A Theachta Dála nuathofa, focal i do chluas sula dtéann tú i mbun oibre i dTeach Laighean

Dhéanfadh buaiteoirí na bhfothoghchán a leas féin agus leas an phobail in éineacht dá ndéanfaidís machnamh ar na moltaí seo

A Theachta Dála nuathofa, focal i do chluas sula dtéann tú i mbun oibre i dTeach Laighean

Comhghairdeas leat a Theachta, agus gach rath ort agus aghaidh á tabhairt agat ar an mbóthar go Teach Laighean Dé Máirt.

Tá ré phearsanta aisteach romhat. Níl ach 172 comhalta eile den Dáil agus scata beag iarTheachtaí Dála a bhfuil lántuiscint acu ar an athrú a thagann ar shaol gach duine a thoghtar mar ionadaí sa pharlaimint náisiúnta.

Ní foláir cuimhneamh freisin ar an athrú nach beag a thagann ar shaol duine a thoghtar an chéad uair, agus ar shaol a gcéilí nó a bpáirtithe, chomh maith lena dteaghlaigh, a muintir agus a gcairde.

Tá idir chomhairle agus achainí leagtha amach sna pointí seo a leanas – comhairle chun cuidiú leat iarracht a dhéanamh teacht ar chothromaíocht oibre is saoil. Sin agus achainí ort saothrú chun saol na tíre a fheabhsú ar dhóigh nach dtugtar do dhuine nach dtoghtar chun na Dála.

Eascraíonn an chuid is mó dá bhfuil scríofa thíos (admháil: roimh thús an chomhairimh atá sé á scríobh) ó chomhráite an scríbhneora seo le Teachtaí Dála. Is dócha nach n-aontóidh tú leis na pointí seo go léir, ach b’fhiú machnamh orthu mar sin féin agus tú ar tí dul i mbun oibre.

  1. Ar mhaithe leat féin

Tabhair aire duit féin. Gan dabht is féidir gairm 24/7 a dhéanamh den pholaitíocht ach tá codladh, scíth, saol pearsanta agus thar aon rud eile, sláinte de dhíth ar gach duine. Bíodh sé mar riail agat lá nó achar ama ar a laghad gach seachtain a choinneáil glan ó pholaitíocht agus ó ghlaonna/téacsanna a bhaineann le cúrsaí polaitíochta. Déan socrú le rúnaí nó le cúntóir a chuirfidh scéala chugat i gcás éigeandála.

  1. Na meáin shóisialta

D’fhéadfá a bheith ag scrolláil agus ag giolcaireacht ó mhaidin go hoíche ar na meáin shóisialta, mar a dhéanann Teachtaí Dála áirithe. Mura bhfuil socrú déanta agat roimhe seo, déan socrú anois faoin gcineál ábhar a sheolfaidh tú agus faoin ardán ar a seolfaidh tú é – Facebook, X, Tiktok, Instagram srl.

Ná cuir am amú ag freagairt raiméise ná ag argóint ar líne le hamadáin.

  1. Séimhe agus a luach

Ná bí róghéar ná róphearsanta agus Teachtaí ar an taobh eile den Dáil á gcáineadh agat – ní heol duit cé a bheas i do theannta ar thaobh an rialtais amach anseo. Níor shíl ionadaithe Fhianna Fáil agus Fhine Gael ar feadh i bhfad go mbeidís ag rialú na tíre in éineacht.

  1. Do chomrádaí contúirteach

Oibrigh go dian ar mhaithe le pobal an dáilcheantair agus ar mhaithe leat féin, ach coinnigh súil ghéar i gcónaí ar an teachta áitiúil eile i do pháirtí féin.

Níl namhaid níos dainséaraí ná do chomrádaí, go háirithe má shíltear nach bhfuil ach caolseans agaibh an dá shuíochán a choimeád san olltoghchán.

  1. Ná seachain ceisteanna

Freagair an fón má ghlaonn iriseoir ort, ar mhaithe leat féin thar aon chúis eile (níl mionlach – corrchladhaire agus rógaire – san áireamh). Mura bhfreagraíonn tú glaoch nó ceist a chuireann iriseoir freagrach ort, cothóidh tú spéis agus amhras.

  1. Bertie agus ceacht le foghlaim

Cuimhnigh ar a ndúirt Bertie Ahern go míchúramach le vótálaí agus é ag stocaireacht i mBaile Átha Cliath Láir, agus ar an taifeadadh a rinneadh air i ngan fhios dó.

Thuill caint an iarThaoisigh cáineadh, ní toisc gur shíl mórán gur ciníochas dáiríre a spreag é ach toisc gur thug Bertie le fios go ndéarfadh sé rud ar bith chun vótálaí a shásamh. Bí aireach, bí ionraic agus beagfhoclach mura mbíonn tuairim stuama agat.

Agus glac leis i gcónaí go bhfuil ceamara ag gach duine i ngach áit.

  1. Mura bhfuil bun-aidhm anois agat, bíodh

Ní gá a rá gur atoghadh do phríomhghnó. Sin ráite, fiafraigh díot féin cén gnó eile a chuirfidh tú chun cinn sula dtabharfar vóta ar do shaothar.

Mar shampla, an mbeidh tú mórtasach má thugann tú tús áite i gcónaí do dhaoine a bhfuil tithe acu in áit cuidiú le tógáil tithe agus árasán atá de dhíth ar dhaoine atá gan buan-ionad cónaithe nó atá ar imirce dá cheal?

  1. Éist le do lucht leanúna

Labhair ó am go ham leis na daoine a bhí ag stocaireacht ar do shon. Chun buíochas a ghabháil leo gan dabht, ach chun a fháil amach an gceapfaidh siad gurbh fhiú a ndíograis in 2026 an tairbhe ar ball.

  1. Níos mó ná ‘cúpla focal’ le do thoil

Labhair Gaeilge uaireanta. Mura bhfuil Gaeilge ar do thoil agat, déan iarracht í a fhoghlaim. Cuimhnigh ar dhea-shampla an Uachtaráin a d’fhoghlaim an teanga agus í meánaosta.

Fiú mura mbeidh am agat Gaeilge a fhoghlaim a chuirfeadh do chumas ar aon chaighdeán leis an Uachtarán, tuillfidh iarracht dháiríre meas.

  1. Ábhar misnigh, ach…

Tá seans réasúnta agat a bheith atofa san olltoghchán. Ó thús an chéid, is i bhfothoghcháin a toghadh 19 Teachta Dála an chéad uair. D’éirigh lena bhformhór (cúig Theachta dhéag) a suíocháin a choimeád sa chéad fhothoghchán a reáchtáladh i ndiaidh na bhfothoghchán.

Tá ábhar misnigh agat mar sin, ach tabhairt faoin jab nua i gceart. Faraor, ní dheimhneoidh díograis nach mbeidh imní, éiginnteacht agus amhras faoina bhfuil i ndán do do shuíochán i do chrá as seo amach, go háirithe agus lá an olltoghcháin ag teannadh leat. Fáilte go Teach Laighean!

Fág freagra ar 'A Theachta Dála nuathofa, focal i do chluas sula dtéann tú i mbun oibre i dTeach Laighean'