‘Táim ag crith le frustrachas’ – fearg i measc polaiteoirí faoin easpa dul chun cinn maidir le hoideachas lán-Ghaeilge

Dúradh ag cruinniú de choiste Oireachtais nach féidir freagra macánta a fháil ón Roinn Oideachais maidir leis na fadhbanna atá ann i dtaobh na teanga sa gcóras

‘Táim ag crith le frustrachas’ – fearg i measc polaiteoirí faoin easpa dul chun cinn maidir le hoideachas lán-Ghaeilge

D’fhág cur chuige an rialtais maidir leis an oideachas lán-Ghaeilge Teachta Dála amháin “ag crith” le frustrachas ag cruinniú de choiste Oireachtais i dTeach Laighean inné.

Dúirt an Teachta Shonagh Ní Raghallaigh ó Shinn Féin gur cúis mhór imní di an easpa measa agus an easpa tola, dar léi, atá léirithe ag an rialtas i dtaobh na n-éileamh atá déanta acu siúd atá ag iarraidh go ndéanfaí gníomh maidir le cúrsaí oideachais trí Ghaeilge.

Bhí ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge, Gaeloideachas, An Foras Pátrúnachta agus Imeasc i láthair ag an gcruinniú de chuid an choiste oideachais agus óige chun an Ghaeilge sa chóras oideachais a phlé. Léirigh na finnéithe ar fad imní agus frustrachas faoi chur chuige na Roinne Oideachais i réimsí áirithe, go háirithe maidir le ceist an tsoláthair lán-Ghaeilge.

Tagraíodh go minic le linn an chruinnithe don scéal nach bhfuil aon phlean ag an Roinn aon scoil lán-Ghaeilge nua a thógáil idir seo agus 2031.

Dúirt Shonagh Ní Raghallaigh nach raibh an rialtas atá ann faoi láthair i ndáiríre faoi bhreis tacaíochta a chur ar fáil don earnáil lán-Ghaeilge.

“Ar dtús báire, ba mhaith liom a rá go bhfuil an-díomá orm faoi ráiteas an Aire a deir nach n-osclófar aon Ghaelscoil eile laistigh de chúig bliana. Tá an-díomá orm, san iomlán tá mé lán d’imní.

“Bhí mé ag éisteacht le bhur ráitis tosaigh, an frustrachas. Táim chomh crosta. Tá sé soiléir domsa nach dtarlóidh aon athrú go dtí go mbeidh athrú rialtais againn. Níl aon mheas ag rialtas Fhianna Fáil/Fhine Gael, níl aon toil acu agus is dócha nach n-athróidh aon rud go dtí go mbeidh an t-athrú sin. Sin a mhothaím. Táim chomh crosta.”

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, nach féidir freagra “macánta” a fháil ón Roinn maidir leis na fadhbanna atá ann i dtaobh na teanga sa gcóras.

“Is iad na focail a ritheann liom maidir leis an nGaeilge sa chóras oideachais ná, éigeandáil, cruachás, géarchéim, fadhbanna tromchúiseacha, cur i gcéill, agus eile den tsórt céanna. Ní bhfaighidh tú cur síos macánta mar sin, dar ndóigh, ón Roinn Oideachais agus Óige nó ón Aire cé go bhfuil na fíricí loma ann leis an éigeandáil, atá tar éis fás go ciúin ach go leanúnach, a léiriú,” a dúirt sé.

“Tá na treochtaí ag dul bealach amháin agus níl sé ceart nó cothrom an éigeandáil seo a sheachaint nó a shéanadh. Is gá í a aithint agus dul i ngleic léi anois go práinneach.”

Bhí soláthar scoileanna lán-Ghaeilge, torthaí an tSuirbhé Náisiúnta Bunscoile, múineadh na Gaeilge agus córas na ndíolúintí i measc na n-ábhar a pléadh le linn an chruinnithe i dTeach Laighean.

Léirigh torthaí an tsuirbhé náisiúnta a rinne an Roinn Oideachais gur thart ar 13% de thuismitheoirí bunscoile atá ag iarraidh go n-athrófaí teanga teagaisc a scoile ó Bhéarla go Gaeilge.

Bhí an Foras Pátrúnachta, an pátrún is mó ar scoileanna lán-Ghaeilge, ina measc siúd a léirigh imní faoi chur chuige na Roinne i leith na ceiste faoin oideachas lán-Ghaeilge sa suirbhé sular seoladh é. Dúradh ag an gcruinniú go bhfuil an baol ann go n-úsáidfear na torthaí mar léiriú míchruinn ar an éileamh atá ann ar an oideachas lán-Ghaeilge

Dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí an Foras Pátrúnachta, gur cuireadh ceist na Gaeilge “mar chineál aguisín” ag deireadh suirbhé a bhí dírithe ar chúrsaí ilchreidmheachais agus nach raibh an cheist “cothrom”.

“Tá buairt orm agus tá sé cloiste agam cheana féin go bhfuil oifigigh na roinne ag glacadh le [na torthaí] nó chun torthaí an tsuirbhé sin a úsáid mar [léiriú] ar an éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge,” a dúirt sé

Dúirt Ó hEaghra nach dtagann torthaí shuirbhé na Roinne le torthaí suirbhéanna eile atá déanta le roinnt blianta anuas a léirigh go gcuirfeadh beagnach 50% de thuismitheoirí a bpáistí chuig scoil lán-Ghaeilge dá mbeadh ceann ar fáil ina gceantar.

Mhol Ó hEaghra don choiste a éileamh ar an Roinn Oideachais suirbhé eile a dhéanamh faoin oideachas lán-Ghaeilge mar go raibh an baol an go gcaillfí “deis iontach” leas a bhaint as an tsuim, a dúirt sé, atá ag daoine sa teanga i láthair na huaire.

“Tá cúig bliana ann [go dtí go ndéanfar suirbhé náisiúnta eile] agus beidh an Roinn Oideachais ag rá ‘Ar an meán náisiúnta, níl ach 13% ag lorg oideachas lán-Ghaeilge’. Níl sé sin fíor.”

Dúirt an Teachta Dála Ruth Coppinger ó Phobal Seachas Brabús go raibh fianaise ann a thacaigh leis an tuairim go raibh an Roinn “i gcoinne an oideachais lán-Ghaeilge,” ach bhí polaiteoirí de chuid pháirtithe an rialtais ina measc siúd a léirigh imní faoin scéal chomh maith.

Dúirt an Seanadóir Shane Curley ó Fhianna Fáil go raibh an easpa soláthair don oideachas lán-Ghaeilge ag an dara leibhéal “scannalach” agus gur chuir an scéal nach raibh aon scoileanna nua le bunú imní air.

Dúirt an Teachta Dála Peter Roche ó Fhine Gael gur “ionsaí orainn uile” a bheadh mura gcuirfí maoiniú agus acmhainní cuí ar fáil don oideachas lán-Ghaeilge agus go raibh na héilimh a rinne na finnéithe ag an gcruinniú “thar a bheith réasúnta”.

Reáchtáladh agóid lasmuigh de Theach Laighean níos déanaí tráthnóna Déardaoin agus tuismitheoirí ag cur i gcoinne cinneadh de chuid na Roinne Oideachais breis spásanna a chur ar fáil i mbunscoil Bhéarla seachas i nGaelscoil i gcontae na Mí.

D’fhág ró-éileamh ar spásanna i nGaelscoil na Ríthe i nDún Seachlainn gur fágadh 30 páiste ar liosta feithimh d’áit sna naíonáin bheaga don chéad scoilbhliain eile. Cé go raibh an Ghaelscoil sásta rang breise a chur ar fáil, chinn an Roinn Oideachais acmhainní a thabhairt do bhunscoil Bhéarla ar an mbaile chun rang breise a chur ar fáil.

Fág freagra ar '‘Táim ag crith le frustrachas’ – fearg i measc polaiteoirí faoin easpa dul chun cinn maidir le hoideachas lán-Ghaeilge'