‘Níl aon mhaith a rá le duine sa Mhuileann gCearr go bhfuil áiteanna i nGaelcholáiste i gCill Mhantáin’

Deir an Foras Pátrúnachta, nach bhfuil aon soláthar iarbhunscoile lán-Ghaeilge in thart ar 270 den 313 Limistéar Pleanála Scoile sa stát

‘Níl aon mhaith a rá le duine sa Mhuileann gCearr go bhfuil áiteanna i nGaelcholáiste i gCill Mhantáin’

Tá sé ráite ag eagraíochtaí in earnáil an oideachais lán-Ghaeilge nach bhfuil aon chiall le cur chuige na Roinne Oideachais maidir le soláthar Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí.

Bhí ionadaithe ó eagraíochtaí éagsúla i dTeach Laighean le gairid chun fianaise a thabhairt ag cruinniú de Choiste Oideachais an Oireachtais agus béim á cur ar cheist an tsoláthair lán-Ghaeilge le linn an chruinnithe.

Tá sé tugtha le fios ag an Aire Oideachais nach bhfuil aon phlean ag a Roinn aon scoil lán-Ghaeilge nua a thógáil idir seo agus 2031, in ainneoin go bhfuil feachtais ar bun ar fud na tíre agus daoine ag ag éileamh Gaelscoileanna nó Gaelcholáistí ina gceantar féin.

Deir lucht na hearnála oideachais lán-Ghaeilge go bhfuil bearna mhór ann maidir leis an soláthar go háirithe ag leibhéal na hiar-bhunscoile. Nuair a ardaíodh an cheist leis an Aire Hildegarde Naughton níos luaithe i mbliana, thagair sí do staitisticí a léirigh nach raibh ró-éileamh ach ar Ghaelcholáiste amháin sa stát maidir le spásanna do dhaltaí a bheadh sa chéad bhliain i mbliana.

Ag an gcruinniú i dTeach Laighean an tseachtain seo caite, dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí an Fhoras Pátrúnachta, nach bhfuil aon soláthar iarbhunscoile lán-Ghaeilge in thart ar 270 den 313 Limistéar Pleanála Scoile sa stát. Dúirt Ó hEaghra nach “rogha réalaíoch” é an t-oideachas lán-Ghaeilge ag leibhéal na hiarbhunscoile do theaghlaigh sna ceantair sin.

“Nuair atá an Gaelcholáiste is gaire 60 ciliméadar uait, ní leigheas é ar éileamh má tá spásanna sa scoil sin,” a dúirt sé

“Níl aon mhaith a rá le duine éigin sa Mhuileann gCearr go bhfuil áiteanna i nGaelcholáiste i gCill Mhantáin.”

Tá tascfhórsa bunaithe ag an Roinn Oideachais le breathnú ar an soláthar oideachais lán-Ghaeilge agus tuairisc le foilsiú acu roimh dheireadh na bliana. Léirigh an Foras Pátrúnachta agus Gaeloideachas imní roimhe seo faoi fhiúntas na hoibre atá ar siúl ag an tascfhórsa agus cuid mhaith ama caite acu ag plé múnla an Aonaid Ghaeilge in ainneoin go bhfuarthas i dtaighde a choimisiúnaigh an Roinn féin nach n-oibríonn an cur chuige sin.

Dúirt Caoimhín Ó hEaghra gur cuireadh a mbuairt in iúl go díreach don Aire Oideachais agus gur tugadh le fios dóibh ag an tráth sin go raibh bunú Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí nua mar chuid de phlean na Roinne.

“Is ábhar imní é dá bhrí sin a chloisteáil ón Aire sa Dáil nach dtógfar aon scoil nua — de chineál ar bith — sna cúig bliana amach romhainn. Ardaíonn an ráiteas sin ceisteanna tromchúiseacha faoin gcuspóir atá leis an obair atá ar siúl ag an tascfhórsa,” a dúirt Ó hEaghra.

Tá an grúpa feachtais Imeasc ag iarraidh go dtabharfaí isteach reachtaíocht faoina mbeadh dualgas ar an Roinn Oideachais an t-oideachas lán-Ghaeilge a chur chun cinn agus soláthar a chur ar fáil don éileamh atá ann.

Dúirt Kinsella nach gcreideann Imeasc go bhfuil an Roinn Oideachais i gcoinne an oideachais lán-Ghaeilge ach nach ndéantar iarracht bhreise ar a shon mar nach bhfuil dualgas reachtúil ann.

Dúirt Aidan Kinsella ón ngrúpa gur léiríodh i roinnt suirbhéanna go gcuirfeadh suas le 50% de thuismitheoirí a bpáistí chuig scoil lán-Ghaeilge dá mbeadh ceann ar fáil ina gceantar. Dúirt sé nach bhfuil rochtain ach ag 7% de dhaltaí lasmuigh den Ghaeltacht ar Ghaelscoil, áfach, agus go dtiteann an figiúr sin go dtí 2% i gcás Gaelcholáistí.

Léirigh figiúirí ó Imeasc nach bhfuil ach ceithre iarbhunscoil lán-Ghaeilge oscailte ag an Roinn Oideachais ó 2010. Deich gcinn a osclaíodh idir 2000 agus 2009.

Dúirt Kinsella nach bhfuil iar-bhunscoil lán-Ghaeilge nua oscailte i gcathair Bhaile Átha Cliath ó 1931 in ainneoin gur osclaíodh 16 Gaelscoil sa gcathair ó 1969.

Mhaígh sé go raibh “na glúnta gasúr”, a chuid féin ina measc, a chreideann anois go gcaithfidh daoine dul i mbun agóidíochta chun an ceart freastal ar scoil lán-Ghaeilge a fháil.

Dúirt Caoimhín Ó hEaghra gur chóir a aithint go raibh €466 milliún d’infheistíocht chaipitil déanta ag an Roinn i scoileanna lán-Ghaeilge ó 2020, ach nach infheistíocht bhreise a bhí anseo ach airgead a bhí de dhíth chun freastal ar dhaltaí a bhí á múineadh in áitribh shealadacha le blianta fada.

Dúirt sé nach n-athróidh cúrsaí go dtí go mbeidh an t-oideachas lán-Ghaeilge mar fhíorthosaíocht ag an Roinn Oideachais agus ag an rialtas.

“Nuair a dhéanann an Roinn cinneadh tosaíocht a thabhairt do rud agus nuair atá comhaontú ann ón rialtas, mar atá i gcás riachtanas speisialta agus is ceart sin, téann an Roinn i mbun gnímh.

“In 2026, táthar chun €3 billiún a chaitheamh ar oideachas speisialta, rud atá ceart agus cóir, ach léiríonn sé céard gur féidir leis an Roinn a dhéanamh,” a dúirt Ó hEaghra.

“Is tosaíocht é an t-oideachas lán-Ghaeilge go dtí go gcaithfear an t-airgead agus an caipiteal a chaitheamh air. Go dtí go mbeidh tacaíocht dó ag teacht ón rialtas, tacaíocht traspháirtí, tosaíocht náisiúnta do phlean, ní tharlóidh sé.”

Bhí soláthar scoileanna lán-Ghaeilge, torthaí an tSuirbhé Náisiúnta Bunscoile, múineadh na Gaeilge agus córas na ndíolúintí i measc na n-ábhar a pléadh le linn an chruinnithe i dTeach Laighean.

Soláthar Scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht
Gaelscoileanna nua Gaelcholáistí nua
Roimh 1970 6 5
1970-1979 11 2
1980-1989 42 2
1990-1999 50 6
2000-2009 27 10
2010-2019 11 3
2020-2025 4 1

*Figiúirí bailithe ag Imeasc

Fág freagra ar '‘Níl aon mhaith a rá le duine sa Mhuileann gCearr go bhfuil áiteanna i nGaelcholáiste i gCill Mhantáin’'