Fuath ban i measc na bpóilíní – cliseadh ar Katie Simpson ina beatha agus ina bás

Bhí a fhios le fada gur chlis an córas ar Katie Simpson agus a muintir agus dhearbhaigh Ombudsman na bPóilíní é sin

Fuath ban i measc na bpóilíní – cliseadh ar Katie Simpson ina beatha agus ina bás

Tá geallúint tugtha ag Príomh-Chonstábla an PSNI, Jon Boutcher go nglanfar fuath ban as an tseirbhís phóilíneachta agus go mbrisfear as a phost aon oifigeach a sháróidh an riail feasta. Beidh i bhfad níos mó ná briathra riachtanach chun muinín sa tseirbhís a shaothrú i ndiaidh a bhfuil tagtha chun solais faoin a bhfaillí agus laofacht inscne i gcás mharú Katie Simpson.

Nocht tuarascáil a choimisiúnaigh Aire Cirt Stormont, Naomi Long, go raibh fuath ban córasach san PSNI a d’fhág liosta fada d’easnaimh ina bhfiosrú ar an marú. Deineadh neamhaird de chomharthaí baoil agus beag is fiú d’fholáirimh ó fhinnéithe faoi fhoréigean agus smacht comhéigneach ach éisteadh leis an té a bhí freagrach.

Dúradh gan cháineadh gur ‘drochbhuachaill’ é agus ‘cluanaí ban’, téarmaíocht atá dall ar thaithí ban ar mhí-úsaid nó a shéanann é. Admhaíonn an PSNI go raibh na lochtanna do-ghlactha agus gur gá an t-athrú cultúir a d’éiligh údar na tuarascála, an Dr Jan Melia.

Fuair an seómharcach óg as contae Ard Mhacha bás san ospidéal i nDoire i mí Lúnasa 2020, sé lá tar éis do Jonathan Creswell, traenálaí capall agus páirtnéir a deirféar a rá go ndearna sí iarracht í féin a mharú. Ghlac na póilíní leis go raibh sé faoi bhrón agus ba leis siúd seachas le máthair Katie a rinneadh cumarsáid sna laethanta a chaith sí san ospidéal. Níor fiosraíodh eisean go dtí an bhliain dár gcionn. Cúisíodh é as dúnmharú agus éigniú Katie ach chuir sé lámh ina bhás féin in 2024, an lá tar éis an chéad éisteacht chúirte sa chás ina choinne.

Bhí a fhios le fada gur chlis an córas ar Katie Simpson agus a muintir agus dhearbhaigh Ombudsman na bPóilíní é sin. Ba é breithiúnas an Ombudsman faoi ndear do Naomi Long an tuarascáil nua a choimisiúnú. Tá an t-eolas nua scanrúil agus ba cheart go mbeadh cuid mhór de ar intinn na bpóilíní ón nóiméad a fuair siad an chéad ghlaoch gutháin ar an 3 Lúnasa 2020.

Tá sé chomhartha sóirt, a d’aithin saineolaithe, ar ‘féinmharú bréige’ – nuair a lig marfóir air gur chuir an duine a mharaigh sé lámh ina bás féin. Seo iad:

Bhí an t-íobartach folláin. Maíodh gur féinmharú é.

Bhí iarracht déanta ag an íobartach deireadh a chur le caidreamh.

Mí-úsáideoir foréigneach ab ea an té a bhí freagrach.

Frítheadh an t-íobartach ina teach féin.

Ba é an té a bhí freagrach ‘a tháinig ar’ an íobartach.

Bhain gach ceann de na gnéithe sin le marú Katie Simpson. Bhí sí bliain is fiche d’aois, i mbarr a sláinte. Bhí tús curtha aici le caidreamh nua, í ag iarraidh briseadh saor ó Jonathan Creswell. Chaith Creswell téarma i bpríosún as ionsaí ar bhean eile, seómharcach in 2010. Ba eisean a thuairisc gur tháinig sé ar Katie crochta ón staighre ag baile, tar éis di iarracht a dhéanamh í féin a mharú.

Ghlac an PSNI gan cheist lena leagan siúd den scéal agus ní dhearna siad scrúdú ceart ar an bhfianaise. Níor deineadh anailís ar láthair na heachtra, an teach ná an staighre agus níor caomhnaíodh é. Rinneadh fístéip di a mhair ceithre shoicind. Tar éis a ghlaoch ar na seirbhísí éigeandála – lá an ionsaithe – thóg Creswell Katie gan aithne gan urlabhra i ngluaisteán ón teach i Leitir Seandomhnaigh ina raibh cónaí air féin, a pháirtnéir, a mbeirt pháistí agus Katie ag dul i dtreo an ospidéil in Allt Mhic Dhuibhleacháin i nDoire chun bualadh leis an otharcharr. Níor scrúdaíodh an carr. Níor scrúdaíodh a chuid éadaigh. Níor coinníodh taifead físe nó eile de ghortuithe ar ghéaga Katie agus cé go raibh fuil ar a fo-éadaí níor chuir póilíní suim inti. Níor cheistigh oifigigh an fhoireann leighis faoi na gortuithe féachaint an raibh siad ag teacht le scéal Creswell gur thit sí de mhuin capaill.

Thairis sin rinneadh faillí san tseiceáil riachtanach ar stair Creswell. Bhí sé ar thaifead na seirbhíse gur chaith se leathbhliain í bpríosún as ionsaí ar Abi Lyle, smachtú comhéigneach agus as í a choinneáil in aghaidh a tola. Bhí sé deacair an córas a láimhseáil, a dúradh. Sheiceáil siad an liodán de chionta tiomána a bhí aige ach b’in é. Ar an drochuair ní raibh sé cláraithe mar chiontóir gnéis, teip eile.

Chinn an Dr Melia gur theip ar mhórán eagraíochtaí i gcaitheamh na mblianta. Liosta le háireamh na huaireanta a d’fhreastail Katie ar ospidéil le gortuithe ach níor thóg éinne gáir faire; seans gur thimpistí marcaigh a tharla ach seans nárbh ea. Ina theannta sin bhí bulaíocht, ansmacht agus foréigean Creswell in aghaidh Katie feicthe ag daoine i measc lucht na gcapall ach ní dhearna éinne aon rud; faitíos ar chuid acu. Tá a fhios anois go ndearna sé grúmáil uirthi ó bhí sí 10 mbliana d’aois agus craiceáilte faoi chapaill. Ón uair a cúisíodh Creswell tháinig go leor finnéithe chuig na póilíní le faisnéis faoina iompar brúidiúil neamhdhleathach. Nocht an tuairisc go bhfuil 37 ar fad, idir pháistí agus daoine fásta a deir gur thug Creswell drochíde orthu. Tá fiosrú nua bunaithe ag an PSNI agus ceist faoi mhí-úsáideoirí eile i saol na heachaíochta.

Tá na geallúintí faoi dhea-iompar ag teacht go tiubh – níor mhór a léiriú go mbeidh siad á gcomhlíonadh má tá muinín ar bith le bheith ag mná sna póilíní san áit is contúirtí dóibh san Eoraip.

Fág freagra ar 'Fuath ban i measc na bpóilíní – cliseadh ar Katie Simpson ina beatha agus ina bás'