Tá ráite ag Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer lena airí rialtais nach bhfuil sé chun éirí as.
Dúirt Starmer ag cruinniú den chomh-aireacht inniu nár baineadh amach an tairseach do dhúshlán ceannaireachta agus go bhfuil sé chun leanúint ar aghaidh le hobair an rialtais.
Ní iarr aon aire rialtais go díreach air éirí as ag an gcruinniú inniu ach tá beirt áirí sóisearacha éirithe as toisc muinín a bheith caillte sa phríomh-aire acu.
Tá an fód á sheasamh ag Starmer mar phríomh-aire in aghaidh lucht a cháinte I bPáirtí an Lucht Oibre, cuid dá airí rialtais ina measc.
Tubaiste do Pháirtí an Lucht Oibre a bhí i dtoghcháin na seachtaine seo caite agus tá roinnt feisirí parlaiminte agus airí ag iarraidh go leagadh Starmer síos clár ama a leagan amach le héirí as.
Chaill Páirtí beagnach 1,500 comhairleoir sna toghcháin áitiúla i Sasana.
Chlis an Lucht Oibre go dona freisin i Senedd Cymru agus den chúigiú huair choinnigh Páirtí Náisiúnta na hAlban [SNP] a ghreim ar Pharlaimint na hAlban. Ina dhiaidh aniar a bhí páirtí an Lucht Oibre agus é ag roinnt an dara háit le Reform.
Ach thug Starmer dúshlán lucht an éirí amach cur ina choinne go foirmeáilte. De réir rialacha an pháirtí, theastódh tacaíocht ó 81 feisire parlaiminte ó aon duine a bheadh ag iarraidh sin a dhéanamh.
Thacaigh roinnt airí rialtais le Starmer i ndiaidh an chruinnithe, ina measc Pat McFadden, an rúnaí saothair agus feisire parlaiminte de bhunadh Ghaeltacht Dhún na nGall.
Níor labhair airí eile leis na meáin in aon chor agus iad ag fágáil chruinniú na comh-aireachta.
Ba í Miatta Fahnbulleh, an t-aire pobail, an chéad aire rialtais a d’éirigh as i ndiaidh na dtoghchán. Dúirt sí go raibh muinín caillte aici i Starmer.
“Ní chreideann an pobal gur tusa an ceannaire chun an t-athrú seo a chur I gcrích agus ní chreidimse ach an oiread é,” Fahnbulleh.
D’éirigh aire sóisearach eile Jess Phillips, as chomh maith i ndiaidh chruinniú na comh-aireachta. Tá Phillips áirithe i measc lucht tacaíochta Wes Streeting, an rúnaí sláinte agus duine de na daoine is mó atá luaite le ceannairc in aghaidh Starmer. Agus í ag fógairt go raibh sí ag éirí as dúirt Phillips gur tábhachtaí gníomh ná caint.
Idir an dá linn, dúirt Céad-Aire Thuaisceart Éireann Michelle O’Neill gur athrú “seismeach” a bhí i mbua Pháirtí Náisiúnta na hAlban i dtoghchán na hAlban agus bua Plaid Cymru sa Bhreatain Bheag.
“Is é atá i gcroílár an athraithe sin ná neamhspleáchas ár muintire, saor ó laincisí Westminster,” arsa Michelle O’Neill. Fágann na torthaí toghcháin go mbeidh céad-aire náisiúnach sa Tuaisceart, in Albain agus sa Bhreatain Bheag.
Gheall John Swinney, céad-aire na hAlban go leanfaidh sé ar aghaidh lena éileamh ar an dara reifreann faoi neamhspleáchas na tíre.
Dúirt sé go gcaithfí deis a thabhairt do mhuintir na hAlban vótáil athuair faoin neamhspleáchas sara mbeadh Nigel Farage, ceannaire Reform, ina phríomh-aire in 2029. Tá Farage agus a pháirtí, atá go láidir ar an eite dheis, ag cruthú go maith sna pobalbhreitheanna agus rinne siad dul chun cinn mór i dtoghcháin na seachtaine seo caite.
Dúirt an SDLP abhus gur chóir go spreagfadh dul chun cinn Nigel Farage daoine chun ullmhú do reifreann faoi athaontú na hÉireann.
Dúirt Matthew O’Toole, ceannaire an SDLP in Stormont gur deacair a thuair cad a dhéanfadh Farage dá mbeadh sé i mbun rialtais agus gur cúis í sin a bheith ag pleanáil anois le cás ar bith a d’fheadfadh tarlú.
“Cén uair go díreach a mbeidh cead ag saoránaigh an tuaiscirt a rá nach bhfuil siad ag iarraidh maireachtáil i dtír atá á reáchtáil ag Nigel Farage?”
Dúirt O’Toole gur chóir do Rialtas na hÉireann a bheith ag ullmhú do reifreann faoin teorainn. Bheadh sé mífhreagrach gan é sin a dhéanamh, a dúirt sé.
Fág freagra ar 'An fód á sheasamh ag Starmer, ach brú air i gcónaí i ndiaidh tubaiste toghcháin'