FOGHLAIMEOIRÍ: Meascán Mearaí

Rólghlacadh

 

Labhairt

  • Ag obair le do pháirtí tosaigh ag caint faoin méid atá le feiceáil sa phictiúr seo.

Scríobh

  • Cén fáth a bhfuil an bheirt seo ag argóint?
  • Úsáid ábhar an phictiúir mar ábhar spreagtha.
  • Scríobh an comhrá a bheadh eatarthu.

Ábhar machnaimh

  • Cén fáth a bhfuil siad ag argóint?
  • An eachtra/rud faoi leith a bhí ann, nó ar shraith eachtraí/cúpla rud a bhí i gceist?
  • An raibh éinne eile i gceist?
  • Bíodh rabhadh/foláireamh sa chomhrá.
  • Bíodh réiteach sa chomhrá.

Scafláil teanga:

  • Ní thuigim/ní chreidim go/gur…
  • Ní aontaím…
  • Tá tú ag insint bréag/éithigh
  • Cothrom na Féinne
  • Ar buile
  • Tá díomá orm
  • Níl/tá an milleán orm/ort
  • Tá tú ag áibhéil
  • Ba cheart/caithfidh tú…

Cuimhnigh gur féidir focail eile a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.

Aithris agus éisteacht

  • Nuair atá an comhrá scríofa agaibh déanaigí é a aithris.
  • Ansin bog ar aghaidh go dtí duine eile agus déan do chomhrá, agus a c(h)omhrá siúd, a aithris.

Fág freagra ar 'FOGHLAIMEOIRÍ: Meascán Mearaí'