Tairiscintí á lorg do chonradh ceithre bliana d’aersheirbhís Oileáin Árann

Tá conradh €5.7m le bronnadh ag Roinn na Gaeltachta ar chomhlacht a chuirfidh seirbhís aeir ar fáil go hOileáin Árann. Is ag an gcomhacht Aer Arann atá an conradh reatha

Tairiscintí á lorg do chonradh ceithre bliana d’aersheirbhís Oileáin Árann

Tá tairiscintí á lorg ag Roinn na Gaeltachta don chonradh aerthaistil go hOileáin Árann i nGaeltacht na Gaillimhe.

Is ag an gcomhlacht Galway Aviation Services Ltd, a bhíonn ag trádáil faoin ainm Aer Arann, atá an conradh faoi láthair agus bíonn an tseirbhís á reáchtáil ó Aerfort Chonamara sna Mine i gCois Fharraige go dtí na trí aerstráice in Inis Oírr, Inis Meáin, agus Árainn.

Conradh ceithre bliana atá le bronnadh a mhairfidh ó dheireadh na bliana seo go dtí deireadh na bliana 2030. Caithfear seirbhís aeir a chur ar fáil do phaisinéirí agus do lastas, ach is ar an mbád farantóireachta a thiocfaidh an post isteach go hOileáin Árann i gcónaí. Conradh poiblí ar fiú tuairim is €5.7m sa bhliain atá i gceist leis an tairiscint agus caithfear a bheith sásta an tseirbhís a chur ar fáil gach lá den bhliain.

Cuirfear tús leis an gconradh nua ceithre bliana Lá Samhna na bliana seo agus caithfidh an soláthróir dhá eitilt sa lá seacht lá sa tseachtain a chur ar fáil ó Aerfort Chonamara agus Inis Oírr agus Inis Meáin – ceann ar maidin agus ceann tráthnóna. Glacfar le heitilt amháin a théann ó oileán amháin go hoileán eile. Caithfear trí eitilt sa lá a dhéanamh ó Luan go hAoine ó Aerfort Chonamara agus Árainn, ceann ar maidin, ceann san iarnóin, agus ceann tráthnóna, agus caithfear dhá eitilt sa lá a bheith ann Dé Sathairn is Dé Domhnaigh.

Ní mór don chomhlacht a chuirfidh isteach ar an tairiscint a chruthú go mbeidh an spás acu 17,794 suíochán go hÁrainn sa bhliain a chur ar fáil agus 13,104 chuig an dá oileán eile. Is é an 1 Márta go 30 Meán Fómhair ‘séasúr an tsamhraidh’ de réir an chonartha. Ní gá seirbhís a chur ar fáil Lá Nollag ná Lá Cinn Bliana, agus beidh cead an tseirbhís a laghdú Lá Fhéile Stiofáin agus Oíche Chinn Bliana.

Tabharfar pointí sa phróiseas tairisceana do chomhlachtaí a léireoidh “meas” ar stádas na Gaeilge mar phríomhtheanga na n-oileán agus do thábhacht na teanga trí chéile. Deirtear sna cáipéisí a bhaineann leis an tairiscint gur chóir a chinntiú go bhfuil an fhoireann agus an criú ar fad “in ann agus toilteanach” comhrá agus gnó a dhéanamh i nGaeilge. Iarrtar ar sholáthróirí eolas a chur isteach faoin gcaoi a n-úsáidfidh siad agus a gcuirfidh siad an Ghaeilge chun cinn.

Chuaigh tuairim is 126,300 paisinéir ar sheirbhísí aeir Aer Arann le trí bliana anuas, nó 41,100 paisinéir sa bhliain ar an meán. Is iad muintir na n-oileán féin is mó, seachas turasóirí, a úsáideann an tseirbhís aeir.

Tá seirbhís phoiblí báid ann ó Ros an Mhíl go dtí na hoileáin freisin, agus tá seirbhís phríobháideach ann as Dúlainn i gcontae an Chláir. Téann bád lastais as cathair na Gaillimhe isteach chuig na hoileáin faoi dhó sa tseachtain sa gheimhreadh agus faoi thrí sa tseachtain sa samhradh. Bíonn seirbhísí samhraidh go hÁrainn ann as cathair na Gaillimhe freisin.

Is le Roinn na Gaeltachta Aerfort Chonamara sna Mine agus is le hÚdarás na Gaeltachta na trí haerodróm sna hoileáin.

Fág freagra ar 'Tairiscintí á lorg do chonradh ceithre bliana d’aersheirbhís Oileáin Árann'