Tá an rialtas ag teannadh le bliain go leith i mbun oifige agus is mór an difear idir an saol a bhí ann nuair a ceapadh iad agus atá againn anois.
Cé go bhfuil airgead flúirseach go maith go fóill agus neart sa gciste do lá na coise tinne, tá éiginnteacht le brath faoi chúrsaí airgeadais mar thoradh ar an gcorraíl sa mhurascaill atá ag cothú teannais ag bord an rialtais i mBleá Cliath chomh maith le háiteacha eile ar fad na cruinne.
Thug an comhlacht airgeadais Ernst and Young breithiúnas réasúnta dearfach an tseachtain seo ar sheasamh na tíre agus cé go bhfuil imní fairsing tá an chosúlacht air go bhfuil cúrsaí airgeadais na tíre socair go maith i gcónaí. Bíodh sin mar atá tá drogall ar Airí Rialtais aon gheallúint ná aon dearbhú a thabhairt faoi chur I bhfeidhm gealltanais an chláir rialtais i mbliana.
Tharraing James Lawless achrann air féin arís i mbliana nuair a dhiúltaigh sé aon deimhniú a thabhairt faoi laghdú i dtáillí clárúcháin ollscoile. Dhiúltaigh sé dearbhú a thabhairt anuraidh ar an ábhar céanna agus tharraing sé clampar air féin.
Bhí sé doicheallach faoi aon dearbhú a thabhairt an tseachtain chéanna go raibh an rialtas i mbun plé arís ar bhearta leis an dochar a bhaint as costais fuinnimh. Tá an rialtas ag iarraidh bearta a aimsiú a bheidh dírithe ar dhaoine a bhfuil ioncam áirithe acu ar mhaithe le hairgead a shábháil don státchiste. Sin iad na daoine céanna is measa a bhíonn buailte ag táillí ollscoile agus is feargaí a bheidh má chliseann ar an rialtas a ngealltanas sa gclár rialtais a chomhlíonadh.
Mar fhreagra ar theachta de chuid Fhine Gael a bhí an tAire Lawless ag labhairt nuair a dhiúltaigh sé aon dearbhú a thabhairt. Cháin Fine Gael é as gan a bheith sásta sin a dhéanamh. Tráthúil go leor b’in an dara babhta an tseachtain seo a raibh scoilt idir na príomhpháirtithe sa gcomhrialtas follasach. Airí de chuid Fhine Gael a chuir a gcuid ainmneacha le litir a seoladh chuid Coimisiún na hEorpa i dtús na seachtaine ag éileamh tascfhórsa faoi dhleachtanna agus taraifí ar earraí cógaisíochta agus bagairtí Donald Trump.
Díol suntais mar sin go bhfuil an teannas agus scoilteanna idir Fianna Fáil agus Fine Gael ag éirí níos follasaí. Ní raibh siad ar aon fhocal le gairid ach an oiread faoi shocruithe cánach d’áitribh ar bheadh dá ligean go gearrthéarmach.
Má leanann na deacrachtaí agus an teannas seo ar aghaidh cén bhail a fhágfaidh sé ar chainteanna buiséid a bheidh le reáchtáil i rith an tsamhraidh?
Agus cén fhad go mbeidh easaontas ann a chuirfidh an oiread feirge ar chúlbhinseoirí agus go ndéarfaidh siad lena gceannaire nach féidir brath orthu?
Tá an fhearg chéanna ag brúchtaíl ó bhí agóidí na míosa seo caite ann agus is fánach an rud anois, is cosúil, a tharraingeoidh achrann.
Fág freagra ar 'Is fánach an rud anois a tharraingeodh tuilleadh achrainn ar an rialtas'