Tá dhá chúrsa oiliúna do mhúinteoirí nua a thabhairt isteach a bheidh á reáchtáil i nGaeilge.
Dúirt príomhoifigeach cúnta sa Roinn Oideachais, Anne-Marie Ross, ag cruinniú de chuid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge an tseachtain seo go bhfuil na cúrsaí i nGaillimh agus i gCorcaigh “faofa” ag an Aire Oideachais Hildegarde Naughton.
Tá cúrsa dá leithéid ar fáil cheana féin in Ollscoil na Gaillimhe d’ábhair oidí atá ag iarraidh tabhairt faoi Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO) do mhúinteoirí meánscoile. Tá MGO do mhúinteoirí bunscoile agus cúrsa B.Oid ar fáil in Institiúid Marino, san institiúid chéanna. Is i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh atá an t-aon chúrsa iar-bhunmhúinteoireachta fochéime a dhéantar trí Ghaeilge sa stát.
Dúirt Ross go bhfuil faomhadh tugtha ag an Aire Naughton do “dhá chúrsa nua lán-Ghaeilge” agus go bhfuiltear ag fanacht ar scéala ón gComhairle Mhúinteoireachta sula gcuirfear ar fáil iad in Ollscoil na Gaillimhe agus i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.
“Tá roinnt cúrsaí lán-Ghaeilge ann, tá an MGO ann i nGaillimh, tá an cúrsa Gaeilge don MGO agus an B.Oid á reáchtáil ag Marino. Le déanaí, d’fhaomh an tAire dhá chúrsa nua a bheidh go hiomlán i nGaeilge ach creidiúnú na Comhairle Múinteoireachta a fháil.
“Ar ndóigh, ní féidir linn [an Roinn] teacht roimh an bpróiseas creidiúnaithe, ach bheidís sin ar siúl in Ollscoil na Gaillimhe agus i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus d’fhágfadh sé sin go mbeadh dhá chúrsa nua, lán-Ghaeilge, do bhunmhúinteoirí sa tír,” a dúirt sí.
Mhaígh Ross go raibh an Roinn ag súil go gcuirfeadh an dá chúrsa nua atá beartaithe le caighdeán múinte na Gaeilge i mbunscoileanna na hÉireann.
Bunaíodh an bhunchéim mhúinteoireachta in Institiúid Marino sa bhliain 2019 chun dul i ngleic leis an nganntanas bunmhúinteoirí atá oilte chun teagasc i scoileanna lán-Ghaeilge, idir scoileanna Gaeltachta agus Ghaelscoileanna. Beidh an ceathrú grúpa de mhúinteoirí bunscoile nuacháilithe a fuair a gcuid oiliúna trí Ghaeilge ag teacht as Marino i mbliana. Bhí 35 spás ar fáil ar an gcúrsa don chéad cheithre bliana ach cuireadh 30 spás eile leis sa bhliain 2023.
Fág freagra ar 'Dhá chúrsa nua sa mhúinteoireacht trí Ghaeilge le cur ar bun'