Tá foireann an tsuímh beathaisnéisí Gaeilge Ainm.ie “tiomanta leanúint [orthu] aghaidh a thabhairt” ar cheist líon na mbeathaisnéisí faoi mhná atá ar an suíomh.
Tá breis agus 20 beathaisnéis faoi mhná curtha le Ainm.ie ó dúirt lucht an tsuímh in 2019 go raibh ganntanas ban ar an mbunachar de dhaoine mór le rá i stair na Gaeilge.
Tá 1,836 beathaisnéis ar Ainm.ie anois agus is beathaisnéisí faoi mhná iad 197 acu sin, nó 10.7%. Is méadú beag é sin ar an 9.9% a bhí ann in 2019. Cuireadh 20 beathaisnéis a bhaineann le mná leis an suíomh ó 2019 agus 47 a bhaineann le fir. Fágann sé sin gur bheathaisnéisí faoi mhná iad 29.9% a cuireadh leis an suíomh in imeacht na seacht mbliana sin.
Thug urlabhraí de chuid an tsuímh le fios do Tuairisc go bhfuil sé i gceist acu 181 “mionbheatha” faoi mhná a scríobh an scoláire dochtúireachta Orlaith Hickey a “fhoilsiú ar leathanach eolais ar leith” ar an suíomh mar chuid den athdhearadh a dhéanfar air roimh dheireadh na bliana seo. Scríobh Hickey ceithre mhórbheatha mar chuid dá taighde chomh maith agus tá súil ag lucht Ainm.ie iad sin a fhoilsiú ar an suíomh i bhfómhar na bliana seo.
“Sa chás go mbeidh fáil againn ar acmhainní foirne níos fairsinge amach anseo, d’fhéadfaimis tabhairt faoina thuilleadh taighde ar ábhair na mionbheathaí úd agus iad a aistriú ina mór-iontrálacha ar an suíomh.
“Bíonn a leithéid ag brath ar na hacmhainní pearsanta agus airgeadais i rith an ama, áfach,” a dúirt an t-urlabhraí le Tuairisc.
Dúradh gur “thuig” Roinn na Gaeltachta “fadhb na hionadaíochta” do mhná ar Ainm.ie agus gur chuir an Roinn maoiniú ar fáil le “go bhféadfadh [Hickey] díriú go hiomlán ar an taighde” sin.
Tá Ainm.ie faoi cheangal ag téarmaí a mhaoinithe tuairim is deich mbeathaisnéis a chur leis an suíomh in aghaidh na bliana agus dúirt an t-urlabhraí gurb in “príomhsprioc na hoibre”.
“Fiú mura scríobhfaí ach beathaí mná as seo amach, rud nach mbeadh ciallmhar ná cóir, is go malltriallach a thiocfadh ardú ar an gcéatadán iomlán díobh atá sa bhunachar ach is muid atá tiomanta leanúint orainn aghaidh a thabhairt ar an gceist,” a dúirt an t-urlabhraí.
Cuireadh scéal beatha cúigear fear le Ainm.ie níos túisce an mhí seo: Séamus Ó Beaglaoich, Meaití Jó Shéamuis, Deasún Fennell, Fearghal Mac Amhlaoibh, agus Maelíosa Stafford.
Is próiseas réasúnta fada é beathaisnéis a scríobh agus a fhoilsiú ar Ainm.ie. Ní chuirtear san áireamh ach daoine atá ar shlí na fírinne, agus ní mór buneolas a bhailiú faoina saol, é sin a scagadh agus a réiteach i gcruth iontrála. Déantar profáil agus cóipeagarthóireacht ar an dréacht ansin, agus cuirtear clibeanna áite, daoine, agus saothair leis na nithe sin a luaitear ann.
“Féadann sé sin a bheith níos fusa ó iontráil go hiontráil agus ní ar an luas céanna a chruthaítear an leagan críochnaithe de gach beatha ar chúiseanna iomadúla, ar aon nós.
“Feictear gur fadhb idirnáisiúnta [ganntanas ban] i dtionscadail beathaisnéisí – is faoi mhná thart ar 10% d’ábhair an Dictionary of Irish Biography, mar shampla – agus go deimhin tá sé sin cruthaithe go mion i dtráchtas Orlaith [Hickey],” a dúirt urlabhraí Ainm.ie.
Maíodh go bhfuil “ganntanas faoi leith sna foinsí” faoi shaol na mban agus nach féidir i gcónaí “cothromaíocht inscne a dheimhniú i dtaca le gach baisc beathaí a fhógraítear go thráth go tráth” ar shuíomh Ainm.ie.
Fág freagra ar 'Aghaidh á tabhairt ag Ainm.ie ar cheist na mbeathaisnéisí ban ar an suíomh'