Ba cheart an caighdeán Gaeilge is gá a bhaint amach le cáiliú mar bhunmhúinteoir a ardú, dar le Tánaiste nua Chonradh na Gaeilge, Mairéad Ní Fhátharta. Dúirt an múinteoir as Inis Meáin, a toghadh an tseachtain seo ina tánaiste ar an eagraíocht Ghaeilge, nach bhfuil an “leibhéal Gaeilge” atá ag múinteoirí “sách maith” agus gur chóir an caighdeán a ardú sna coláistí oiliúna.
“An deacracht is mó atá againn sa tír ná nach bhfuil rochtain ag daoine [ar an nGaeilge], níl siad in ann staidéar a dhéanamh trí Ghaeilge. B’fhéidir nach bhfuil an leibhéal Gaeilge atá ag na múinteoirí sách maith. Tosaíonn sé ansin.
“B’fhéidir ó thaobh na bunmhúinteoireachta – ardú a chur ar an leibhéal Gaeilge a theastaíonn le bheith ina múinteoirí agus an meon i leith na teanga,” a dúirt sí in agallamh leis an gclár Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Dúirt Ní Fhátharta – ar príomhoide meánscoile í – freisin gur chóir an “luach” céanna a chur ar an nGaeilge sa chóras meánscolaíochta agus a chuirtear ar an matamaitic agus pointí breise Ardteiste a bhronnadh ar dhaltaí a thabharfadh faoi scrúduithe ardleibhéil.
“Má dhéanann tú ardleibhéal sa mhata faigheann tú pointí breise. Ní fhaigheann muid aon aitheantas ar an gcaighdeán teanga ná ar an leibhéal. Chomh luath is a chuirfidh muide luach ar an nGaeilge, sin é an bealach is mó a chuirfidh chuile dhuine eile luach uirthi. Tuigeann daoine an luach ar chuile rud agus sin ceann de na rudaí is simplí.
“Nuair a tháinig an T1 isteach le haghaidh an Teastais Shóisearaigh, chuir sé páipéar níos deacra os comhair scoláirí i nGaelscoileanna agus i gceantar Gaeltachta agus ní fhaigheann siad luach ná aitheantas ar bith air sin,” a dúirt Ní Fhátharta.
Mhaígh Tánaiste Chonradh na Gaeilge nach dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí Gaeilge go dtí go dtuigeann daltaí scoile gur fiú dóibh na scrúduithe ardleibhéil a dhéanamh agus go gcuirtear feabhas ar chaighdeán an teagaisc Gaeilge agus ar an soláthar múinteoirí i scoileanna na tíre.
Dúirt Ní Fhátharta gur údar iontais a bhí ann di féin, mar bhean Ghaeltachta a fuair a cuid scolaíochta i nGaeilge agus a d’fhreastail ar mheánscoil chónaithe lán-Ghaeilge, nach raibh an soláthar Gaeloideachais “i bhfad níos mó ná mar atá sé” nuair a d’fhág sí an coláiste.
Ach dúirt sí go bhfuil “saghas borradh” faoin teanga faoi láthair ainneoin na ndeacrachtaí a bhaineann leis an gcóras oideachais agus go bhfuil an teanga “ar fáil do dhaoine ar bhealach eile” ar na saolta seo.
“Is tríd an gcóras oideachais a bhí teacht ag formhór mhuintir na hÉireann ar an nGaeilge le fada an lá. D’fhág sé sin blas searbh i leith na teanga ag daoine. Ach anois, go háirid le teacht na teicneolaíochta agus cúrsaí ceoil, tá an oiread cainte ar an méid atá déanta ag leithéidí Kneecap agus cainteoirí dúchais ar TikTok agus eile.
“Tá daoine ag feiceáil na teanga ar bhealach eile. Ceapaim go bhfuil brú ar pholaiteoirí agus ar dhaoine a bheith níos dearfaí, mar tá an soláthar teanga i bhfad níos leithne,” a dúirt sí.
Ba mhaith le Tánaiste nuathofa Chonradh na Gaeilge freisin “feabhas a chur ar an mbealach a fheictear an Ghaeltacht” agus go bhfeicfí na ceantair sin mar “áit bheo” seachas “iarsmalann teanga”.
Toghadh Mairéad Ní Fhátharta as Inis Meáin ina Tánaiste ar an eagraíocht le linn an chéad chruinnithe a bhí ag Coiste Gnó Chonradh na Gaeilge ó toghadh an coiste nua ag an Ard-Fheis i mBéal Feirste ag deireadh mhí Feabhra.
Dúirt sí go mbeadh sí ina “glór Gaeltachta” i gConradh na Gaeilge agus go bhfuil na ceantair Ghaeltachta “ag laghdú agus faoi bhrú mar gheall ar easpa tacaíochtaí”.
“Tuigim céard é Gaeltacht bheo, ba mhaith liom feabhas a chur ar an mbealach a fheictear an Ghaeltacht. Go minic labhraíonn daoine ar an nGaeltacht mar áit a raibh siad ar saoire nó áit ar nós iarsmalann teanga, ach tá sé fíorthábhachtach go mbeadh an Ghaeltacht feicthe mar áit bheo agus go bhfuil sé de cheart ag muintir na Gaeltachta na deiseanna agus na seirbhísí céanna a bheith acu,” a dúirt Ní Fhátharta.
Dúirt sí gur minic a bhíonn pobal na Gaeltachta agus lucht labhartha na Gaeilge “ag fanacht” ar sheirbhísí ón stát i nGaeilge agus go mbeadh sí ag díriú ar fhadhbanna mar sin a réiteach agus í ina Tánaiste ar an gConradh.
“Is iad na tobair bheaga seo, na Gaeltachtaí, atá ag laghdú agus faoi bhrú mar gheall ar easpa tacaíochtaí. Tá muide mar phobal Gaeltachta an t-am ar fad ag troid, ag troid, agus ag troid.
“Le haon teanga, caithfidh cainteoirí dúchais a bheith agat lena chinntiú go mbeidh deis ag foghlaimeoirí an teanga a shealbhú agus í a thabhairt leo,” a dúirt sí.
Fág freagra ar 'Gá an caighdeán Gaeilge a theastaíonn don bhunmhúinteoireacht a ardú – Tánaiste nua Chonradh na Gaeilge'