Ispín Infantino
Tá a chuid ráite ag Uachtarán FIFA faoi chonspóid na dticéad do Chorn an Domhain an samhradh seo.
Tá cáineadh láidir déanta ar phraghas na dticéad don chomórtas a bheidh á reáchtáil i Meicsiceo, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Ceanada an mhí seo chugainn agus na mílte á lorg chun freastal ar chluiche. Mar bharr ar an donas, tá a gcóras féin ag FIFA chun na ticéid a athdhíol agus gan uasteorainn leis an bpraghas is féidir a lorg. Cuireadh ceithre thicéad don chluiche ceannais ar díol le gairid agus €2 milliún an ceann á lorg.
Ní hé nach bhfaighidh tú luach do chuid airgid, a deir Uachtarán FIFA, áfach.
“Tabharfaidh mise mé féin hot dog agus Coke dóibh,” a dúirt Infantino de gháire agus é ag trácht ar aon duine a cheannódh ticéad ar an bpraghas sin.
Deir Infantino nach raibh aon dul as ag FIFA ach na ticéid a dhíol ar chostas ard mar go ndíolfaí ar phraghas níos airde ina dhiaidh sin iad ar aon nós. Níor luaigh sé go bhfuil FIFA féin ag fáil 30% den táille a íoctar ar an gcóras athdhíola, rud a fhágann go saothróidh FIFA beagnach €600,000 ar gach ceann de na ceithre thicéad €2 milliún sin, má dhíoltar ag an bpraghas sin iad.
Ceapann uachtarán eile, Donald Trump, cara mór Infantino, go bhfuil na ticéid do Chorn an Domhain ródhaor. Is léir, áfach, nár chaith Trump agus ‘Johnny’, mar a thugann sé air, rófhada ag plé costas ticéad sna cruinnithe a bhí acu le chéile. Nuair a dúirt an New York Post le Trump go raibh míshásamh ann gur $1,120 a bhí ar an ticéad ba shaoire do cheann do chluichí Stáit Aontaithe Mheiriceá ag an gcomórtas, cheap Trump go raibh sin é féin ródhaor.
“Chun an fhírinne a rá, ní íocfainn féin é sin orthu ach an oiread,” a dúirt an billiúnaí.
Kneecap v Iosrael
Tá Kneecap ag súil le bheith ar bharr an tábla tráthnóna nuair a fhógrófar cairteacha albaim na Ríochta Aontaithe. Melanie C agus Michael Jackson atá san iomaíocht le Kneecap. Rud amháin a bheadh ann a bheith sáraithe ag iarbhall de chuid na Spice Girls ach is cinnte nach dtaitneodh sé le Kneecap dá bhfaigheadh rí an ceann is fearr orthu, fiú más Rí an Phop atá ann.
Lena gceart a thabhairt dóibh, ní ag déanamh imní faoi rath a n-albaim úr a bhí buachaillí Kneecap an tseachtain seo agus a n-ainmneacha curtha acu le feachtas atá ag éileamh go ndéanfadh Cumann Sacair na hÉireann baghcat ar na cluichí in aghaidh Iosrael.
Tá Éire agus Iosrael le haghaidh a thabhairt ar a chéile faoi dhó i Sraith na Náisiún níos deireanaí i mbliana agus cé go bhfuil sé ráite ag Príomhfheidhmeannach an FAI nach bhfuil aon rogha ann ach na cluichí a imirt, tá imreoirí, iarimreoirí agus daoine aitheanta eile, Kneecap ina measc, tar éis tús a chur le feachtas nua ‘Stop the Game’.
Tá iarbhainisteoir na hÉireann, Brian Kerr, iarchaptaen ar fhoireann náisiúnta na mban, Louise Quinn, agus Roberto Lopes, imreoir de chuid Shamrock Rovers a bheidh ag imirt ag Corn an Domhain i mbliana le Rinn Verde, i measc na ndaoine aitheanta i saol an spóirt a shínigh litir mar chuid den fheachtas. Tá a n-ainm curtha léi freisin ag leithéidí Liam Ó Maonlaí, Christy Moore, Fontaines D.C. agus Daniel Lambert, bainisteoir Kneecap.
Tá Sinn Féin tar éis tacaíocht a thabhairt don fheachtas chomh maith agus dúirt an Teachta Dála Naoise Ó Cearúil ar RTÉ gurb é a thuairim féin nár chóir don chluiche dul ar aghaidh ach gurb é cinneadh UEFA a bhí ann seachas don FAI ná do Rialtas na hÉireann.
Tá an chéad chluiche idir Éirinn agus Iosrael le bheith ar siúl i mBaile Átha Cliath ar an 4 Deireadh Fómhair.
Cluiche an deireadh seachtaine – Barcelona v Real Madrid – Dé Domhnaigh, 20:00 (Beo ar Premier Sport)
Tá chuile chineál ‘Clásico’ eile luaite againn sa gcolún seo le cúpla mí anuas ach beidh ‘El Clásico’ againn faoi dheireadh Dé Domhnaigh agus ní i Staid an Ghearaltaigh a bheidh sé.
Imreoidh Barcelona agus Real Madrid sa Camp Nou oíche Dé Domhnaigh agus fir Madrid ag iarraidh a chinntiú nach ag ceiliúradh a bheidh na Catalónaigh faoi dheireadh na hoíche. Tá an tsraith nach mór buaite ag Barcelona agus iad 12 pointe chun tosaigh ar Real Madrid agus gan ach ceithre chluiche fágtha. Fágann sin go gcaithfidh na Madridistas an ceann is fearr a fháil ar na Culers nó beidh Barcelona ag ceiliúradh La Liga a bhuachan den 29ú huair nuair a shéidfear an fheadóg dheireanach.
Fiú má bhuann Madrid, tá gach seans ann go mbuafaidh Barcelona an tsraith cúpla lá dár gcionn nuair a imreoidh siad Alavés ar an gCéadaoin, ach ar a laghad ní bheidh ar imreoirí Madrid a bheith ag breathnú orthu.
Fág freagra ar 'Ispín Infantino, Kneecap v Iosrael agus an fíor-Clásico'