Caimiléireacht sna crainnte
Ba é bua Arsenal i bPríomhroinn Shasana scéal mór an tsacair thall an tseachtain seo ach bhí an chonspóid atá ag titim amach sa dara roinn beagnach chomh mór céanna. Cuireadh tús leis an scéal cúpla seachtain ó shin nuair a chonacthas d’fhoireann Middlesborough go raibh fear a bhí i bhfolach taobh thiar de chrann i mbun taifeadta ar sheisiún traenála dá cuid gan chead. D’éirigh le mo dhuine éalú sular rugadh air ach fuarthas amach sula i bhfad go raibh sé bainteach le foireann cóitseála Southampton, foireann a bhí ag tabhairt aghaidh ar Middlesborough sa dara chluiche i mbabhtaí leathcheannais na gcluichí cáilithe don Phríomhroinn.
Southampton a tháinig slán ó na babhtaí leathcheannais sin, toradh a d’fhág gurb iadsan a bheadh ag tabhairt aghaidh ar Hull City sa mbabhta ceannais Dé Sathairn beag seo ach tháinig casadh mór sa scéal Dé Máirt nuair a d’fhógair na húdaráis go raibh Southampton caite amach as an gcomórtas de bharr a gcuid spiadóireachta. An-ghéar an pionós é agus deis anois caillte ag Southampton an Phríomhroinn a bhaint amach agus lámh a fháil ar an suas le £200 milliún a bheadh ag dul dóibh as an ngaisce sin a dhéanamh.
Tráthúil go leor, tá conspóid spiadóireachta dá leithéid i stair na coimhlinte is mó sa pheil an deireadh seachtaine seo, Ciarraí agus Dún na nGall i gCill Airne inniu.
Agus Ciarraí ag fáil réidh le haghaidh a thabhairt ar Dhún na nGall i gcluiche ceannais na hÉireann 2014, bhí foireann na Ríochta i mbun traenála i Staid an Ghearaltaigh i gCill Airne nuair a chonacthas fear i bhfolach thuas i gcrann agus é ag faire ar chúrsaí. Mar a tharla i gcás Middlesborough agus Southampton, níor rugadh ar an spiaire ach i gcás fhear Chill Airne, thit a vallait amach as a phóca. Fuarthas amach gur Patrick Roarty a bhí ar an dreapadóir agus théis ruainne eile tochailte, nochtadh gur cara mór le Jim McGuinness a bhí ann agus gurbh é a sheas sé nuair a phós bainisteoir Dhún na nGall.
Tháinig an scéal anuas nach raibh aon bhaint ag Roarty, a raibh cónaí air i gCiarraí, le foireann Dhún na nGall agus nach raibh sé ach ‘fiosrach’.
Murab ionann agus scéal Southampton, ní raibh aon fhiosrúchán mór faoi choir na gConallach. Bhuaigh Ciarraí an cluiche ceannais, rud a d’fhág gur cuireadh an eachtra go cúl ár gcinn agus níl ann anois ach scéal grinn a insítear nuair a chasann na foirne sin ar a chéile.
Cluichí an deireadh seachtaine – Tottenham Hotspur v Everton/West Ham v Wolves (Dé Domhnaigh, 4pm – Beo ar Sky Sports)
Tá deireadh leis an iomaíocht ag barr na príomhroinne anois agus gan le déanamh ach an corn a bhronnadh ar Arsenal tráthnóna Dé Domhnaigh. Níl tábhacht ar bith leis an gcluiche idir iad féin agus Crystal Palace i Selhurst Park mar sin agus seans go mbeidh leathshúil ag lucht tacaíochta na Gunners ar a gcomharsana agus Tottenham Hotspur ag imirt sa mbaile in aghaidh Everton.
Tá Spurs dhá phointe chun tosaigh ar West Ham i láthair na huaire agus pointe amháin eile ag teastáil ó fhoireann Roberto De Zerbi chun an t-ísliú céime a sheachaint. Dá gcaillfeadh Spurs agus dá mbuafadh West Ham ar Wolves, thitfeadh Spurs go dtí an dara roinn den chéad uair le leathchéad bliain. Beidh na Gunners ag ceiliúradh pé rud a tharlóidh Dé Domhnaigh ach barr maise a bheadh i dteip Spurs.
Fág freagra ar 'Caimiléireacht sna crainnte agus deis cheiliúrtha eile ag na Gunners'