CULTÚR: Féile Joe Éinniú, Féile na Bealtaine, Dorn san Aer 2026, ‘Sáile’ ar TG4,

Sa cholún seo tá eolas faoi na hócáidí, na féilte, na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh…

CULTÚR: Féile Joe Éinniú, Féile na Bealtaine, Dorn san Aer 2026, ‘Sáile’ ar TG4,

FÉILTE

Pictiúr: Ollscoil Washington

Féile Joe Éinniú i gCarna ag ceiliúradh 40 bliain

Beidh Féile Joe Éinniú ar siúl i gCarna ón 1-4 Bealtaine i mbliana agus iad ag ceiliúradh dhá scór bliain ar an bhfód. Is é Paddy Glackin a chuirfidh tús le féile na bliana seo ag an oscailt oifigiúil agus an fáiltiú ar an Aoine, 1 Bealtaine ag 7.30pm in Áras na hOllscoile.

Cuirfear taispeántas i láthair ina dhiaidh sin, ina mbreathnófar siar ar an bhféile ó cuireadh tús léi sa mbliain 1986. ‘Dhá scór bliain d’Fhéile Joe Éinniú: Fís, Fuaim agus Foinn’, an teideal atá ar an taispeántas agus é curtha le chéile ag Mícheál Mac Lochlainn. Beidh ceol Tigh Mheaic le PJ, Domhnaill, Séan, agus Eoin Ó hIarnáin agus seisiún oscailte ina dhiaidh.

Beidh ceardlanna damhsa agus amhránaíochta ar an sean-nós ar bun in Áras na hOllscoile agus in Áras Shorcha Ní Ghuairim maidin Dé Sathairn agus beidh mórsheisiún amhránaíochta na féile ar bun Tigh Mhóráin ag 2.30pm. Cuirfear ceolchoirm na féile ar stáitse tráthnóna Dé Sathairn in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach ag tosú ag 8pm.

Gach eolas ar fáil ar leathanach Facebook Fhéile Joe Éinniú.

 

Screenshot

Féile na Bealtaine

Beidh Féile na Bealtaine 2026 ar siúl sa Daingean agus ar fud cheantar Chorca Dhuibhne ón gCéadaoin an 29 Aibreán go dtí an Luan an 4 Bealtaine. Seolfaidh Sláine Ní Chathalláin, craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, an fhéile go hoifigiúil ag ócáid i ngairdíní an Dísirt ar an 30 Aibreán ag a 1pm. Beidh ceol le Club Ceoil Thuismitheoirí na Gaeltachta ina dhiaidh.

Tá go leor taispeántais ealaíne ar bun ar fud an bhaile mar chuid den fhéile agus cead isteach chucu saor in aisce. Ina measc, tá Múrphictiúirí agus Teach Damhsa, le Dómhnal Ó Bric, Úna Ní Shé, agus Áine Ní Chíobháin, Seascapes le Carol Cronin, agus Connected by a Thread taispeántas cuilteanna le Corca Dhuibhne / A.R.A. Chiarraí Thiar agus Ciorcal Ceardaíochta An Daingean. Beidh taispeántas nua le Liam O’Neill ina ghailearaí féin aige ar an Satharn an 2 Bealtaine.

I measc na n-imeachtaí eile, beidh an seó Naoi Déag Seachtó Cúig le Teach Damhsa ar stáitse ar an 30 Aibreán (ticéid ar fáil san oifig amháin). Cuirfidh Cúla4 ceardlann puipéadóireachta ar bun, beidh tráthnóna filíochta is ceoil le Ciara Ní É ann, léacht faoi shaothar Bhrian Uí Nualláin le Louis de Paor, seoladh albam nua le Caroline Keane, agus neart imeachtaí eile.

Gach eolas agus clár na féile anseo.

TEILIFÍS

Turas timpeall an chósta le Carrie Crowley

Blaisín ón gclár: Sáile

Téann Crowley ar aistear ar fud chósta na hÉireann ina clár faisnéise nua, Sáile a bheidh á chraoladh ar TG4. Labhraíonn sí le snámhaithe, muireolaithe agus gníomhaithe mara atá ag cosaint agus ag caomhnú na farraige.

Cuireann sí tús leis an aistear ina contae dúchais féin, Port Láirge, áit a gcasann sí le grúpa ban a bhíonn ag snámh go rialta ar Thrá an Bháid. Ina dhiaidh sin téann sí go Ros Neamhlach i gcontae Dhún na nGall le casadh leis an muireolaí sóisialta Easkey Britton le tionchar na farraige ar an meabhairshláinte a phlé. Buaileann sí freisin leis an muireolaí Gerard McCarthy le tionchar an athraithe aeráide ar an bhfarraige a phlé.

Ina dhiaidh sin téann sí go Conamara, mar a bhfeiceann sí baint na feamainne i Ros Muc agus go dtí an Cheathrú Rua, áit a dtéann sí ag snámh ar Thrá an Dóilín leis an ealaíontóir Danny de Bhailís.

Ar deireadh, tugann sí aghaidh ó dheas go Corca Dhuibhne, áit a labhraíonn sí leis an léachtóir béaloidis Aoife Granville faoi thionchar na farraige ar bhéaloideas na háite.

Beidh Sáile, á chraoladh ar TG4 ar an 29 Aibreán ag 9.45pm.

CEOL

Clár Fhéile Dorn san Aer 2026 a sheoladh

Beidh clár Fhéile Dorn san Aer 2026 á sheoladh Tigh Hiúdaí Beag ar an Satharn, 25 Aibreán le hoíche cheoil le Bréag, Ramper agus Conor Mhuiris Ó Gallchóir. Fógrófar na bannaí a bheidh ag seinm ag féile na bliana seo ar an oíche. Tá ticéid don fhéile féin, a bheidh ar siúl ón 25-27 Meán Fómhair 2026, ar díol anois ar luach laghdaithe do dhaoine a cheannaíonn a dticéad luath.

Seo í an tríú bliain ag Féile Dorn san Aer, féile a cuireadh ar bun sa bhliain 2024 in ómós don chraoltóir aitheanta Rónán Mac Aodha Bhuí, agus a dhéanann ceiliúradh ar an obair ar chuir seisean tús léi i gcaitheamh a shaoil.

Ticéid anseo.

EALAÍN

Taispeántais ealaíne i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich

Beidh dhá thaispeántas ealaíne á seoladh i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste Déardaoin an 30 Aibreán ag 7pm. Seolfar ‘Dáimh’, taispeántas le Affinities – Illustrators Ireland, agus ‘Crann na nGuíonna | The Wishing Tree’ le Tatyana Feeney.

Taispeántas póstaer is ea ‘Dáimh’ atá curtha le chéile ag baill den ghrúpa Illustrators Ireland le ceiliúradh a dhéanamh ar an gcruthaitheacht. Tarraingíonn an taispeántas ‘Crann na nGuíonna | The Wishing Tree’ le Tatyana Feeney ar an obair ealaíne ina pictiúrleabhar Crann na nGuíonna, a d’fhoilsigh My Irish Books in 2023.

Beidh Dáimh agus Crann na nGuíonna | The Wishing Tree ar taispeáint i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich go dtí an 11 Meitheamh.

Fág freagra ar 'CULTÚR: Féile Joe Éinniú, Féile na Bealtaine, Dorn san Aer 2026, ‘Sáile’ ar TG4,'