Gradaim do bhialanna agus caifé Gaeltachta ag Gradaim Bialann na hÉireann

Bhuaigh Tigh Chadhain, i gCill Chiaráin i gConamara an gradam don ghastraphub is fearr in Éirinn

Gradaim do bhialanna agus caifé Gaeltachta ag Gradaim Bialann na hÉireann

Tá duaiseanna mór le rá buaite ag bialanna Gaeltachta ag Gradaim ‘Bialann na hÉireann’. Bhuaigh Tigh Chadhain, nó Coyne’s Gastropub and Pantry, i gCill Chiaráin i gConamara, an gradam don ghastraphub is fearr i gcúige Chonnacht chomh maith leis an duais mhór don ghastraphub is fearr in Éirinn.

Thug an bhialann tapas Solas atá lonnaithe sa Daingean i gCorca Dhuibhne an chraobh léi don cuisine comhaimseartha Éireannach is fearr i gcúige Mumhan agus in Éirinn trí chéile freisin.

Ba ag an mBuilín Blasta, caifé agus bácús atá lonnaithe sa Cheardlann sa Spidéal i gCois Fharraige, a bhí an lá sa rannóg ‘Nuálaí na Bliana’. Bhuaigh an Builín an duais do chúige Chonnacht.

Bhí ionadaithe ó bhreis agus 1,000 bialann, gastraphub, agus caifé i láthair ag an searmanas bronnta a bhí ar siúl in Óstán an Clayton ar Bhóthar Burlington i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo. Fuarthas os cionn 150,000 ainmniúchán ón bpobal do na gradaim, ainmniúcháin a cuireadh isteach trí shuíomh idirlín The Irish Times, urraitheoir na ngradam.

Dúirt uachtarán Chumann Bialann na hÉireann, Seán Collender, gur “ceiliúradh” a bhí sna gradaim ar na daoine atá ag obair in earnáil an fháilteachais in Éirinn, “ceann de na hearnálacha is bríomhaire dá bhfuil sa tír”.

“Chuir Gordon Ramsay síos ar Éirinn le déanaí mar ‘fhathach ina shuan’ ó thaobh cuisine na hEorpa de. Tá an fathach sin á mhúscailt anois agus is léiriú í an oíche anocht ar an méid sin. Tá cruthaitheacht, caighdeán, agus uaillmhian dhochreidte á bhfeiceáil againn i ngach aon chontae i ngnólachtaí fáilteachais agus bialanna,” a dúirt Collender.

Fág freagra ar 'Gradaim do bhialanna agus caifé Gaeltachta ag Gradaim Bialann na hÉireann'