Tá airgead mór ag baint le díol earraí a bhaineann le spórt, ó chárta Mickey Mantle go dtí boinn Chraobh Shinsearach na hÉireann
Mártan Ó Ciardha
Feicim nach fada go mbeidh ceant arís ar an mbonn a fuair Pele nuair a bhuaigh an Bhrasaíl Craobh Sacair an Domhain sa tSualainn den chéad uair ariamh i 1958.
Tuairim deich mbliana ó shin shocraigh seisean gach a raibh aige de bhoinn agus de na nithe eile a bhain lena shaol peile a dhíol. Trí lá a thóg sé ar cheann de cheantálaithe móra Londan an trunc a fholmhú. €400,000 a íocadh ar an mbonn deiridh de na trí cinn dhomhanda a bhí ina sheilbh, an ceann a bhuaigh sé i Meicsiceo i 1970; €160,000 ar cheann na Sile i 1962; agus €230,000 ar cheann na Sualainne.
Íocadh €517,000 ar mhacasamhail de Chorn Jules Rimet a bronnadh air nuair a thuill sé an tríú bonn. Bhí suas le 2,000 earra uilig i gceist sa díolachán ar fad agus eatarthu charnaigh siad tuairim is €4 mhilliún.
Sular shocraigh sé iad sin a chur ar ceant, bhí suaitheantais go leor a bhain lena shaol bronnta ag Pele ar chathair Santos ina thír dhúchais, áit ar imir sé formhór a chuid peile.
Bhain cúpla cúis lena ndíol a dúirt sé agus ní raibh baint ag ceachtar acu le hairgead chur ina phócaí féin. Thuigfeá sin i gcás fir a raibh luach beagnach €100 milliún de mhaoin aige nuair a bhásaigh sé in 2002.
Eagraíochtaí carthanachta a fuair cuid den airgead mar aon leis an ospidéal leanaí is mó sa mBrasaíl. Bhí sé ag dul rite leis freisin aire agus caomhnú a dhéanamh ar bhailiúchán chomh mór agus a bhí aige, a dúirt Pele. Dá bharr, bhí sé den tuairim gur mhó maitheas a dhéanfadh sé iad a roinnt amach ar lucht a leanta.
Oiread agus an ceann níor fágadh gan díol.
Mórchomhlacht ceantála eile i Londain darb ainm Budds atá ag plé le hathdhíol bhonn 1958 faoi cheann míosa. Díol suime is ea na tairiscintí a gheobhas siad air, ach bheadh iontas orm murar in airde a bheas a luach gaibhte.
Tá a chruthúnas sin le fáil nuair a fheiceann tú na praghsanna atá leagtha ag an gcomhlacht ar earraí eile a bhaineann le spórt agus a bheas á ndíol ag an gceant céanna. Tá súil acu go bhfaighfear idir €230,000 agus €350,000 ar an ngeansaí a chaith cúl báire Shasana, Peter Shilton, nuair a chuaigh cúl cáiliúil Diego Maradona thairis ag Craobh an Domhain 1986.
B’in an ceann nach raibh agus nach bhfuil aon chruthúnas cinnte ann cé acu lena chloigeann nó lena lámh a chuir Diego an liathróid san eangach. Nuair a cuireadh an cheist air dúirt sé; ‘Un poco con la cabeza de Maradona y un poco con la mano de Dios.’ (beagán de chloigeann Maradona agus beagán de lámh Dé).
Fearacht Pele, thuill Maradona freisin na milliúin as a chuid imeartha. De bharr a chuid drabhláis, a chuid caifeachais agus a neamhaird ar fhear na cánach, tá siad ann a deir nach raibh mórán le cois €90,000 aigesean nuair a bhásaigh sé in 2020 agus gan é ach trí scór bliain d’aois.
Bhain tuilleadh de phraiseach leis an scéal mar nach raibh aon uachta déanta aige – ochtar clainne ag lorg a gcoda féin agus aighnis go leor eile faoi chúrsaí atharthachta.
Feicim freisin go bhfuil Budds ag díol an gheansaí ar dhath Thuaisceart Éireann a chaith Norman Whiteside ag Corn an Domhain i 1982 sa Spáinn. Cuireann a luach iontas orm – idir €35,000 agus €58,000.
Ar ndóigh is airgead suarach sin i gcomparáid leis an luach a chuirtear ar earraí cuimhneacháin spórt sna Stáit Aontaithe. Chomh fada siar le deireadh an 19ú Céad bhí comhlachtaí tobac go háirid ag cur cearnóga beaga cairtchláir ar a mbíodh pictiúirí d’imreoirí isteach i bpacaí toitíní. Neartaigh sin an clúdach tanaí a bhíodh orthu siúd agus ar ndóigh d’fhág sé óige Mheiriceá ag impí ar a dtuismitheoirí oiread deataigh agus ab fhéidir a chur san aer – á ndeifriú go gceannódh siad bosca eile.
Ollghnó is ea an tionscal faoi seo sna Státaí agus ní mílte ach milliúin a íoctar ar an gcuid is luachmhaire acu.
Tuairim trí bliana ó shin tugadh $12.5 milliún ar chárta ar a raibh an t-imreoir baseball Mickey Mantle a d’imir do na Yankees idir 1951 agus 1968. Ba i bhfad roimhe sin (1897-1917) a d’imir Honus Wagner do na Pittsburgh Pirates. Dá réir sin ní féidir ach go raibh cóir mhaith ar a phictiúr siúd nuair a fuarthas $7.25 milliún air cúpla bliain ó shin.
Lena ais sin is margadh beag, bídeach é ceann na tíre seo, ní nach ionadh.
Thart ar an am céanna ar díoladh pictiúir Honus Wagner, frítheadh €32,000 ar bhonn a bronnadh nuair a bhuaigh Tráchtálaithe Luimnigh an chéad imirt ariamh ar Chluiche Ceannais Peile na hÉireann in 1887.
Ceantálaí as Caisleán an Chomair a bhfuil Fonsie Mealy air is mó a bhíonn ag plé lena leithéid sa tír seo. Nuair a iarradh air an bailiúchán a bhí ag peileadóir iomráiteach Chiarraí, Joe Barrett, a dhíol, fuair Fonsie €40,000 air. Bhí boinn Chraobh Shinsearach na hÉireann agus na Mumhan mar aon le boinn Sraithe Náisiúnta san áireamh.
Margadh fánach go maith freisin é an ceann faoina ndíoltar geansaithe imeartha a bhaineann leis an am atá caite. Is beag acu siúd nach bhfuil le fáil faoi bhun €100 ar na suíomhanna idirlín ar a ndíoltar iad. Cuireann iad a bheith seanórtha lena luach, go háirithe más le bliain inar bhuaigh an contae Craobh na hÉireann a bhaineann siad.
Feicim €350 a bheith curtha mar luach ar sheangheansaí de chuid Chontae an Dúin ón mbliain 1991 agus €350 ar gheansaí Mhaigh Eo 1989, cé gur bhuaigh Corcaigh orthusan sa gcluiche ceannais.
Le foireann ar buadh orthu freisin a bhaineann an geansaí is costasaí a dtáinig mé trasna air – ceann a chaith duine éicint de pheileadóirí Chonnacht nuair a bhuaigh Cúige Mumhan orthu i mbabhta ceannais Chomórtas an Bhóthair Iarainn 1981.
Is leat é ach tú a bheith sásta scaradh le €400.
Fág freagra ar 'Cé mhéad a thabharfá ar bhonn a fuair Pele nó ar gheansaí a caitheadh i gComórtas an Bhóthair Iarainn?'