Tá an brú ar an rialtas faoiseamh breise ó ardphraghsanna fuinnimh a fhógairt ag dul i dtreise ó thug foras staidrimh an AE Eurostat le fios Dé Céadaoin gur in Éirinn atá praghsanna leictreachais níos daoire ná i dtír ar bith eile san Aontas.
Tá plean rialtais chun costais fuinnimh a laghdú geallta sa bhfómhar ach neartóidh míshásamh leis an gcostas maireachtála i gcoitinne agus le costais fuinnimh go háirithe idir an dá linn.
Is féidir ‘mair a chapaill agus gheobhair féar’ a rá le capall. Níl briathra, ná vóta i bhfothoghchán, ag an gcapall chun diúltú do chomhairle dá leithéid.
Is léir mar sin míthráthúlacht chaint an Taoisigh ar an machnamh is fiú a dhéanamh dar leis ar chumhacht núicléach mar bhealach chun spleáchas an stáit ar bhreosla iontaise a laghdú. Ní laghdóidh cumhacht núicléach billí leictreachais go ceann i bhfad, nó go deo b’fhéidir.
Dúirt Micheál Martin go raibh béim á cur ag an rialtas ar thógáil feirmeacha gaoithe amach ón gcósta. Thagair sé do mhíshocracht agus d’éiginnteacht a léirigh ár ró-spleáchas ar iompórtáil breosla iontaise le leathchéad bliain.
Más maith is mithid an freagra a thuilleann an dá ráiteas. Tógadh feirm ghaoithe amach ó chósta Chill Mhantáin breis agus tríocha bliain ó shin. Tá an tionscal ina stad ó shin i leith áfach ainneoin an tairbhe mhór a fhéadfaí a bhaint as an ngaoth chun freastal ar an riachtanas abhus agus an farasbarr á easpórtáil.
Arís, ba léir do gach rialtas ó na 1970idí ar aghaidh ró-spleáchas an stáit ar bhreosla iontaise ón iasacht. Ba léir freisin a neamhthoil ár bhfoinsí cumhachta féin a fhorbairt go pras.
Ní foláir a rá nach bhfuil forbairt núicléach abhus molta ná beartaithe. Go deimhin, tá cosc ar thógáil togra a d’úsáidfeadh cumhacht núicléach i bhfeidhm de réir dlí a ritheadh i 1999.
Sa Dáil Dé Céadaoin, mhol an Teachta Dála Ken O’Flynn gur chóir an cosc a chur ar ceal. Dúirt Micheál Martin leis go scrúdódh an rialtas bille a d’fhoilsigh James O’Connor, Teachta Dála Fhianna Fáil i gCorcaigh Thoir, a chuirfeadh deireadh leis.
Chuir O’Flynn, Teachta Éire Neamhspleách i gCorcaigh Lár-Thuaidh, i gcuimhne dó go raibh fuinneamh á iompórtáil trín nasc Ceilteach ó ionaid núicléacha sa bhFrainc – rud a léirigh “contrárthacht polasaí” dar leis.
Tá tuairimíocht an Taoisigh agus bille James O’Connor cáinte ag ceannaire an Chomhaontais Ghlais, Roderic O’Gorman mar chaint a tharraingíonn aird ó bheartais ba chóir a bhrostú chun cumhacht ghlan leictreach ar chostas íseal a sholáthar sa ghearrthéarma.
Measann Roderic O’Gorman go dtógfadh sé 15 bliain stáisiún núicléach cumhachta a thógáil agus a chur i mbun soláthair. Ní 15 bliain ach 40 bliain a theastódh áfach de réir áirimh a rinne an t-iriseoir Philip Boucher-Hayes do RTÉ.
Tá a mheastachán bunaithe ar an méid ama a chaithfí (a) ar phlé an togra (2) ar dhréachtú agus ar phlé na reachtaíochta a bheadh riachtanach lena cheadú (3) ar phleanáil agus ar dhearadh na scéime (4) ar idirphlé le Coimisiún an AE (5) ar dhréachtú agus ar phlé an pholasaí bithéagsúlachta (6) ar an iarratas pleanála agus ar an éisteacht phoiblí a bheadh riachtanach sara dtabharfaí cead pleanála (7) ar achomhairc sna cúirteanna (8) ar thógáil an stáisiúin chumhachta (9) ar fhorbairt eangach cumhachta an stáit chun freastal air, (10) forbairt a spreagfadh achomhairc ina choinne.
Ní aontódh gach saineolaí leis an meastachán seo. Fiú má chuirtear as an áireamh áfach an mhoill a chuirtear ar thograí móra (cuimhnigh ar Ospidéal Náisiúnta na Leanaí nár osclaíodh fós) is léir na cúiseanna a chuirfeadh moill ar thogra chomh mór le stáisiún núicléach. Is fiú tagairt freisin do dhúshlán eile nach beag.
Rinne ceannaire Aontú, Peadar Tóibín cur síos simplí air sa Dáil tar éis dó a rá go raibh tuairim oscailte ag a pháirtí maidir le fuinneamh núicléach. Níor shíl sé go mbeadh oiread agus Teachta amháin i dTeach Laighean, agus é féin san áireamh, a chuirfeadh fáilte roimh ionad núicléach a mholfaí a thógáil ina dháilcheantar féin.
Fiafraíodh de James O’Connor ar RTÉ an mbeadh sé sásta dá lonnófaí ionad núicléach i gCorcaigh Thoir. Sheachain sé an cheist.
Ní dhéanfadh iniúchadh ar bhunú ionaid núicléach a dhéanfadh comhchoiste aeráide an Oireachtais, mar a mhol an seanadóir Malcolm Noonan ón gComhaontas Glas, aon dochar ar ndóigh. Fiú má chuimhnítear ar éagumas an stáit tograí móra (cuimhnigh ar shampla moilleadóireachta eile: an líne Metro i mBaile Átha Cliath) a thabhairt chun críche go scafánta.
Bí cinnte go bpléifear ar feadh tamaill eile leasú ar an dlí a cheadódh togra ar dóichí ná a mhalairt nach dtógfar é sa ghearrthéarma ná go deo b’fhéidir.
Mair a chapaill agus gheobhair féar go deimhin. Más féar núicléach é, ná cuir geall air.
Eoghan Ó Néill
Is dócha, ar leas na tíre ina hiomláine, go bhféadfaí poll domhan a thochailt i Ros Comáin nó Liatrom le haghaidh an drámhaíl rad-gníomhach de thoradh an stáisiúin nucléach ach go cinnte ní oirfeadh Ciarraí nó Corcaigh do a leithéad!
Eoghan Ó Néill
Is dócha, ar leas na tíre ina hiomláine, go bhféadfaí poll domhan a thochailt i Ros Comáin nó Liatrom le haghaidh an drámhaíl rad-gníomhach de thoradh an stáisiúin nucléach, cinnte ní oirfeadh Ciarraí nó Corcaigh do a leithéad!
Carraig
Tá dul amú ar O Flynn mar níl “fuinneamh á iompartáil trín nasc Ceilteach ó ionaid núicléacha sa bhFrainc” ná ní bheidh go ceann i bhfad eile.
Tá “moill” curtha air, nílimíd “ullamh” i gceart, níl an córas aibhléise in inmhe chuige, caithfear uasghrádú a dhéanamh ar an mbonneagar, dearúdadh dhá bhuneilimint fó thoinn a cheangal le chéile, siar (nó soir?) a treoraíodh an cábla seachas i dtreo na Briotáine….doooh, daah, fáilte go hÉirinn.