Sárú géar idir Sinn Féin agus an DUP faoi chinneadh deireadh a chur le maoiniú tionscadal logainmneacha

Tá deireadh curtha leis an maoiniú don tionscadal logainmneacha a chuidíonn le comhairlí an t-aistriúchán ceart a chur ar fáil do na sráidainmneacha i nGaeilge

Sárú géar idir Sinn Féin agus an DUP faoi chinneadh deireadh a chur le maoiniú tionscadal logainmneacha

Tá sé ina shárú géar idir Sinn Féin agus an DUP faoi chinneadh deireadh a chur leis an maoiniú a thugtaí do Thionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann, a bunaíodh 40 bliain ó shin.

Tá sé séanta ag an Aire Pobal Gordon Lyons, ón DUP, go bhfuil aon bhaint ag an gcinneadh seo le cúrsaí polaitíochta ná gur sampla eile é de phatrún cinntí in aghaidh na Gaeilge a dhéanann an DUP.

A mhalairt atá fíor, a mhaíonn Lyons, a deir gurb é an roinn airgeadais faoi cheannas Shinn Féin a chinn gan leanacht leis an maoiniú. Cinneadh a bhí ann nár tháinig chomh fada “lena dheasc féin” riamh, a dúirt Lyons.

“Ní mise a ghlac aon chinneadh faoi seo. An Roinn Airgeadais a mhaoinigh an tionscadal seo le ceithre bliana,” a dúirt an tAire Pobal le BBC.

“I mbliana, d’éirigh an roinn as a bheith á mhaoiniú – ní mise, ní hí an Roinn Pobal, ach an Roinn Airgeadais faoi cheannas Shinn Féin.

“Ní mise atá ag sábháil £90,000. Níl mé ag tabhairt an £90,000 sin do thogra éigin eile. An t-aon Roinn a shábháil airgead tríd an t-airgead sin a cheadú áit éigin eile ná an Roinn Airgeadais, atá faoi cheannas Shinn Féin.

“Tá Sinn Féin ag iarraidh a lucht tacaíochta a ghríosú agus is chuige sin a mhaítear go bhfuil an maoiniú stoptha ag an DUP,” a deir Lyons.

Dúirt urlabhraí ón Roinn Airgeadais le Tuairisc gur aistríodh an fhreagracht don togra go dtí an Roinn Pobal in 2022 agus go raibh tuiscint ann go mbeadh an roinn sin freagrach feasta as maoiniú fadtéarmach a chur ar fáil.

“Sa mbliain 2022 aistríodh freagracht don Tionscadal Logainmneacha ón Roinn Airgeadais go dtí an roinn atá freagrach as teangacha agus an maoiniú dó ar fáil go dtí an 31 Márta 2026.

“Nuair a aistríodh an tionscadal rinneadh sin ar an tuiscint gur ar an roinn sin a bheadh an fhreagracht maoiniú fadtéarmach a chur ar fáil don tionscadal,” a dúirt an t-urlabhraí.

“Is í an Roinn Pobal atá freagrach as cur chun cinn na Gaeilge,” a dúirt Colm Gildernew comhalta tionóil ó Shinn Féin.

“Phléigh mé é seo leis an Rúnaí Buan [sa Roinn Pobal]Déardaoin, níor thug sise le fios dom nach cuid dá gcúram an maoiniú seo agus is fíor a rá gur bhuail siad le lucht an tionscadail an tráthnóna sin nó an lá dár gcionn.”

Dúirt Gildernew gur sampla eile a bhí anseo de “shraith beart” a thionscain Lyons agus é ina Aire Pobal, mar shampla, an Ghaeilge a bhaint de lógónna a roinne agus cur in aghaidh comharthaí Gaeilge ag Mórstáisiún Láir Bhéal Feirste.

“Tá patrún anseo agus is é sin an chúis go bhfuil oiread cantail ar dhaoine,” a dúirt Gildernew.

Tuairiscíodh an tseachtain seo caite gur chuir Gordon Lyons deireadh leis an maoiniú don tionscadal logainmneacha a chuidíonn le comhairlí an t-aistriúchán ceart a chur ar fáil do na sráidainmneacha i nGaeilge.

Ní bhíonn aon ghlacadh ag an DUP le polasaithe i dtaobh comharthaí dátheangacha.

Dúirt urlabhraí ón Roinn Pobal leis an Irish News an tseachtain seo caite gur cuireadh maoiniú ar fáil don tionscadal logainmneacha “ag amanna éagsúla ó roinnt ranna rialtais i dTuaisceart Éireann”.

“Tháinig deireadh leis an socrú is deireanaí faoi mhaoiniú an tionscadail ag deireadh an Aibreáin. Chomh maith le deireadh a bheith tagtha leis an maoiniú, bhí fadhbanna soláthar foirne ag an tionscadal go seasta,” a dúirt urlabhraí.

“Tá socruithe á ndéanamh ionas go mbeidh bunachar sonraí an tionscadail ar fáil i gcónaí don lucht taighde.”

I ráiteas ón Tionscadal Taighde féin dúradh go raibh deireadh leis an maoiniú a bhí acu agus go raibh “an fhoireann ag tabhairt a gcuid oibre chun críche.”

“Tá aiféala orainn nach féidir linn freagraí a thabhairt feasta ar iarratais ar aistríuchán nó eolas. Is mór againn bhur gcuid tuisceana agus muid ag tabhairt céim seo na hoibre chun deiridh.”

“Cuirfear ar an eolas sibh faoi aon eolas nua a bheidh againn sa gcás go dtagann aon athrú ar an scéal.”

Tá ráite ag Conradh na Gaeilge gur theip glan ar an Roinn Pobal an tacaíocht fhadtéarmach airgeadais atá de dhíth ar an tionscadal a chur ar fáil. “An léamh is measa air seo, breathnóidh daoine air mar roinn atá faoi cheannas an DUP ag casadh as an innill a rialaíonn na comharthaí sráide dátheangacha ar fad, agus uair amháin eile ag ionsaí na Gaeilge agus cearta ár bpobail,” a dúirt Conchúr Ó Muadaigh ó Chonradh na Gaeilge.

Tá an cinneadh cáinte freisin ag an SDLP a d’éiligh soiléiriú faoi mhaoiniú an tionscadail logainmneacha.

Fág freagra ar 'Sárú géar idir Sinn Féin agus an DUP faoi chinneadh deireadh a chur le maoiniú tionscadal logainmneacha'