Ní chuirfeadh rialacha cosc ar dhíospóireacht Ghaeilge ar TG4 ná RTÉ RnaG – Coimisiún na Méan

Tá cáineadh déanta ag roinnt iarrthóirí i nGaillimh Thiar ar an gcinneadh a rinne TG4 gan díospóireacht i nGaeilge a reáchtáil don Dáilcheantar

Ní chuirfeadh rialacha cosc ar dhíospóireacht Ghaeilge ar TG4 ná RTÉ RnaG – Coimisiún na Méan

Ní chuirfeadh aon riail ná cód de chuid Choimisiún na Meán cosc ar dhíospóireacht i nGaeilge a reáchtáil faoi na fothoghcháin atá beartaithe don Aoine seo ag teacht, dar leis an gCoimisiún.

Tá cáineadh déanta ag roinnt iarrthóirí i nGaillimh Thiar ar an gcinneadh a rinne TG4 gan díospóireacht i nGaeilge a reáchtáil don Dáilcheantar. Dúirt an Seanadóir de chuid Fhine Gael, Seán Kyne, atá ag seasamh sa toghchán, go bhfuil díospóireacht ina gcéad teanga “tuillte” ag muintir na Gaeltachta.

Dúirt duine eile atá ag seasamh sa toghchán, Míde Nic Fhionnlaoich as Ceantar na nOileán i gConamara atá ag seasamh do na Daonlathaithe Sóisialta, gur mhór an trua mura mbeadh an deis ag muintir na Gaeltachta díospóireacht i nGaeilge a chloisteáil faoi cheisteanna móra an fheachtais – cúrsaí tithíochta, sláinte agus iompair ina measc.

Thug urlabhraí de chuid Choimisiún na Meán le fios do Tuairisc gur “faoi gach craoltóir féin” atá sé an cinneadh a dhéanamh díospóireacht a reáchtáil “nó gan é a dhéanamh” agus nach bhfuil “ról” ag Coimisiún na Meán i sceidealú na gclár.

“Níl ról ag Coimisiún na Meán i bpróiseas sceidealú clár na gcraoltóirí, rud a bhaineann le neamhspleáchas eagarthóireachta. Is faoi gach craoltóir féin an cinneadh díospóireachtaí toghcháin a reáchtáil nó gan é a dhéanamh.

“Níl foráil in aon Chód nó Riail Seirbhíse de chuid Choimisiún na Meán a bheadh mar chosc ar dhíospóireacht Ghaeilge a reáchtáil,” a dúirt an t-urlabhraí.

Dúirt Seán Kyne go bhfuil sé “go hiomlán inchosanta” ag TG4 agus ag RTÉ Raidió na Gaeltachta “díospóireachtaí craolta a reáchtáil do vótálaithe Ghaillimh Thiar” agus gur cheart a bheith “dearfach faoi thodhchaí cheantair Ghaeltachta na Gaillimhe”.

“Thabharfadh díospóireacht i measc cainteoirí líofa Gaeilge faisnéis luachmhar go fóill agus thabharfadh sé onóir do ról na Gaeilge sa Dáilcheantar. Tá sé riachtanach nach gceilfear rannpháirtíocht bhríoch ar na toghthóirí a labhraíonn Gaeilge le linn an fheachtais,” a dúirt Kyne.

Níor thug ach beirt iarrthóirí fothoghcháin i nGaillimh Thiar le fios do Tuairisc go raibh a ndóthain Gaeilge acu le páirt a ghlacadh i ndíospóireacht bheo ar na meáin chraolta Ghaeilge. Sin iad Seán Kyne agus Míde Nic Fhionnlaoich féin.

Dúirt Orla Nugent ó Aontú, a bhfuil céim sa Ghaeilge aici, go bhfuil sí in ann comhrá a dhéanamh i nGaeilge ach go mbeadh sé “dúshlánach” agallamh a dhéanamh i nGaillimh mar gheall ar dhifríochtaí canúna. Tógadh i bhFear Manach í.

Dúirt Cillian Keane ó Fhianna Fáil nach bhfuil ach “beagán Gaeilge” aige agus nach mbeadh a dhóthain aige le páirt a ghlacadh in agallamh beo.

Thug Mark Lohan Shinn Féin le fios go bhfuil “roinnt” Gaeilge aige agus go mbeadh sé “an-sásta” míreanna “réamhthaifeadta” a thaifeadadh i nGaeilge ach nach mbeadh a dhóthain aige le haghaidh díospóireachta.

Dúirt Shelia Garrity, iarrthóir neamhspleách, go mbíonn sí “ag streachailt” le foghlaim teangacha agus nach mbeadh sí “ar a compord” ag labhairt beo i nGaeilge ar na meáin Ghaeilge.

Mhaígh Méara Chathair na Gaillimhe Mike Cubbard gur thosaigh sé ag foghlaim na Gaeilge arís “cúpla seachtain ó shin” agus go bhfuil sé níos muiníní as a chumas sa teanga anois ach nach bhfuil sé “réidh do dhíospóireacht bheo” go fóill.

Níl a dhóthain Gaeilge ag Niall Murphy ón gComhaontas Glas ach an oiread cé go maíonn sé go bhfuil “léamh agus scríobh na Gaeilge” aige.

Dúirt Denman Rooke, ó Phobal Seachas Brabús, agus Thomas Welby, iarrthóir neamhspleách, nach bhfuil a ndóthain Gaeilge acu sin ach an oiread le páirt a ghlacadh i ndíospóireacht bheo ar na meáin chraolta Ghaeilge.

Níor fhreagair na hiarrthóirí eile ceistneoir Tuairisc.

Níor thuig ach beirt iarrthóirí atá ag seasamh san fhothoghchán i mBaile Átha Cliath Láir le fios go bhfuil a ndóthain Gaeilge acu le díospóireacht bheo a dhéanamh sa teanga sin – Eoghan Ó Ceannabháin ó Phobal Seachas Brabús agus Ruth O’Dea ó Pháirtí an Lucht Oibre. Is de bhunadh na Gaeltachta an bheirt acu.

Fág freagra ar 'Ní chuirfeadh rialacha cosc ar dhíospóireacht Ghaeilge ar TG4 ná RTÉ RnaG – Coimisiún na Méan'