Bheadh an gaisce déanta ag Gaillimh murach adhmad lofa is siúinéirí malla Mhaigh Eo

Domhnach fliuch, an 22 Iúil 1962, agus cúilín eile de chuid na Gaillimhe faoi bhealach, léim cúl báire Ros Comáin san aer agus rinne luascán ar an trasnán…

Bheadh an gaisce déanta ag Gaillimh murach adhmad lofa is siúinéirí malla Mhaigh Eo

Beidh peileadóirí na Gaillimhe ag iarraidh Craobh Chonnacht a thabhairt leo don chúigiú bliain as a chéile nuair a imreoidh siad féin agus Ros Comáin a chéile ar Pháirc de hÍde inniu. Aon uair amháin cheana (1956-1960) a rinne siad a leithéid de ghaisce ach is iomaí duine sa gcontae céanna sin a déarfadh leat go mbeadh sé déanta arís acu go gairid ina dhiaidh sin murach adhmad leathlofa Mhaigh Eo agus moilleadóireacht a chuid siúinéirí.

Domhnach fliuch, an 22 Iúil 1962, mo chéad uair ag babhta ceannais mo chúige agus a raibh i mo thimpeall chomh báite sin ar Pháirc Mhic Éil i gCaisleán an Bharraigh go raibh srutháin de dhathanna an mharúin agus an tsabhaircín ag silt síos lena gcuid muiníl as na caipíní páipéir ar a mbíodh dathanna na gcontaetha.

Ar tinneall a bhí mé féin agus muintir na Gaillimhe a bhí timpeall orm le linn an chéad leatha, na foirne ar comhscór 1-3 an taobh faoi leath ama. Ba ag Gaillimh a bhí formhór na himeartha agus na deiseanna scórála, ach nach mór leis féin, choinnigh leathchúlaí láir Ros Comáin, Gerry O’Malley iadsan san imirt.

Mhaolaigh an bháisteach agus cuid den imní a bhí ormsa ar atosú don imirt mar go bhfuair Pat Donnellan cúl do Ghaillimh agus nuair a scóráil Séamus Leyden cúilín dóibh bhíodar 2-5, 1-4 chun cinn agus iad ag glacadh forlámhais ar an imirt de réir mar a bhí an t-am á chaitheamh.

Go gairid ina dhiaidh sin agus cúilín eile de chuid na Gaillimhe faoi bhealach más ar éigean féin é, léim cúl báire Ros Comáin san aer agus rinne luascán ar an trasnán.

Scoilt sin ina dhá leath díreach.

Deir siad siúd a raibh uaireadóirí acu gur sé nóiméad a thóg sé malairt trasnáin a thabhairt as an bpáirc chúil agus é a fheistiú. Más amhlaidh a thug sin scíth do Ros Comáin nó más píosa cainte éicint a déanadh, ba é a tharla i ndiaidh an tsosa go mba acusan a bhí máistreacht iomlán ar an gcuid eile den imirt.

Níor scóráil Gaillimhe as sin go deireadh ach dhá chúilín, bhí an Máilleach chomh cumasach agus a bhí sé sa gcéad leath, ach anois go raibh a chomrádaithe ina thimpeall iad féin feabhsaithe as cuimse.

Fós, más ar éigean féin é, ba iad Gaillimh a bhí chun cinn agus na sé nóiméad a bhí caite i mbun siúinéireachta curtha leis an am ag an réiteoir as Cabhán, Mick Higgins. Sa mullach ar sin cheadaigh sé 5 nóiméad breise, cé go mba bheag stopadh a bhí san imirt, má bhí a leithéid ann beag ná mór.

Ba sa tréimhse sin a fuair na deartháireacha Don agus Des Feeley an cúl agus an cúilín a thug an bua 3-7, 2-9 do Ros Comáin ach ba é Gerry O’Malley ba mhó a thuill moladh.

Dúirt an Curadh Connachtach ina thuairisc: ‘Gerry took the part of three players. He played in his own position. Every now and then he helped the shaky midfielders, and, in the closing stages of the game, he came to the aid of the forwards…Gerry’s display would not suggest that he has been playing for his county for the last seventeen years.’

Ós rud é nach bhfuil mé eolach go leor ar chúrsaí adhmadóireachta le go mbeadh a fhios agam cén fad saoil a bhaineann le trasnáin, níl mé in ann aon cheangal a chruthú idir ar tharla i 1962 agus ar facthas 30 bliain dár gcionn nuair a tharla an rud ceannann céanna arís ar Pháirc Mhic Éil agus babhta ceannais Chraobh Chonnacht ar siúl ansiúd arís.

Ba chluiche é sin freisin ina raibh Ros Comáin páirteach, ach an babhta seo go mba iad Maigh Eo a bhí ina gcoinne. Ba bheag a bhí eatarthusan ach an oiread ag leath ama i gcluiche ceannais 1992, farasbarr aon chúilín amháin ag Maigh Eo.

Ba i dtús an dara leath a thug an trasnán uaidh an uair seo freisin – cosantóir as Ros Comáin, Enon Gavin, ba chúis lena bhriseadh – eisean ag iarraidh tuilleadh faid a bhaint as féin le cúnamh an trasnáin tar éis do chic de chuid Anthony Finnerty bualadh faoi siúd.

Ar ámharaí an tsaoil beidh Rob Finnerty, mac le Anthony, ag imirt ar fhoireann na Gaillimhe inniu.

Seacht nóiméad a thóg sé trasnán nua a chuir i bhfearas an babhta seo agus ba iad Maigh Eo anois a bhain tairbhe as an sos. Cheansaigh T.J. Kilgallon an ceannas a bhí ag Ros Comáin i lár na páirce agus in am an ghátair fuair Finnerty 3 chúilín den scoth a d’fhág bua 1-14, 0-10 ag Maigh Eo.

Ó shin is minic ráite ag lucht leanta na gcontaetha a chaill an dá chluiche ceannais sin go raibh lámh mhór (maith an t-imeartas focal dom!) ag Aidan Brady agus ag Enon Gavin lena gcliseadh, ach timpeall deich mbliana ó shin tháinig scéilín chun cinn a chuireann beagán d’athrú ar chás Gavin.

Clár cáiliúil teilifíse an BBC A Question of Sport a thug an eachtra chun solais in athuair.

Mar chuid de siúd thaispeántaí cúpla soicind imeartha as cluiche éicint. Ansin, de léim, stopfaí é agus chuirfí an cheist seo orthu siúd a bhí páirteach.

“Céard a tharla ansin?”

Tamall tar éis don BBC mór-eachtra Chluiche Ceannais Chonnacht 1992 a thaispeáint ar an gclár, chuir fear darbh ainm Donal Hughes in iúl go mb’fhéidir nár cheart an milleán ar fad a bheith á leagan ar Enon Gavin.

Ba é Hughes a bhí mar chúl báire ag Maigh Eo i gcluiche ceannais na mionúr a bhí ar siúl roimh an gceann sinsir agus nuair a cuireadh dlús leis an gcaint faoi eachtra an trasnáin arís de bharr chlár an BBC i 2016, bhí seo le rá aige.

‘I’m afraid it’s all my fault that crossbar cracked. I played in goal for Mayo in the Minor game and had a habit of hanging off the crossbar when a ball went over. During the game I grabbed the bar, it cracked and dropped a bit. The linesman shouted at me something to the effect of “let go of that f**king thing before you pull it down altogether”. They checked the bar at half time with the ref and he reckoned it would be ok. It wasn’t!”

Níor imir Dónal Hughes mórán peile do Mhaigh Eo ina dhiaidh sin mar gur bhain gortú dó. Ní díomhaoin a d’fhan sé ná baol air. Tharraing sé rudaí eile sa mullach air féin, ina measc Dochtúireacht sa gCeimic Fheidhmeach a bhain sé amach in Ollscoil Chathair Bhleá Cliath.

Chuir sé suim sa ngalf agus scríobh sé altanna ina thaobh ar an nuachtán an Irish Examiner. Ina dhiaidh sin chuaigh ag plé leis na meáin nua-aoiseacha, áit a mbíonn sé mar thionchaire ag comhlachtaí a bhíonn ag plé leis an ngalf. Is é atá i gceannas ar an suíomh gréasáin Golf Central Daily agus is é is sinsearaí de na léirmheastóirí atá ag Golf Bidder, an comhlacht is mó san Eoraip a dhíolann maidí gailf dara lámh.

Nuair a bhíonn an t-am le spáráil ag Dónal, ritheann sé rásaí ‘ironman’ agus tugann oiliúint do chúil bháire óga sa bPeil Ghaelach. Sa mbliain 2007 agus é ag bailiú airgid do charthanachtaí a thagann i gcabhair ar pháistí, d’imir sé 32 babhta gailf i 32 contae na hÉireann in imeacht 32 lá.

Fág freagra ar 'Bheadh an gaisce déanta ag Gaillimh murach adhmad lofa is siúinéirí malla Mhaigh Eo'