Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Iaráin mar a bheadh rás mall rothaíochta ar siúl acu

Is féidir leis na Meiriceánaigh dul ar an ionsaí arís agus tá an chuma air go bhfuil sé ar chumas na nIaránach freagra a thabhairt orthu arís

Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Iaráin mar a bheadh rás mall rothaíochta ar siúl acu

Thart ar choicís i ndiaidh thús an chogaidh ar an Iaráin, bhí an chuma ar chúrsaí go raibh roinnt rásaí ar siúl a thabharfadh léargas ar dhul chun cinn nó fiú toradh an chogaidh.

Bhí sórt rás inmheánach ann idir cé chomh tapa agus ab fhéidir le lucht agóide na hIaráine éirí amach i gcoinne an rialtais agus cé chomh tapa agus a bheadh na húdaráis in ann a ngreim ar an gcumhacht a dheimhniú.

Tháinig sé chun solais go luath go raibh an rás sin buaite ag na húdaráis agus greim ar an gcumhacht léirithe acu in ainneoin gur maraíodh na ceannaire ba shinsearaí, an Ayatollah san áireamh.

Bhí rás eile ann idir cé chomh fada agus a mhairfeadh líon na ndiúracán agus na ndrón de chuid na hIaráine agus cé chomh fada a mhairfeadh líon na n-idircheapóirí Meiriceánacha.

De réir tuairiscí sa New York Times agus sa Wall Street Journal, tá idir 45% agus 60% de na hidircheapóirí a bhí ag na Meiriceánaigh roimh an gcogadh caite acu go dtí seo. Dar le foinsí slándála a luadh sna nuachtáin chéanna, níl ach idir 30% agus 60% de dhiúracáin agus dróin na hIaráine ídithe, rud atá séanta ag ardcheannasaí fhórsaí na Stát Aontaithe sa réigiún agus é den tuairim go bhfuil i bhfad níos lú fágtha acu.

De réir tuairisce eile sa NYT, d’éirigh leis na hIaránaigh 90% de na bealaí isteach chuig taiscí diúracán, a bhí faoi thalamh agus a dúnadh mar gheall ar ionsaithe na Meiriceánach, a athoscailt.

Níl an rás sin thart go fóill agus is féidir leis na Meiriceánaigh dul ar an ionsaí arís agus tá an chuma air go bhfuil sé ar chumas na nIaránach freagra a thabhairt le haghaidh babhta eile ar a laghad.

Ach is é an príomhrás atá ann faoi láthair ná an ceann idir cé chomh fada is a sheasfaidh an rialtas i gcoinne bhrú na Meiriceánach sula mbeidh orthu teacht ar shocrú chun an scrios a stopadh, agus cé chomh fada is a leanfaidh na Meiriceánaigh ar aghaidh leis an gcoimhlint sula ndéanfaidh siad an cinneadh éirí aisti nó cur léi.

Agus sos cogaidh i bhfeidhm ó mhí Aibreáin, tá an rás sin cosúil le rás mall rothaíochta ina bhfuil an dá thaobh ag iarraidh gan titim den rothar.

Is féidir leis an dá thaobh a mhaíomh go bhfuil buanna éagsúla bainte amach acu. Is féidir leis na hIaránaigh a mhaíomh go bhfuil siad fós i gcumhacht, go bhfuil ábhar saibhrithe núicléach acu fós, go bhfuil stoc maith diúracán acu agus gur féidir leo Caolas Hormuz a oscailt nó a dhúnadh am ar bith más mian leo.

Is féidir leis na Meiriceánaigh a mhaíomh go bhfuil na seancheannairí imithe, go bhfuil aerfhórsa agus cabhlach na hIaráine, seachas cabhlach na mbád beag, scriosta agus go bhfuil laghdú déanta ar chumas na nIaránach ionsaithe a dhéanamh ar thíortha Mhurascaill na Peirse agus tacaíocht a thabhairt dá gcomhghuaillithe sa réigiún.

Ina theannta sin, is féidir leo a rá go bhfuil geilleagar na hIaráine i mbaol báis toisc go bhfuil chuid mhaith dá hacmhainní eacnamaíocht scriosta agus toisc gur féidir leo calafoirt na tíre a chur faoi imshuí.

Roimh chuairt an Uachtaráin Donald Trump ar an tSín, tuairiscíodh go raibh daoine taobh istigh den Teach Bán ag rá go raibh sé dubh dóite den chogadh. Ach tar éis dó teacht ar ais, tá bagairtí eile á ndéanamh aige maidir le hábhar núicléach na hIaráine agus Caolas Hormuz.

Roghanna

Ag an bpointe seo, tá trí phríomhrogha ag na Meiriceánaigh.

Ar an gcéad dul síos, tá rogha acu teacht ar chomhréiteach de shaghas éigin leis an hIaránaigh, glacadh leis na héiginnteachtaí a bhaineann leis agus cuma na maitheasa a chur air do mhuintir na Stát Aontaithe.

Ar an dara dul síos, is féidir leo feachtas ionsaithe eile ón aer a sheoladh chun níos mó damáiste a dhéanamh d’acmhainní eacnamaíochta agus míleata na tíre, lena n-áirítear na taiscí arm faoi thalamh a athosclaíodh le linn an tsosa cogaidh, chun brú breise a chur ar na hIaránaigh.

Tá an chuma air go bhfuil na pleananna déanta acu cheana féin chun an feachtas sin a sheoladh; fiú tuairiscítear go bhfuil teideal ar leith air: An Oibríocht Oird. Is é is dóichí gurb é sin an rogha a dhéanfaidh na Meiriceánaigh.

Ach tá rogha eile ann freisin agus is é sin cuid de thalamh na hIaráine a ghabháil, go háirithe ar chósta Chaolas Hormuz. Tá muirshaighdiúirí agus trúpaí aerbheirthe curtha chuig an réigiún cheana féin ach níl na haonaid ar an méid sin chun talamh a ghabháil agus a choimeád ar feadh tréimhse fhada.

Cé go bhfuil na Meiriceánaigh thar a bheith drogallach ionradh a dhéanamh ar an Iaráin, má fheictear go bhfuil aonaid bhreise ag dul chuig an réigiún, beidh sé sin ina chomhartha go bhfuil siad fós ag smaoineamh ar an rogha bhaolach seo.

Beag beann ar an gcinneadh a dhéanfaidh na Meiriceánaigh mairfidh iarmhairtí an chogaidh ar feadh i bhfad.

Gan trácht ar an dochar atá déanta don Iaráin agus tíortha eile Mhurascaill na Peirse, beidh tionchar ag an gcogadh ar gheilleagair thíortha ar fud an domhain go ceann tamaill, go háirithe iad siúd atá ag brath go mór ar iompórtáil ola.

Mar gheall ar na cinntí do-thuartha a rinne na Meiriceánaigh i rith an chogaidh agus an chaoi ina ndeachaigh na cinntí sin i bhfeidhm ar a gcuid comhghuaillithe ar fud an domhain seans nach bhfeicfear iad mar shárchumhacht atá ag dul i dtreis a thuilleadh. Seans go bhfeicfidh a gcuid naimhde iad mar chumhacht atá ag dul i léig.

Fág freagra ar 'Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Iaráin mar a bheadh rás mall rothaíochta ar siúl acu'