Kyne, Thomas agus Ogbu sna chéad trí áit i nGaillimh Thiar – pobalbhreith

Deir duine as gach triúr i nGaillimh Thiar gur mó seans go dtabharfaidís vóta d’iarrthóir a bhfuil Gaeilge líofa acu

Kyne, Thomas agus Ogbu sna chéad trí áit i nGaillimh Thiar – pobalbhreith

Iarrthóir Fhine Gael Seán Kyne atá chun tosaigh i bhfothoghchán Ghaillimh Thiar, de réir pobalbhreith nua.

De réir na pobalbhreithe a rinne Ipsos B&A do Nuacht TG4 agus an Irish Times, 17%  atá ag an iar-aire stáit Gaeltachta agus gan é ach oiread na fríde chun cinn ar Noel Thomas Independent Ireland a bhfuil 16% aige. Tá buntáiste ag Kyne ó thaobh vótaí dara rogha, agus 15% aige i gcomparáid le 7% do Thomas.

Helen Ogbu, iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre, atá sa tríú háit agus 12% aici. De réir na pobalbhreithe d’éireodh go maith le Ogbu chomh maith ó thaobh vótaí aistrithe, rud a d’fhágfadh seans maith aici.

An t-iarrthóir Gaeltachta Míde Nic Fhionnlaich ó na Daonlathaithe Sóisialta atá sa cheathrú háit agus 9% aici.

Dúirt duine as gach triúr (32%) gur mó seans go dtabharfaidís vóta d’iarrthóir a bhfuil Gaeilge líofa acu. 67% a thug le fios nach ndéanfadh sé aon difríocht dóibh Gaeilge a bheith ag iarrthóir.

Tá Cillian Keane ó Fhianna Fáil sa chúigiú háit de réir na pobalbhreithe agus 8% aige. Ina dhiaidh sin tá an t-iarrthóir neamhspleách Mike Hubbard, Mark Lohan ó Shinn Féin, Niall Murphy ón gComhaontas Glas agus an neamhspleách Thomas Welby.

Ceist na mbóithre, cúrsaí tithíochta agus an costas maireachtála na ceisteanna is mó atá ag dó na geirbe ag vótóirí Ghaillimh Thiar de réir na pobalbhreithe.

Thug 67% de dhaoine i nGaillimh Thiar le fios go raibh siad míshásta leis an tslí ar láimhseáil an rialtas an ghéarchéim fuinnimh.

 

Fág freagra ar 'Kyne, Thomas agus Ogbu sna chéad trí áit i nGaillimh Thiar – pobalbhreith'