireann.
Tá sé ráite ag an rialtas ó dheas go bhfuiltear sásta tuilleadh maoinithe a chur ar fáil do Foras na Gaeilge ach faoin múnla reatha, ina mbíonn ar na rialtais thuaidh agus theas arduithe a aontú, tá éirithe leis an DUP bac a chur ar iarrachtaí cur le buiséad an Fhorais.
Deir Príomhfheidhmeannach Foras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, go bhfuil an eagraíocht le bualadh le hoifigigh ó Roinn na Gaeltachta ó dheas agus ón Roinn Pobal ó thuaidh chun cúrsaí maoinithe a phlé. Ar na réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann, dar leis, bheadh aistriú chúram na gceanneagraíochtaí ón bhForas go dtí Roinn na Gaeltachta.
“Ní dóigh liom gur réiteach fadtéarmach a bheadh ann ach is dóigh liom go gcuideodh sé cuid de na cúraimí atá ar Fhoras na Gaeilge atá ag úsáid ár gcuid maoinithe [a aistriú],” a dúirt Ó Coinn ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Faoi láthair, cuireann an Foras bunmhaoiniú suas le €5 milliún ar fáil gach bliain do na ceanneagraíochtaí – Conradh na Gaeilge, Cumann na bhFiann, Gael Linn, Gaeloideachas, Glór na nGael agus Oireachtas na Gaeilge. Is ionann sin agus beagnach aon trian de bhuiséad bliantúil an Fhorais.
“Dá mbeadh an €5 milliún sin ar fáil againne le caitheamh ar réimsí, cur i gcás Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge, is cuidiú mór a bheadh ann,” a dúirt Ó Coinn.
“Is cinntí iad seo a chaithfidh an dá rialtas a bheith sásta leo agus níl ceann ar bith acu díreach nó furasta a dhéanamh. Tá cuid mhór castachtaí agus deacrachtaí ag baint le réiteach ar bith den chineál sin.”
Tá Roinn na Gaeltachta ag cur maoiniú díreach ar fáil do na ceanneagraíochtaí le roinnt blianta anuas. Dúradh go gcuirfidh an rialtas ó dheas €3.6 milliún ar fáil do na sé cheanneagraíocht Ghaeilge in 2025, sa bhreis ar an mbunmhaoiniú a chuireann Foras na Gaeilge ar fáil dóibh. Ardú é sin ón €1.8 milliún a bhronn an Rialtas ar na ceanneagraíochtaí in 2023.
Is ar éigean go bhfuil ardú tagtha ar bhuiséad Foras na Gaeilge le blianta fada anuas agus tarraingíodh raic ag tús na bliana nuair a d’fhógair an Foras go raibh ciorruithe forleathana luach €800,0000 le déanamh ar an maoiniú a chuireann an eagraíocht ar fáil do ghrúpaí timpeall na tíre. Cheadaigh Aire na Gaeltachta Dara Calleary maoiniú os cionn €600,000 mí Aibreáin chun cuid de chostais an Fhorais a íoc.
Dúirt an tAire Calleary an tseachtain seo go bhfuil sé mar thosaíocht ag a Roinn oibriú leis an Roinn Pobal ó thuaidh chun socrú fadtéarmach ar dheacrachtaí an Fhorais a fháil.
Tá sé ráite ag Conradh na Gaeilge le cúpla bliain anuas nach bhfuil struchtúr maoinithe an Fhorais ag obair agus go bhfuil athrú ag teastáil.
Fág freagra ar 'Moladh go maoineodh Roinn na Gaeltachta na ceanneagraíochtaí go díreach curtha chun cinn mar réiteach ar dheacrachtaí Foras na Gaeilge'