Deirfiúr leis an Uachtarán Connolly ar dhuine den seisear Éireannach ar bháid fóirithinte atá faoi choinneáil ag Iosrael

D'fhág báid ó chabhlach an Global Sumud 2026 deisceart na Tuirce den tríú huair Déardaoin in iarracht eile cúnamh fóirithinte a thabhairt go Gaza

Deirfiúr leis an Uachtarán Connolly ar dhuine den seisear Éireannach ar bháid fóirithinte atá faoi choinneáil ag Iosrael

I ráiteas ó chabhlach Global Sumud 2026 dúradh gur stop fórsaí Iosrael deich mbád as an 60 bád atá páirteach sa gcabhlach fóirithinte tamall gairid tar éis a naoi a chlog ar maidin inniu agus iad ag seoladh in uiscí idirnáisiúnta.

Dúirt lucht eagraithe na fóirithinte go raibh na báid thart ar 70 míle farraige ó chósta na Cipire nuair a stopadh iad. Cuireadh seisear ar a laghad den chúigear déag Éireannach a bhí ar na longa faoi choimeád.

Tá físeáin eisithe ag an gcabhlach ina bhfeictear an Dr Margaret Connolly agus cúigear eile agus an chuma air gur taifeadadh na físeáin sin sular cuireadh an seisear faoi choimeád.

I ráiteas ón Dochtúir Connolly sa bhfíseán deir sí:

“Má tá tú ag breathnú ar an bhfíseán seo, tá mise fuadaithe as mo bhád sa gcabhlach fóirithinte ag fórsaí forghabhála Iosrael agus tá mé anois i ngéibheann go mídhleathach i bpríosún Iosraelach.

“Tá fíorbhród orm a bheith páirteach sa gcabhlach seo – an ceann is mó go dtí seo.”

Is iad an cúigear Éireannach eile atá gafa Catriona Graham, Louise McCormack, Joshua St Leger, Cormac O’Daly and Tom Deasy.

Den tríú huair ag an gcabhlach Global Samud, d’fhág longa deisceart na Tuirce Déardaoin tar éis d’fhórsaí Iosrael iarrachtaí eile a rinne longa soláthar fóirithinte a chur ar fáil do phobal Gaza a stopadh in uiscí idirnáisiúnta.

I ráiteas ó Iosrael, éilíodh “go n-athródh na rannpháirtithe cúrsa agus iompú thart ar an bpointe”.

I bpostáil ar X ó aireacht gnóthaí eachtracha Iosrael, dúradh nach gceadófaí “aon sárú ar an imshuí dlíthiúil ar Gaza”.

Fág freagra ar 'Deirfiúr leis an Uachtarán Connolly ar dhuine den seisear Éireannach ar bháid fóirithinte atá faoi choinneáil ag Iosrael'

  • Peter

    An bhean chróga seo agus an chuid eile den gcriú le moladh go hard. Beannacht Dé leo.

  • Léitheoir rialta

    Cathain a chuirfear príomh-aire agus údaráis na hIosraeile faoi rialú an dlí idirnáisiúnta agus cé a dhéanfaidh é? Nuremburg eile a theastaíonn uainn, áit a gcuirfí lucht déanta an tslada ar a dtriail.

  • Pól

    Is maith liom breathnú ar an teilifís um thráthnóna agus leathchuid de na hamantaí sin is i mbéarla a bhíonn TG4… sula gcasaim as é.