Ros Comáin ag iarraidh an ghaoth a choinneáil sna seolta in aghaidh Thír Eoghain

Tá sé seachtaine ann ó d’imir Tír Eoghain go deireanach agus iad anois ag iarraidh teacht aniar aduaidh ar sheaimpíní Chonnacht ar a bhfód féin

Ros Comáin ag iarraidh an ghaoth a choinneáil sna seolta in aghaidh Thír Eoghain

Ros Comáin v Tír Eoghain – Páirc de hÍde. 2pm (Beo ar GAA+)

Tá gála ag séideadh i seolta Ros Comáin i láthair na huaire agus seaimpíní Chonnacht ag fáil réidh le haghaidh a thabhairt ar Thír Eoghain sa gcéad bhabhta de chraobh na hÉireann i bPáirc de hÍde ach beidh a fhios acu go maith gur féidir le rudaí athrú an-tapa.

Nuair a chas na foirne seo ar a chéile ar an Ómaigh dhá bhliain ó shin, bhí Ros Comáin in ísle brí tar éis dóibh a bheith díbeartha ó Roinn 1 agus buailte ag Maigh Eo i mbabhtaí leathcheannais Chonnacht. Mar sin féin, d’éirigh leo teacht aniar aduaidh ar Thír Eoghain agus bua dhá phointe a fháil.

B’iontach an radharc é an ceiliúradh a rinne imreoirí agus lucht tacaíochta Ros Comáin ar an bpáirc tar éis dóibh Gaillimh a chloí i gcluiche ceannais an chúige cúpla seachtain ó shin ach beidh a fhios ag Mark Dowd gurb é an jab atá le déanamh aige anois ná Ros Comáin a choinneáil ag an leibhéal sin agus gan scaoileadh leis an deis atá acu.

Ní haon iontas é mar sin go bhfuil an fhoireann chéanna roghnaithe aige a thosaigh cluiche ceannais Chonnacht. Fágann sin go bhfuil Daire Cregg fós i measc na n-ionadaithe ach má tá Darragh Heneghan, Colm Neary, agus Diarmuid Murtagh in ann an tionchar céanna a bheith acu ar an imirt, ní aireoidh siad uathu Cregg agus beidh sé féin ar a dhícheall ag iarraidh gaisce a dhéanamh nuair a thagann sé isteach.

Níl mórán tráchta ar Thír Eoghain i mbliana tar éis drochfheachtas sraithe ach bhí gá le ham breise sa gcluiche idir iad agus Ard Mhacha i réamhbhabhta ceathrú ceannais Uladh agus ní raibh ag foireann Kieran McGeeney, a áirítear ar cheann de na foirne is fearr sa tír, ach bua aon phointe amháin.

Bhí Conn Kilpatrick ar fheabhas an lá sin agus is dea-scéal do Malachy O’Rourke go bhfuil Brian Kennedy ar fáil chomh maith cé gur bhain gortú don imreoir lár páirce in aghaidh Ros Comáin. Faraor, níl Darragh Canavan tagtha chuige féin ón ngortú a bhain dó sa gcluiche céanna agus níl sé fiú i measc na n-ionadaithe inniu. D’aimsigh Mattie Donnelly trí phointe nuair a tháinig sé isteach in áit Canavan in aghaidh Ard Mhacha agus tá sé ainmnithe ar an bhfoireann inniu, mar atá Kieran McGeary.

Tá sé seachtaine ann ó chuaigh Tír Eoghain chun páirce agus cé go dtéann scíth chun leasa foirne go minic, is fada an t-achar é sin le bheith díomhaoin. Má thógann sé rófhada orthu luí isteach ar an gcoimhlint, beidh siad i dtrioblóid.

Fág freagra ar 'Ros Comáin ag iarraidh an ghaoth a choinneáil sna seolta in aghaidh Thír Eoghain'