Ba í cuairt stáit Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, ar an tSín an fiontar is tábhachtaí ó thaobh gnóthaí eachtracha aige mar uachtarán, i bhfianaise a dhiongbháilte agus atá sé beartas eachtrach Mheiriceá a aistriú go daingean i dtreo na Síne agus an Oirthir.
Is deacair, áfach, a fháil amach céard leis a bhí Trump ag súil a bhaint as an gcuairt, ach is cinnte gur fhill sé folamh.
B’ábhar gáire a chuid iarrachtaí an tuairim a thabhairt gur thacaigh Uachtarán na Síne, Xi leis maidir leis an Iaráin agus Caolas Hormuz.
Chomh ghreannmhar céanna a bhí an tuairim a foilsíodh san Financial Times gur éirigh le Trump ding a chur – nó tús dinge – idir an tSín agus an Rúis.
A mhalairt ar fad atá fíor: tuigeann an dá thír go bhfuil gá acu le tacaíocht agus comhoibriú a chéile, tá siad ag dul ar aghaidh le chéile go tapa lena bpleananna chun airgeadra trádála BRICS a fhorbairt mar rogha ar an dollar, agus leanann an comhoibriú míleata agus fuinnimh ar aghaidh gan aon laghdú.
Go deimhin léirigh an fháilte a cuireadh roimh Putin sa tSín, díreach tar éis chuairt Trump, cé chomh dlúth is atá an dá thír fós.
Tháinig Donald Trump go dtí an tSín le toscaireacht mhór ó na príomhghnólachtaí agus a thionchar geo-pholaitiúil aige, a bhuíochas sin do tharaifí SAM, smachtbhannaí tánaisteacha, agus ról SAM san Áise Thiar (an Meánoirthear).
Ach tá a tionchar geopholaitiúil féin forbartha ag an tSín freisin, go háirithe trína cumhacht trádála i dteicneolaíochtaí lárnacha a bhuíochas dá greim ar na slabhraí soláthair.
D’eisigh Státchomhairle na Síne dlíthe nua i mí Aibreáin a chuireann bealach struchtúrtha i bhfeidhm chun bearta eachtracha a aithint, a bhacadh, agus freagairt dóibh. Is féidir liosta earnálacha lárnacha a choigeartú, le fócas ar leith ar shlabhraí soláthair, agus monatóireacht a dhéanamh orthu lena chinntiú an gcomhlíonann siad dlí na Síne nó dlí neamh-Shíneach.
Bunaithe ar thorthaí imscrúduithe, is féidir leis an lucht riaracháin frithbhearta a chur i bhfeidhm.
Cruthaíonn na dlíthe seo aincheist ó thaobh comhlíontachta do ghnólachtaí idirnáisiúnta a bhíonn i mbun gnó le comhpháirtithe Síneacha, chomh maith le comhlachtaí idirnáisiúnta a oibríonn trí fhochuideachtaí atá lonnaithe sa tSín.
D’fhéadfadh sé a bheith dodhéanta a bheith go hiomlán comhlíontach: comhlíonann siad smachtbhannaí na Stát Aontaithe nó dlí na Síne, ach ní féidir an dá rud a comhlíonadh.
Fiú nuair a bhailítear faisnéis sa tSín dá suirbhéanna faoi dhícheall cuí ar shlabhraí soláthair, lena n-áirítear cearta an duine agus saothar éigeantais, caithfidh siad dlí na Síne a chomhlíonadh feasta.
Go praiticiúil, fiú mura bhforfheidhmítear go hiomlán iad, d’fhéadfadh go nglacfadh comhpháirtithe na Síne seasamh airdeallach agus go mbeadh siad níos drogallaí comhoibriú le gnólachtaí idirnáisiúnta. Freagairt dhlíthiúil chomhionann ar smachtbhannaí na Stát Aontaithe? Ciallaíonn sé sin, cinnte, gur féidir leis an tSín anois pionós a ghearradh ar ghnólachtaí, ar rialtais agus ar institiúidí a chuireann smachtbhannaí Stáit Aontaithe Mheiriceá i bhfeidhm.
D’fhéadfadh an cogadh san Iaráin a bheith ar an gcéad chás tástála. Tá an tSín freisin ag tabhairt dúshlán ról an dollair mar airgeadra ainmnithe le haghaidh ola. Scríobhtar san iris Cradle go bhfuil idirbheartaíocht ar siúl faoi ola a thrádáil i yuan le cead a fháil dul slán trí Chaolas Hormuz.
Dar le Deutsche Bank, d’fhéadfadh cogadh na hIaráine an petra-yuan a chruthú agus deir go bhféadfadh sé gurbh é seo deireadh cheannas SAM ar airgeadas domhanda. Ba é an petrodollar an bhunchloch a bhí le ról forimeallach an dollair don trádáil dhomhanda.
Is é sin an fáth a raibh céatadán ard dá gcúlchistí airgeadra ag bancanna ceannais i ndollair. Is é an cárta is mó é atá ag Meiriceá chun smachtbhannaí a chur ar dhaoine eile ionas go gcomhlíonfaidh siad a rialacha féin.
Má tá dhá scéim chomhlíonta ann anois atá ag teacht salach ar a chéile, laghdaíonn sé sin an phribhléid urghnách a bhí ag Meiriceá. In éineacht le margadh trádála domhanda nach bhfuil chomh mór faoi chuing an dollar, d’fhéadfadh sé an domhan a iompú ina dhomhan ilpholach ó thaobh cúrsaí airgeadais, trádála agus dlí.
Díreach an sprioc atá Meiriceá ag iarraidh a sheachaint.
Ar deireadh thiar is éard a tháinig as an gcuairt ná dearbhú go bhfuil tionchar Mheiriceá ag dul i laghad agus go bhfuil domhan ilpholach ar na bacáin.
Maidir leis an Eoraip, ámh, léiríonn an scéal ar fad cé chomh neamhábhartha is atá an Eoraip i gcúrsaí an domhain anois.
Fág freagra ar 'Fáilte mhór roimh Trump sa tSín ach níor tugadh aon fhéirín dó'