Caomhnú na Gaeltachta an beartas teanga is mó a shíleann an pobal ‘an-tábhacht’ a bheith leis

De réir 'An Suirbhé ar Dhearcthaí i Leith na Gaeilge 2025', dúirt 64% go bhfuil ‘cothabháil na Gaeilge’ sa Ghaeltacht 'an-tábhachtach’

Caomhnú na Gaeltachta an beartas teanga is mó a shíleann an pobal ‘an-tábhacht’ a bheith leis

Cosaint na Gaeltachta an ghné de pholasaí teanga an stáit is mó a shíleann an pobal an-tábhacht a bheith leis, de réir thorthaí an mhórshuirbhé náisiúnta faoin nGaeilge a foilsíodh an tseachtain seo.

De réir An Suirbhé ar Dhearcthaí i Leith na Gaeilge 2025, dúirt 64% go bhfuil ‘cothabháil na Gaeilge’ sa Ghaeltacht an-tábhachtach’.

D’fhág sin gurb é caomhnú na Gaeilge sa Ghaeltacht an beartas rialtais is mó a dúirt daoine go raibh tábhacht leis ó thaobh chaomhnú na Gaeilge trí chéile.

Sa dara háit bhí múineadh na Gaeilge do gach páiste sa tír. Bhí 58% den phobal den tuairim go raibh tábhacht leis an nGaeilge a mhúineadh go maith do pháistí.

Thug 25% le fios go raibh caomhnú na Gaeltachta “réasúnta tábhachtach” ach níor thug ach 1% de na daoine a ghlac páirt sa suirbhé le fios nach raibh sé tábhachtach ar chor ar bith na ceantair ina bhfuil an Ghaeilge fós ina teanga phobail a chaomhnú.

Bhí 3% den tuairim nach raibh caomhnú na Gaeltachta “an-tábhachtach” agus ní raibh tuairim bealach amháin ná bealach eile ag 6%.

Maidir le múineadh na teanga 31% a bhí den tuairim go raibh sé “réasúnta tábhachtach”.

Cheap 48% den phobal ó dheas go raibh sé an-tábhachtach go gcuirfeadh an Rialtas a chuid seirbhísí poiblí ar fáil i nGaeilge.

Leabhair a bheith ar fáil i nGaeilge agus “na meáin Ghaeilge” an dá réimse eile a ceistíodh. Bhí 43% den tuairim go raibh leabhair an-tábhachtach agus 43% den tuairim go raibh na meáin Ghaeilge an-tábhachtach.

Ag bun an liosta sa Deisceart bhí forbairt “teicneolaíochtaí digiteacha i nGaeilge”  ar shíl 38% an-tábhacht bheith léi.

Ba lú i bhfad na daoine ar an taobh eile den teorainn a shíl na nithe sin a bheith an-tábhachtach. Bhí múineadh na Gaeilge do pháistí an-tábhachtach nó réasúnta tábhachtach, dar le 51% den phobal ansin. Seirbhísí poiblí i nGaeilge do chainteoirí Gaeilge a bhí sa dara háit agus 59% den phobal ó thuaidh den tuairim go raibh an-tábhacht nó tábhacht réasúnta leis sin.

Cheap beagnach leath na ndaoine, sa dá dhlínse, nach bhfuil an rialtas “ag déanamh go leor” i leith na Gaeilge a chur chun cinn. Bhí an tuairim sin ag 48% de mhuintir an Deiscirt agus 47% de mhuintir an Tuaiscirt. Shíl 29% den phobal ó dheas agus 27% den phobal ó thuaidh go raibh “go leor” á dhéanamh ag an dá rialtas don Ghaeilge, agus ní raibh ach 2% (ó dheas) agus 10% (ó thuaidh) den phobal den tuairim go raibh “an iomarca” á dhéanamh.

Níor aontaigh tromlach na ndaoine ó dheas leis an ráiteas nár chóir don Rialtas an Ghaeilge a chur chun cinn ar chor ar bith – 80%. Bhí beagnach an céatadán céanna den tuairim chéanna ó thuaidh freisin – 79%. Cheap 13% ó dheas nár chóir don Rialtas an Ghaeilge a chur chun cinn ar chor ar bith, ach ní raibh tuairim láidir ina leith ach ag 4% de na freagróirí. Ní raibh aon tuairim ag 8% de na daoine ó dheas faoin gceist.

12% a bhí den tuairim nár chóir do Rialtas na Breataine ná d’Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann an Ghaeilge a chur chun cinn, agus bhí tuairim láidir ar an gceist sin ag 6%. Thug 11% den phobal le fios nach raibh tuairim acu bealach amháin ná bealach eile.

Maidir leis na cearta teanga is cóir a bheith ag cainteoirí Gaeilge sa dá dhlínse, bhí difríocht réasúnta mór sna tuairimí ó thuaidh agus ó dheas den teorainn. Dúirt tromlach sách mór de mhuintir an Deiscirt – 70% – go raibh sé de cheart ag cainteoirí Gaeilge “a bheith ag súil leis go mbeadh státseirbhísigh in ann Gaeilge a labhairt leo”. Ba mhionlach mór -46% – na daoine a bhí den tuairim chéanna maidir le státseirbhísigh le Gaeilge ó thuaidh.

Cuireadh ceist ar na rannpháirtithe chomh maith faoin dualgas is ceart a bheith ar eagraíochtaí deonacha – seachas comhlachtaí stáit – an Ghaeilge a chur chun cinn. D’aontaigh 60% ó dheas agus 54% ó thuaidh gur chóir go mbeadh eagraíochtaí deonacha ag cur na teanga chun cinn.

Foras na Gaeilge a choimisiúnaigh An Suirbhé ar Dhearcthaí i Leith na Gaeilge 2025, atá mar chuid de chlár taighde ar cuireadh tús leis os cionn 50 bliain ó shin.

Tá an taighde nua bunaithe ar agallamh a dhein Ipsos B&A le breis 1,000 duine ó dheas agus 498 duine ó thuaidh.

Fág freagra ar 'Caomhnú na Gaeltachta an beartas teanga is mó a shíleann an pobal ‘an-tábhacht’ a bheith leis'