Bhí an file Iaránach Mohsen Hosseinkhani fós i mbroinn a mháthar nuair a rinne an Iaráic ionradh ar an Iaráin sa bhliain 1988.
Ag deireadh na bliana seo caite, d’fhoilsigh Éabhlóid Mo Chroí Gránúill, cnuasach filíochta Gaeilge-Fairsise dá shaothar. Is í an scríbhneoir agus file Róise Ní Bhaoill a d’aistrigh na dánta go Gaeilge ó leaganacha Béarla a chuir aistritheoir ón Iaráin, Tahereh Forsat Safaei, ar fáil.
Ní raibh aon tuiscint acu nuair a thosaigh siad ar an obair ar an leabhar go mbeadh cogadh eile san Iaráin i mbéal an phobail faoin am a mbeadh an leabhar foilsithe.
“Tá eireaball fada ag an gcogadh,” a deir Ní Bhaoill. “Agus sin ceann de na rudaí is láidre ina chuid filíochta, an chaoi a bhfágann cogadh lorg ar dhaoine i bhfad ina dhiaidh.”
Ba í Tahereh Forsat Safaei a chuir na dánta faoi bhráid na bhfoilsitheoirí Éabhlóid i dtosach agus chuir siadsan na dánta ar aghaidh chuig Ní Bhaoill ag féachaint an mbeadh suim aici iad a aistriú go Gaeilge.
De bhunadh Rann na Feirste i nGaeltacht Dhún na nGall í Róise Ní Bhaoill agus cónaí uirthi i mBéal Feirste. In 2023, bhuaigh a céad chnuasach gearrscéalta, Immram agus Scéalta Eile, gradam Leabhar Gaeilge na Bliana.
“Léigh mé na haistriúcháin Bhéarla agus thuig mé go raibh cumhacht ar leith sa chur síos a bhí aige ar an gcogadh, agus go háirithe ar an tréimhse iarchogaidh,” a deir sí.
Ach ní filíocht chogaidh amháin atá sa leabhar. Tá dánta grá ann chomh maith, agus bhí Hosseinkhani ag iarraidh go mbeadh an dá ghné sin le feiceáil taobh le taobh.
“Nuair a chuaigh mé ar ais ar na dánta agus gur chinn mé go dtabharfainn dánta grá agus áir orthu, bhí seisean sásta go leor leis sin. Bhí sé tábhachtach dó go bhfeicfí iomláine an tsaoil ann.”
Bhí líne amháin ann go háirithe a d’fhan léi agus a thug teideal don bhailiúchán: “mo chroí gránúill”.
“Bhí rud éigin sa líne sin a mhothaigh difriúil ó shaol na hÉireann,” a deir sí.
Ceann de na gnéithe suimiúla a bhaineann leis an tionscadal ná go bhfuil na bunleaganacha Fairsise sa leabhar le taobh na leaganacha i nGaeilge. Deir Róise go bhfuil pobal measartha mór Fairsise in Éirinn anois, agus síleann sí go gcuireann sé sin le tábhacht an leabhair.
“Ar an dóigh sin tá pobal na Fairsise anseo in ann an saothar a léamh ina dteanga féin chomh maith leis an nGaeilge. Mothaíonn sé cosúil le droichead idir an dá phobal.”
Is droichead é a théann níos faide siar ná an leabhar féin. Le linn di a bheith ag obair ar na haistriúcháin, chuir Ní Bhaoill suim sa stair níos leithne idir Éirinn agus domhan na Peirsise.
Léigh sí faoi lámhscríbhinn Éireannach 500 bliain d’aois a aimsíodh le píosa de théacs liachta Peirsise mar chuid dá clúdach.
“Fuarthas amach go raibh téacs ó lia mór Peirsise ann, Ibn Sina, agus gur aistríodh é go Gaeilge. Léiríonn sé sin go raibh an domhan níos oscailte agus níos idirnasctha ná mar a shamhlaímid uaireanta. Léiríonn sé freisin go raibh ardléann anseo agus go raibh suim ag lucht léinn na Gaeilge i smaointe ón taobh eile den domhan.”
Dar léi, tá gaol níos doimhne idir an Fhairsis agus an Ghaeilge ná mar a cheapfá ar dtús. Ní gaol teanga é, ach gaol cultúir agus meas ar an bhfilíocht.
“Ceann de na fáthanna go raibh siad ag iarraidh na dánta seo a aistriú go Gaeilge ná gur mheas siad go raibh dáimh mór idir an Fhairsis agus an Ghaeilge mar go raibh meas mór againn sa dá chultúr ar an bhfilíocht.”
“Tá an fhilíocht lárnach ina saol acu,” a deir sí. “Bíonn cóip den fhile mór Hafez i mbeagnach gach teach san Iaráin. Ag ceiliúradh Nowruz, an bhliain úr Pheirseach, léann teaghlaigh filíocht dá chéile. Fiú le linn Covid, bhí an rialtas ag úsáid dánta ársa chun daoine a spreagadh le fanacht sa bhaile agus mascanna a chaitheamh. Thuig an pobal na tagairtí sin láithreach.”
Maidir leis an obair aistriúcháin féin, deir Ní Bhaoill gurb í simplíocht theanga Hosseinkhani an chéad rud a mheall í. Síleann sí go bhfuil uilíocht ina chuid filíochta.
“Nuair a léann muid na dánta seo, tuigeann muid gur daoine amháin muid, go bhfuil muintearas eadrainn agus gur cheart dúinn cúram a thabhairt don dóigh a bhfuil siad ag fulaingt faoi láthair.”
Tá cúis eile ann freisin go n-airíonn sí go bhfuil an leabhar tábhachtach anois. Le míonna anuas, tá sé deacair teagmháil a dhéanamh leis an bhfile agus an t-aistritheoir, mar gheall ar an staid pholaitiúil agus ar eagla go gcuirfí i mbaol iad.
“Ní raibh muid in ann teagmháil a dhéanamh leo le cúig mhí,” a deir sí. “Tá duine dá muintir tinn chomh maith agus níl a fhios againn cén chaoi a bhfuil siad.”
Ní raibh siad in ann fiú cóipeanna den leabhar a sheoladh isteach go dtí an Iaráin.
“Bhí siad chomh sásta go raibh an guth seo amuigh ansin taobh amuigh dá dtír féin,” a deir Ní Bhaoill. “Tugann sé dóchas duit go bhfuil tú in ann rud beag a dhéanamh.”
Fág freagra ar '‘Tá nasc níos láidre idir an Ghaeilge agus an Fhairsis ná mar a cheapfá ar dtús’'